|
+IARSCRÍBHINN VIII FAISNÉIS ATÁ LE hÁIREAMH SA RÉAMHEOLAIRE EISIÚNA FÁIS AE LE hAGHAIDH URRÚS SEACHAS SCAIREANNA NÓ URRÚIS INAISTRITHE ATÁ COIBHÉISEACH LE SCAIREANNA I gCUIDEACHTAÍ |
IARSCRÍBHINN VIII FAISNÉIS ATÁ LE hÁIREAMH SA RÉAMHEOLAIRE EISIÚNA FÁIS AE LE hAGHAIDH URRÚS SEACHAS SCAIREANNA NÓ URRÚIS INAISTRITHE ATÁ COIBHÉISEACH LE SCAIREANNA I gCUIDEACHTAÍ
IARSCRÍBHINN VIII FAISNÉIS ATÁ LE hÁIREAMH SA RÉAMHEOLAIRE EISIÚNA FÁIS AE LE hAGHAIDH URRÚS SEACHAS SCAIREANNA NÓ URRÚIS INAISTRITHE ATÁ COIBHÉISEACH LE SCAIREANNA I gCUIDEACHTAÍ I. Achoimre Beidh achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(12a) sa réamheolaire eisiúna fáis AE. II. Faisnéis faoin eisitheoir An chuideachta a eisíonn na hurrúis a shainaithint, lena n-áirítear áit chlárúcháin an eisitheora, a huimhir chlárúcháin agus a haitheantóir eintitis dhlítheanaigh (“LEI”), a hainm dlíthiúil agus tráchtála, an reachtaíocht faoina n-oibríonn an t-eisitheoir, tír a corpraithe, seoladh, uimhir theileafóin a hoifige cláraithe (nó a príomháit ghnó murab ionann í agus a hoifig chláraithe) agus an suíomh gréasáin, más ann dó, agus séanadh á chur leis nach cuid den réamheolaire eisiúna fáis AE an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin mura ndéantar an fhaisnéis sin a chorprú trí thagairt sa réamheolaire eisiúna fáis AE. Aon teagmhas a tharla le déanaí a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus atá ábhartha a mhéid is ábhartha do mheastóireacht ar shócmhainneacht an eisitheora. I gcás inarb infheidhme, rátálacha creidmheasa arna sannadh don eisitheoir arna iarraidh sin dó nó le comhoibriú an eisitheora sa phróiseas rátála. III. Ráiteas freagrachta agus ráiteas faoin údarás inniúil A. Ráiteas freagrachta Na daoine atá freagrach as tarraingt suas an réamheolaire eisiúna fáis AE a shainaithint agus ráiteas ó na daoine sin a chur san áireamh ina ndeirtear, ar feadh a n-eolais féin, go bhfuil an fhaisnéis atá sa réamheolaire eisiúna fáis AE i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh sa réamheolaire fáis AE a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí. I gcás inarb infheidhme, ní mór faisnéis a bheith sa ráiteas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear foinse/foinsí na faisnéise sin, agus ráitis nó tuarascálacha a luaitear le duine mar shaineolaí agus na sonraí seo a leanas ón duine sin:
(i)
ainm;
(ii)
seoladh gnó;
(iii)
cáilíochtaí; agus
(iv)
leas ábhartha (más ann dó) san eisitheoir. B. Ráiteas faoin údarás inniúil Ní mór a léiriú sa ráiteas an t-údarás inniúil a d’fhormheas an réamheolaire eisiúna fáis AE, i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ní mór a shonrú ann nach formhuiniú de chuid an eisitheora ná ar cháilíocht na n-urrús lena mbaineann an réamheolaire eisiúna fáis AE é an formheas sin, nár fhormheas an t-údarás inniúil an réamheolaire eisiúna fáis AE ach amháin as caighdeáin na hiomláine, na sothuigtheachta agus na comhsheasmhachta a fhorchuirtear leis an Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aige, agus sonrófar ann gur tarraingíodh suas an réamheolaire eisiúna fáis AE i gcomhréir le hAirteagal 15a. IV. Tosca riosca Tuairisc a thabhairt ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus tuairisc ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis na hurrúis atá á dtairiscint don phobal, i roinn dar teideal “Tosca Riosca”. Comhthacófar na rioscaí le hinneachar an réamheolaire eisiúna fáis AE. V. Straitéis fáis agus forbhreathnú gnó Tuairisc ghairid ar straitéis ghnó an eisitheora, lena n-áirítear acmhainneacht fáis. Tuairisc ar phríomhghníomhaíochtaí an eisitheora, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(i)
príomhchatagóirí na dtáirgí a dhíoltar agus/nó na seirbhísí a dhéantar;
(ii)
léiriú ar aon táirge, seirbhís nó gníomhaíocht nua shuntasach;
