+Airteagal 13 Toirmisc a chur chun feidhme i gcoinne droch-úsáide margaidh
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
---+Airteagal 13 7.
---+Airteagal 13 8.
---+Airteagal 13 9.
---+Airteagal 13 10.
---+Airteagal 13 11.
---+Airteagal 13 12.
|
Airteagal 13 Toirmisc a chur chun feidhme i gcoinne droch-úsáide margaidh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go bhforfheidhmeofar agus go gcomhlíonfar na toirmisc a leagtar síos in Airteagail 3 agus 5 agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 4, 7c, 8, 9 agus 15. Beidh údaráis rialála náisiúnta inniúil chun imscrúdú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí go léir a dhéantar ar a margaí mórdhíola fuinnimh náisiúnta agus chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, gan beann ar an áit a bhfuil an rannpháirtí margaidh a bhfuil na gníomhaíochtaí sin á ndéanamh aige cláraithe ná faoi oibleagáid a bheith cláraithe de bhun Airteagal 9(1). Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin is gá ag a údarás rialála náisiúnta chun na feidhmeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a fheidhmiú. Feidhmeofar na cumhachtaí sin ar bhealach comhréireach. Féadfar na cumhachtaí sin a fheidhmiú:
(b)
i gcomhar le húdaráis eile;
(c)
trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta inniúla; nó
(d)
ar mholadh ón nGníomhaireacht.
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a gcumhachtaí imscrúdúcháin a fheidhmiú i gcomhar le hionaid mhargaidh eagraithe, le córais meaitseála trádála nó le daoine eile a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 8(4), pointe (d).
|
|
Airteagal 13 2.
|
Beidh na cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1 teoranta d’aidhm an imscrúdaithe. Feidhmeofar na cumhachtaí sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus áireofar iontu an ceart chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
rochtain a fháil ar aon doiciméad ábhartha in aon fhoirm, agus cóip de a fháil;
(b)
faisnéis a éileamh ó aon duine ábhartha, lena n-áirítear iad sin a bhfuil baint comhleanúnach acu le tarchur orduithe nó le seoladh na n-oibríochtaí lena mbaineann, chomh maith lena gcuid príomhaithe, agus más gá, an ceart chun duine nó príomhaí den sórt sin a thoghairm agus a éisteacht;
(c)
cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh;
(d)
taifid theileafóin atá ann cheana agus taifid de shreabhadh sonraí atá ann cheana a éileamh;
(e)
a éileamh go scoirfear d’aon chleachtas atá contrártha don Rialachán seo nó do na gníomhartha tarmligthe nó do na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn;
(f)
a iarraidh ar chúirt sócmhainní a chalcadh nó a fhorlámhú;
(g)
a iarraidh ar chúirt nó ar aon údarás inniúil toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Chun sáruithe ar an Rialachán seo a chomhrac, chun tacú le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin na n-údarás rialála náisiúnta agus chun iad a chomhlánú, agus chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo ar fud an Aontais, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar gníomhach leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, imscrúduithe a dhéanamh trí na cumhachtaí a thugtar di le hAirteagal 13a, 13b agus 13c, agus i gcomhréir leo, a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 13 4.
|
In am trátha sula bhfeidhmeoidh sí na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 3 laistigh de dhlínse Ballstáit ina ndéantar na gníomhaíochtaí a bhfuil drochamhras réasúnach ar an nGníomhaireacht ina leith go bhfuil an Rialachán seo á shárú acu, cuirfidh an Ghníomhaireacht an méid sin ar an eolas don údarás rialála náisiúnta agus d’údaráis eile lena mbaineann sa Bhallstát sin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú sa dlínse sin, ach amháin má dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta agóid ar na forais seo a leanas:
(a)
tá imscrúdú oscailte go foirmiúil nó á dhéanamh aici ar na fíorais chéanna; nó
(b)
tá imscrúdú déanta aici ar na fíorais chéanna agus chinn sí gurb ann nó nach ann do shárú.
Féadfaidh an Ghníomhaireacht leanúint dá cumhachtaí a fheidhmiú sna dlínsí atá fágtha de chuid na n-údarás rialála náisiúnta sin nach bhfuil agóid déanta acu de bhun na chéad fhomhír, pointe (a). Ní fheidhmeoidh an Ghníomhaireacht a cuid cumhachtaí má rinneadh imscrúdú ar na fíorais chéanna cheana féin agus má thángthas ar an gconclúid gurb ann nó nach ann do shárú. Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin agóid uaidh laistigh de 3 mhí tar éis dó a bheith curtha ar an eolas de bhun na chéad fhomhíre. I gcásanna den sórt sin, comhoibreoidh an t-údarás rialála náisiúnta leis an nGníomhaireacht, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
faisnéis agus torthaí is ábhartha don Ghníomhaireacht chun a cumhachtaí faoi mhír 3 a fheidhmiú i ndlínsí ábhartha eile lena mbaineann a chomhroinnt léi; agus
(b)
a bheith rannpháirteach, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, i ngrúpa imscrúdúcháin a bhunaítear de bhun Airteagal 16(4), pointe (c).
Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas faoi bhunú an ghrúpa imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do cheann de na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann, féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach, mar bhreathnóir, sa ghrúpa imscrúdúcháin sin.
|
|
Airteagal 13 5.
|
Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go ndéanfar na toirmisc a leagtar amach in Airteagail 3 agus 5 a fhorfheidhmiú sna cásanna seo a leanas:
(a)
tá nó bhí gníomhaíochtaí á ndéanamh ar tháirgí mórdhíola fuinnimh lena seachadadh in dhá Bhallstát ar a laghad;
(b)
ní dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta inniúil, gan dochar do na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 16(5), na bearta is gá a luaithe is féidir chun an iarraidh ón nGníomhaireacht de bhun Airteagal 16(4), pointe (b), a chomhlíonadh, i gcás inarb ann do thionchar trasteorann;
(c)
gan dochar do mhír 4, iarrann an t-údarás rialála náisiúnta ar an nGníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann acu, fiú mura dtagann siad faoi raon feidhme phointe (a) nó (b) den mhír seo.
|
|
Airteagal 13 6.
|
Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4 i gcás inar dócha go ndéanfaidh an fhaisnéis cos istigh ábhartha difear suntasach do phraghsanna táirgí mórdhíola fuinnimh lena seachadadh in dhá Bhallstát ar a laghad.
|
|
Airteagal 13 7.
|
Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 8 sna cásanna seo a leanas:
(a)
déanann sárú amhrasta difear don fhaireachán, dá dtagraítear in Airteagal 7, a dhéanann an Ghníomhaireacht ar ghníomhaíocht trádála i dtáirgí mórdhíola fuinnimh in dhá Bhallstát ar a laghad; nó
(b)
déanann sárú amhrasta difear do cháilíocht na comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 10 in dhá Bhallstát ar a laghad.
|
|
Airteagal 13 8.
|
Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cumhachtaí a fheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 15 i gcás ina bhfuil idirbhearta á socrú nó á bhforghníomhú go gairmiúil ag na daoine dá dtagraítear san Airteagal sin maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh lena seachadadh in dhá Bhallstát ar a laghad.
|
|
Airteagal 13 9.
|
Agus a cumhachtaí á bhfeidhmiú aici de bhun mhíreanna 5 go 8, féadfaidh an Ghníomhaireacht tosaíocht a thabhairt do na cásanna ag a bhfuil an tionchar trasteorann is suntasaí. Chun na críche sin, bunóidh an Ghníomhaireacht na critéir chun na cásanna ag a bhfuil an tionchar trasteorann is suntasaí a shainaithint, tar éis di dul i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta agus i gcomhar leo.
|
|
Airteagal 13 10.
|
Chun a shuíomh an bhfuil na coinníollacha maidir le feidhmiú chumhachtaí na Gníomhaireachta a leagtar amach i mír 5, pointí (a) agus (b), agus míreanna 6, 7 agus 8 á gcomhlíonadh, measfar gur seachadadh in aon Bhallstát amháin seachadadh táirgí mórdhíola fuinnimh laistigh de chrios tairisceana nó laistigh de chrios cothromúcháin a chuimsíonn críoch dhá Bhallstát ar a laghad. Ní dochar an mhír seo don fhéidearthacht atá ag údarás rialála náisiúnta lena mbaineann iarraidh a thíolacadh de bhun mhír 5, pointe (c), nó agóid a dhéanamh de bhun mhír 4.
|
|
Airteagal 13 11.
|
Tar éis don Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí a rinne sí chun a cumhachtaí a fheidhmiú de bhun mhíreanna 5 go 8 a thabhairt chun críche, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil imscrúdúcháin a tharraingt suas ina leagtar amach na torthaí ón nGníomhaireacht. Áireofar sa tuarascáil imscrúdúcháin freisin an fhianaise uile ar ar bunaíodh na torthaí. Má mheasann an Ghníomhaireacht sa tuarascáil imscrúdúcháin gur sáraíodh an Rialachán seo, cuirfidh sí údaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena mbaineann ar an eolas dá réir agus éileoidh sí go ndéanfaidh siad na bearta is gá, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 18. Sa tuarascáil imscrúdúcháin, féadfaidh an Ghníomhaireacht freisin bearta leantacha áirithe a mholadh do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, agus, i gcás inar gá, an Coimisiún a chur ar an eolas. