+Airteagal 12
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
---+Airteagal 12 8.

Airteagal 12

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Chun na cúraimí a liostaítear in Airteagal 5(2) a dhéanamh, déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le maoirseoirí airgeadais, measúnú tréimhsiúil ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, agus ar ghrúpaí institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, i gcás ina n-oibríonn siad, cibé acu trí bhunaíochtaí nó faoi shaoirse seirbhísí a sholáthar, i sé Bhallstát ar a laghad, lena n-áirítear an Ballstát baile, is cuma cé acu a dhéantar na gníomhaíochtaí trí bhonneagar ar an gcríoch lena mbaineann nó go cianda.
Airteagal 12 2.
Soláthróidh na húdaráis mhaoirseachta, agus na heintitis faoi oibleagáid atá faoi réir measúnú tréimhsiúil, aon fhaisnéis is gá don Údarás chun an measúnú tréimhsiúil dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.
Airteagal 12 3.
Déanfaidh an tÚdarás próifílí riosca bhunúsaigh agus iarmharaigh eintitis faoi oibleagáid a ndéantar measúnú air de bhun mhír 1 a aicmiú mar phróifílí ísle, meánacha, substaintiúla nó arda, bunaithe ar na tagarmharcanna agus de réir na modheolaíochta a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 5. I gcás inar cuid de ghrúpa institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais an t-eintiteas measúnaithe faoi oibleagáid, aicmeofar an phróifíl riosca ar leibhéal uile-ghrúpa.
Airteagal 12 4.

Bunófar an mhodheolaíocht chun na próifílí riosca bhunúsaigh agus iarmharaigh a aicmiú, ar leithligh ar a laghad le haghaidh na gcatagóirí eintiteas faoi oibleagáid seo a leanas:

(a) 

institiúidí creidmheasa;

(b) 

bureaux de change;

(c) 

gnóthais chomhinfheistíochta;

(d) 

soláthraithe creidmheasa seachas institiúidí creidmheasa;

(e) 

institiúidí ríomhairgid;

(f) 

gnólachtaí infheistíochta,

(g) 

institiúidí íocaíochta;

(h) 

gnóthais árachais saoil;

(i) 

idirghabhálaithe árachais saoil;

(j) 

soláthraithe seirbhíse cripteashócmhainní;

(k) 

institiúidí airgeadais eile.

Airteagal 12 5.

I gcás gach catagóire de na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 4, beidh na tagarmharcanna chun riosca bunúsach a mheasúnú sa mhodheolaíocht measúnúcháin bunaithe ar na catagóirí tosca riosca i ndáil le custaiméirí, táirgí, seirbhísí, idirbhearta, bealaí seachadta agus limistéir gheografacha. Bunófar na tagarmharcanna le haghaidh na dtáscairí riosca bhunúsaigh seo a leanas ar a laghad in aon Bhallstát ina n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid:

(a) 

i leith riosca a bhaineann le custaiméir: líon na gcustaiméirí neamhchónaitheacha ó thríú tíortha arna sainaithint de bhun Chaibidil III, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2024/1624 agus láithreacht agus líon na gcustaiméirí atá sainaitheanta mar dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil;

(b) 

i leith na dtáirgí agus na seirbhísí a thairgtear:

(i) 

tábhacht agus méid trádála na dtáirgí agus na seirbhísí atá sainaitheanta mar na cinn is leochailí i leith rioscaí ML/TF ar leibhéal an mhargaidh inmheánaigh sa mheasúnú riosca ar leibhéal an Aontais, nó ar leibhéal na tíre, sa mheasúnú riosca náisiúnta;

(ii) 

i gcás soláthraithe seirbhíse seoltán airgid, tábhacht na ngníomhaíochtaí bliantúla comhiomlána astaithe agus glactha atá ag gach seoltóir sna tíortha a shainaithnítear de bhun Chaibidil III, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2024/1624;

(iii) 

líon coibhneasta na dtáirgí, na seirbhísí agus na n-idirbheart a thugann leibhéal suntasach cosanta do phríobháideachas agus do chéannacht na gcliant nó foirm eile anaithnideachta;

(c) 

i leith limistéir gheografacha:

(i) 

méid bliantúil na seirbhísí baincéireachta comhfhreagraí agus na seirbhísí cripteashócmhainní comhfhreagracha, arna soláthar ag eintitis d’earnáil airgeadais an Aontais i dtríú tíortha arna sainaithint de bhun Chaibidil III, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2024/1624;

(ii) 

líon agus sciar na gcliant baincéireachta comhfhreagraí agus na gcliant cripteashócmhainní i dtríú tíortha a shainaithnítear de bhun Chaibidil III, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2024/1624.

Airteagal 12 6.
I gcás gach catagóire eintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 4, áireofar sa mheasúnú ar riosca iarmharach sa mhodheolaíocht measúnúcháin tagarmharcanna chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na mbeartas, na rialuithe agus na nósanna imeachta inmheánacha arna gcur i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid chun a riosca bunúsach a mhaolú.
Airteagal 12 7.

Forbróidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a) 

na gníomhaíochtaí íosta a bheidh le déanamh ag institiúid creidmheasa nó ag institiúid airgeadais faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, cibé acu trí bhonneagar nó go cianda, chun a mheas go bhfuil sí ag oibriú i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil sí bunaithe;

(b) 

an mhodheolaíocht atá bunaithe ar na tagarmharcanna dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 chun próifíl riosca bhunúsaigh agus iarmharaigh institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, nó grúpaí institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, a aicmiú mar íseal, meánach, substaintiúil nó ard.

Cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2026.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán seo.

Airteagal 12 8.
Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar na tagarmharcanna agus ar an modheolaíocht gach 3 bliana ar a laghad. I gcás ina gceanglófar leasuithe, cuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála leasaithe faoi bhráid an Choimisiúin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.