(iii)
na príomh-mhargaí ina mbíonn an t-eisitheoir san iomaíocht. VI. Struchtúr eagraíochtúil Más cuid de ghrúpa é an t-eisitheoir agus mura gcumhdaítear é in áit eile sa réamheolaire eisiúna fáis AE agus a mhéid is gá chun tuiscint a chur ar ghnó an eisitheora ina iomláine, léaráid den struchtúr eagraíochtúil. VII. Rialachas corparáideach Tuairisc ghairid a sholáthar ar chleachtais an bhoird agus ar rialachas. Ainmneacha, seoltaí gnó agus feidhmeanna laistigh den eisitheoir de chuid na ndaoine seo a leanas a sholáthar mar aon le léiriú ar na príomhghníomhaíochtaí a dhéanann siad lasmuigh den eisitheoir sin i gcás ina bhfuil siad suntasach i leith an eisitheora sin:
(i)
comhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus/nó maoirseachta;
(ii)
comhpháirtithe a bhfuil dliteanas neamhtheoranta acu, i gcás comhpháirtíocht theoranta le scairchaipiteal. VIII. Faisnéis airgeadais Na ráitis airgeadais (bliantúil agus leathbhliantúil) a foilsíodh thar an tréimhse 12 mhí sula bhformheasfar an réamheolaire eisiúna fáis AE. I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní mór na ráitis bhliantúla agus iad sin amháin a cheangal i gcás ina bhfoilsítear iad tar éis na ráiteas airgeadais leathbhliantúil. Ní mór iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla. Ní mór an tuarascáil iniúchóireachta a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014. I gcás nach bhfuil feidhm ag Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, ní mór iniúchóireacht a dhéanamh ar ráitis airgeadais bhliantúla nó iad a thuairisciú i dtaobh cé acu, chun críocha an réamheolaire eisiúna fáis AE, a thugann siad léargas fírinneach cothrom i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta is infheidhme i mBallstát nó caighdeán coibhéiseach nó nach dtugann. Murach sin, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh sa réamheolaire eisiúna fáis AE:
(i)
ráiteas soiléir ina nochtar cé na caighdeáin iniúchóireachta atá curtha i bhfeidhm;
(ii)
míniú ar aon imeacht suntasach ó na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta. I gcás ina bhfuil tuarascálacha iniúchóireachta ar ráitis airgeadais bhliantúla diúltaithe ag na hiniúchóirí reachtúla nó i gcás ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an fáth a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, modhnuithe, séantaí nó béim ar ábhar a atáirgeadh ina n-iomláine. Ina theannta sin, ní mór a chur san áireamh tuairisc ar aon athrú mór ar riocht airgeadais an ghrúpa atá tarlaithe ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí ar ina leith a foilsíodh ráitis airgeadais iniúchta nó faisnéis airgeadais eatramhach, nó ní mór a chur san áireamh ráiteas airgeadais diúltach iomchuí. IX. Sonraí a bhaineann leis an tairiscint nó leis an ligean isteach chun trádála Praghas na tairisceana, líon na n-urrús a thairgtear, méid na heisiúna nó méid na tairisceana agus na coinníollacha a bhfuil an tairiscint faoina réir a leagan amach. Mura bhfuil an méid socraithe, léiriú ar uasmhéid na n-urrús atá le tairiscint (má tá siad ar fáil) agus tuairisc ar na socruithe agus an tréimhse ama chun méid cinntitheach na tairisceana a fhógairt don phobal. Faisnéis a sholáthar maidir leis an áit a bhféadfaidh infheisteoirí suibscríobh le haghaidh na n-urrús, fad thréimhse na tairisceana, lena n-áirítear aon leasú féideartha air agus tuairisc ar an bpróiseas iarratais mar aon le dáta eisiúna na n-urrús nua. Ainm agus seoladh na n-eintiteas a chomhaontaíonn an eisiúint a fhrithghealladh ar bhonn gealltanais dhaingin, agus ainm agus seoladh na n-eintiteas a chomhaontaíonn an eisiúint a láirithiú gan gealltanas daingean nó faoi shocruithe “seandíchill”. Léiriú ar ghnéithe ábhartha na gcomhaontuithe, lena n-áirítear na cuótaí. I gcás nach bhfuil an eisiúint go léir