+IARSCRÍBHINN X Treoracha maidir le faisnéis maidir le maolán caipitil frith-thimthriallach a nochtadh
|
IARSCRÍBHINN X Treoracha maidir le faisnéis maidir le maolán caipitil frith-thimthriallach a nochtadh
IARSCRÍBHINN X
Treoracha maidir le faisnéis maidir le maolán caipitil frith-thimthriallach a nochtadh
Teimpléad EU CCyB1 – Dáileadh geografach na risíochtaí creidmheasa atá ábhartha chun an maolán caipitil frith-thimthriallach a ríomh. Formáid sheasta le haghaidh colún, formáid sholúbtha le haghaidh rónna.
1. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 440 de Rialachán (AE) 575/2013 (
10
) (“CRR”) trí na treoracha a fhoráiltear thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun teimpléad EU CCyB1 a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a líonadh.
2. Tá raon feidhme teimpléad EU CyB1 teoranta do risíochtaí creidmheasa atá ábhartha chun CCyB a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 140(4) de Threoir (AE) 2013/36 (
11
) (“CRD”).
|
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha
|
|
Uimhir an ró
|
Míniú
|
|
010-01X
|
Miondealú de réir tíre
Liosta tíortha ina bhfuil risíochtaí creidmheasa ag an institiúid atá ábhartha chun an maolán frith-thimthriallach atá sainiúil don institiúid a ríomh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 1152/2014 (1) ón gCoimisiún
Féadfaidh líon na rónna a bheith éagsúil ag brath ar líon na dtíortha ina bhfuil risíochtaí creidmheasa ag an institiúid atá ábhartha chun an maolán frith-thimthriallach a ríomh. Uimhreoidh institiúidí na rónna do gach tír i ndiaidh a chéile, ag tosú le 010.
I gcomhréir le Rialachán tarmligthe (AE) 1152/2014 ón gCoimisiún, má tá risíochtaí sa leabhar trádála nó risíochtaí creidmheasa eachtracha institiúide níos lú ná 2 % dá risíochtaí comhiomlána atá ualaithe ó thaobh priacal, féadfaidh an institiúid rogha a dhéanamh na risíochtaí sin a leithdháileadh ar áit na hinstitiúide (i.e. Ballstát baile na hinstitiúide). Má áirítear risíochtaí ó thíortha eile ar na risíochtaí don áit institiúide, déanfar iad a shainaithint go soiléir i bhfonóta a ghabhann leis an teimpléad don nochtadh.
|
|
020
|
Iomlán
An luach mar a thuairiscítear i gcomhréir leis an míniú ar cholúin a go m den teimpléad reatha.
|
(1)
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 1152/2014 ÓN gCOIMISIÚN an 4 Meitheamh 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le suíomh geografach na risíochtaí creidmheasa ábhartha a shainaithint chun rátaí maolán caipitil frith-thimthriallach atá sainiúil don institiúid a ríomh (IO L 309, 30.10.2014, lch. 5).
|
|
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha
|
|
Uimhir cholúin
|
Míniú
|
|
a
|
Luach risíochta na risíochtaí creidmheasa ginearálta faoin gcur chuige caighdeánaithe
Luach risíochta risíochtaí creidmheasa ábhartha arna chinneadh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 140(4) de CRD, agus le hAirteagal 111 de CRR
Ní áireofar luach risíochta risíochtaí creidmheasa ábhartha arna chinneadh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 140(4) de CRD, mar aon le pointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 248 de CRR anseo ach in e den teimpléad sin.
Déanfar miondealú geografach i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 1152/2014 ón gCoimisiún.
Ró 020 (Iomlán): Cinnfear suim na risíochtaí creidmheasa ábhartha go léir i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 140(4) de CRD, agus le hAirteagal 111 de CRR.
|
|
b
|
Luach risíochta risíochtaí creidmheasa ginearálta faoin gcur chuige bunaithe ar rátálacha inmheánacha
Luach risíochta risíochtaí creidmheasa ábhartha arna chinneadh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 140(4) de CRD, Airteagal 166, Airteagal 167 agus Airteagal 168 de CRR
Ní áireofar luach risíochta risíochtaí creidmheasa ábhartha arna chinneadh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 140(4) de CRD, pointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 248 de CRR anseo ach i gcolún e den teimpléad sin.
Déanfar miondealú geografach i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 1152/2014 ón gCoimisiún.
Ró 020 (Iomlán): Cinnfear suim na risíochtaí creidmheasa ábhartha uile i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 140(4) de CRD, Airteagal 166, Airteagal 167 agus Airteagal 168 de CRR.
|
|
c
|
Suim na suíomhanna fada agus gearra de risíochtaí leabhair trádála le haghaidh cur chuige caighdeánaithe
Suim na suíomhanna fada agus gearra de risíochtaí creidmheasa ábhartha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 140(4) de CRD, arna ríomh mar shuim na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 327 de CRR
Déanfar miondealú geografach i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 1152/2014 ón gCoimisiún.
Ró 020 (Iomlán): Déanfar suim gach suíomh fada agus gearr de risíochtaí creidmheasa ábhartha a chinneadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 140(4) de CRD, arna ríomh mar shuim na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 327 de CRR.
|
|
d
|
Luach risíochtaí leabhair trádála maidir le samhlacha inmheánacha
Suim den mhéid seo a leanas:
— Luach cóir na suíomhanna airgid thirim arb ionann é agus risíochtaí creidmheasa ábhartha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 140(4) de CRD, agus Airteagal 104 de CRR;
— Luach barúlach na ndíorthach arb ionann é agus risíochtaí creidmheasa ábhartha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 140(4) de CRD.
Déanfar miondealú geografach i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 1152/2014 ón gCoimisiún.
Ró 020 (Iomlán): Cinnfear suim luacha chóir na suíomhanna airgid go léir arb ionann í agus risíochtaí creidmheasa ábhartha i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 140(4) de CRD, agus le hAirteagal 104 de CRR, agus cinnfear suim luach barúlach na ndíorthach uile arb ionann é agus risíochtaí creidmheasa ábhartha i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 140(4) de CRD.
|
|
e
|
Luach risíochta risíochtaí ar urrúsú maidir le leabhar neamhthrádála
Luach risíochta risíochtaí creidmheasa ábhartha arna chinneadh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 140(4) de CRD, pointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 248 CRR
Déanfar miondealú geografach i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 1152/2014 ón gCoimisiún.
Ró 020 (Iomlán): Cinnfear suim na risíochtaí creidmheasa ábhartha go léir i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 140(4) de CRD, agus le pointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 248 CRR.
|
|
f
|
Luach iomlán na risíochta
Suim na méideanna i gcolúin a, b, c, d agus e den teimpléad seo
Ró 020 (Iomlán): Cinnfear suim na risíochtaí creidmheasa ábhartha go léir i gcomhréir le hAirteagal 140(4) de CRD.
|
|
g
|
Ceanglais cistí dílse – Risíochtaí ábhartha ar phriacal creidmheasa – Priacal creidmheasa
Ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí creidmheasa ábhartha sa tír atá i gceist, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 140(4) de CRD, agus Teideal II de Chuid a Trí de CRR, agus aird á tabhairt ar na ceanglais cistí dílse a bhaineann le haon choigeartuithe a bhaineann go sonrach le tír ar leith ar ualaí priacail a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 458 de CRR
Ró 020 (Iomlán): Cinnfear suim na gceanglas cistí dílse uile le haghaidh risíochtaí creidmheasa ábhartha i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 140(4) de CRD, agus le Teideal II de Chuid a Trí de CRR.
|
|
h
|
Ceanglais cistí dílse – Risíochtaí ábhartha ar chreidmheas – priacal margaidh
Ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí creidmheasa ábhartha sa tír atá i gceist, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 140(4) de CRD, agus le Caibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR i gcás priacail shonraigh, nó i gcomhréir le Caibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR le haghaidh priacal incriminteach mainneachtana agus imirce
Ró 020 (Iomlán): Cinnfear suim na gceanglas cistí dílse uile le haghaidh risíochtaí creidmheasa ábhartha i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 140(4) de CRD, agus le Caibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR i gcás priacail shonraigh nó le Caibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR i gcás priacail incrimintigh mainneachtana agus imirce.
|
|
i
|
Ceanglais cistí dílse – Risíochtaí ábhartha ar chreidmheas – Suíomhanna urrúsúcháin sa leabhar neamhthrádála
Ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí creidmheasa ábhartha sa tír atá i gceist, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 140(4) de CRD, agus Caibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR
Ró 020 (Iomlán): Cinnfear suim na gceanglas cistí dílse uile le haghaidh risíochtaí creidmheasa ábhartha i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 140(4) de CRD, agus le Caibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí de CRR.
