+Airteagal 11 4.

Airteagal 11 4.

Iontrálfaidh an tÚdarás sa bhunachar sonraí aon sonraí nó faisnéis is ábhartha chun críocha gníomhaíochtaí maoirseachta AML/CFT arna soláthar ag údaráis neamh-AML/CFT, ag údaráis agus comhlachtaí náisiúnta eile atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais Threoir 2008/48/CE, Threoir 2009/110/CE, Threoir 2009/138/CE, Threoir 2014/17/AE, Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Threoir 2014/56/AE, Threoir 2014/65/AE nó Threoir (AE) 2015/2366, nó ag ÚMEnna.

Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír cásanna ina bhfuil forais réasúnacha ag na húdaráis agus ag na comhlachtaí dá dtagraítear san fhomhír sin a bheith in amhras go bhfuiltear ag féachaint le ML/TF nó go bhfuiltear á dhéanamh nó go bhfuil riosca méadaithe ann ina leith i dtaca le heintiteas faoi oibleagáid, agus i gcás inar tháinig na forais réasúnacha sin chun cinn i gcomhthéacs fheidhmiú a gcúraimí faoi seach. Áireofar sa bhunachar sonraí chomh maith faisnéis ábhartha a fuair na húdaráis nó na comhlachtaí a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ( 10 ) lena n-áirítear BCE agus é ag gníomhú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, i gcomhthéacs maoirseachta leanúnaí, lena n-áirítear faisnéis maidir le measúnuithe ar shamhlacha gnó, measúnuithe ar shocruithe rialachais, nósanna imeachta údarúcháin, measúnuithe ar éadálacha sealúchas cáilitheach, measúnuithe ‘cuí córa’ agus nósanna imeachta a bhaineann le ceadúnais a tharraingt siar.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.