frithgheallta, ráiteas ar an gcuid nach bhfuil clúdaithe. Léiriú ar mhéid foriomlán an choimisiúin frithgheallta agus ar an gcoimisiún láithrithe. I gcás inarb infheidhme, an Margadhmargadh fáis FBManna nó MTF ina bhfuil na hurrúis le ligean isteach chun a dtrádála agus, más eol, na dátaí is luaithe ar a ligfear na hurrúis isteach chun a dtrádála a léiriú. Mionsonraí faoi aon eintiteas a thugann gealltanas daingean gníomhú mar idirghabhálaithe i dtrádáil thánaisteach, agus leachtacht á soláthar trí rátaí tairisceana agus ofrála agus tuairisc ar phríomhthéarmaí a ngealltanais. X. Faisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na hurrúis Is é is cuspóir don roinn seo a fhoráil go n-áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na hurrúis:
(i)
an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN);
(ii)
na cearta a ghabhann leis na hurrúis, an nós imeachta maidir leis na cearta sin a fheidhmiú agus aon teorainn ar na cearta sin;
(iii)
an praghas ag a dtairgfear na hurrúis nó, murab eol an praghas, léiriú ar an bpraghas uasta nó tuairisc ar an modh chun an praghas a chinneadh, de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo agus an phróisis chun é a nochtadh;
(iv)
faisnéis a bhaineann le hús iníoctha nó tuairisc ar an ionstraim fholuiteach, lena n-áirítear an modh a úsáidtear chun nasc a dhéanamh idir an ionstraim fholuiteach agus an ráta, agus léiriú ar an áit ar féidir faisnéis a fháil faoi fheidhmíocht na hionstraime foluití roimhe seo agus amach anseo agus faoina luaineacht;
(v)
tuairisc ar chineál, ar aicme agus ar mhéid na n-urrús atá á dtairiscint don phobal;
(vi)
rabhadh a thabhairt go bhféadfadh reachtaíocht chánach Bhallstát an infheisteora agus thír corpraithe an eisitheora tionchar a imirt ar an ioncam a fhaightear ó na hurrúis.
(vii)
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na hurrúis fholuiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, eisitheoir na n-urrús foluiteach. XI. Cúiseanna leis an tairiscint, úsáid fáltas agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le ESG Faisnéis a sholáthar maidir leis na cúiseanna atá leis an tairiscint agus, i gcás inarb infheidhme, glanmhéid measta na bhfáltas arna mbriseadh i ngach príomhúsáid bheartaithe agus arna gcur i láthair in ord tosaíochta na n-úsáidí sin. I gcás inarb eol don eisitheoir nach leordhóthanach a bheidh na fáltais a bhfuiltear ag súil leo chun na húsáidí beartaithe uile a chistiú, ní mór dó líon agus foinsí na gcistí eile atá ag teastáil a lua. Ina theannta sin, ní mór sonraí a thabhairt maidir le húsáid na bhfáltas, go háirithe i gcás ina bhfuil fáltais á n-úsáid chun sócmhainní a fháil, seachas i ngnáthchúrsa gnó, chun éadálacha fógartha gnó eile a mhaoiniú, nó chun féichiúnas a urscaoileadh, a laghdú nó a aistarraingt. I gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le ESG i gcomhréir leis an sceideal mar a shonraítear a thuilleadh sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (g), á gcur san áireamh. XII. Coinbhleachtaí leasa Faisnéis a sholáthar faoi aon leas a bhaineann leis an eisiúint, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa, agus mionsonraí na ndaoine lena mbaineann agus cineál na leasanna. XIII. Na doiciméid atá ar fáil Ráiteas gur féidir cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme, ar feadh théarma an réamheolaire eisiúna fáis AE:
(i)
meabhrán cothrom le dáta agus airteagail chomhlachais chothrom le dáta an eisitheora;
(ii)
gach tuarascáil, litir, agus doiciméad, luacháil agus ráiteas eile arna n-ullmhú ag saineolaí arna iarraidh sin ag an eisitheoir, a bhfuil aon chuid díobh san áireamh nó a ndéantar tagairt dóibh sa réamheolaire eisiúna fáis AE. Léiriú ar an suíomh gréasáin ina bhféadfar cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|