|
|
j
|
Ceanglais cistí dílse – Iomlán
Suim na méideanna i gcolúin g, h agus i den teimpléad seo
Ró 020 (Iomlán): Cinnfear suim na gceanglas cistí dílse uile le haghaidh risíochtaí creidmheasa ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 140(4) de CRD.
|
|
k
|
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí creidmheasa ábhartha, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 140(4) CRD, miondealaithe de réir tíre agus aon choigeartuithe tír-shonracha ar ualuithe priacal a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 458 CRR á gcur san áireamh
Ró 020 (Iomlán): Cinnfear suim na méideanna risíochta uile atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí creidmheasa ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 140(4) de CRD.
|
|
l
|
Ualuithe na gceanglas cistí dílse (%)
An t-ualú a chuirtear i bhfeidhm ar an ráta maolán frith-thimthriallach i ngach tír, arna ríomh mar iomlán na gceanglas cistí dílse a bhaineann leis na risíochtaí creidmheasa ábhartha sa tír atá i gceist (ró 01X, colún j den teimpléad seo), arna roinnt ar iomlán na gceanglas cistí dílse a bhaineann le gach risíocht creidmheasa atá ábhartha chun an maolán frith-thimthriallach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 140(4) de CRD (ró 020, colún j den teimpléad seo)
Nochtfar an luach seo mar chéatadán le 2 phointe dheachúla.
|
|
m
|
Ráta maoláin caipitil frith-thimthriallach (%)
Ráta maoláin caipitil frith-thimthriallach is infheidhme sa tír atá i gceist, agus a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagail 136, 137, 138 agus 139 de CRD
Ní áireofar sa cholún seo rátaí maolán frith-thimthriallacha a socraíodh, ach nach bhfuil infheidhme fós tráth a ríomhtar an maolán caipitil frith-thimthriallach atá sainiúil don institiúid a bhaineann leis an nochtadh.
Nochtar an luach seo mar chéatadán leis an líon céanna pointí deachúla agus atá socraithe i gcomhréir le hAirteagail 136, 137, 138 agus 139 de CRD.
|
Teimpléad EU CCyB2 – Méid an mhaoláin caipitil fhrith-thimthriallaigh atá sainiúil don institiúid
3. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 440 de CRR trí na treoracha a fhoráiltear thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun teimpléad EU CCyB2 a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a líonadh.
|
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha
|
|
Uimhir an ró
|
Míniú
|
|
1
|
Méid iomlán na risíochta ar phriacal
Méid iomlán na risíochta ar phriacal a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de CRR
|
|
2
|
Ráta an mhaoláin caipitil frith-thimthriallach atá sainiúil don institiúid (%)
Ráta an mhaoláin caipitil frith-thimthriallach atá sainiúil don institiúid, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 140(1) de CRD
Déantar ráta an mhaoláin caipitil frith-thimthriallach atá sainiúil don institiúid a ríomh mar mheán ualaithe na rátaí maolán frith-thimthriallacha a bhfuil feidhm acu sna tíortha ina bhfuil risíochtaí creidmheasa ábhartha na hinstitiúide lonnaithe i sraitheanna 010.1 go 010.X de cholún m den teimpléad EU CCyB1.
Is é an t-ualú a chuirtear i bhfeidhm ar an ráta maolán frith-thimthriallach i ngach tír an sciar de na ceanglais cistí san iomlán ar cheanglais cistí dílse, agus is i dteimpléad EU CCyB1 colún l atá sé.
Nochtar an luach seo mar chéatadán le 2 phointe dheachúil.
|
|
3
|
Ceanglas maoláin chaipitil frith-thimthriallach atá sainiúil don institiúid
Ceanglas maoláin chaipitil frith-thimthriallach atá sainiúil don institiúid, arna ríomh mar an ráta maoláin frith-thimthriallach atá sainiúil don institiúid, mar a nochtar i ró 2 den teimpléad sin, ceanglas a chuirtear i bhfeidhm ar mhéid iomlán na risíochta ar phriacal mar a nochtar é i ró 1 den teimpléad sin.
|
|
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha
|
|
Uimhir cholúin
|
Míniú
|
|
a
|
An luach mar a thuairiscítear i gcomhréir leis an míniú ar róeanna 1 go 3 den teimpléad atá ann faoi láthair.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0637
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|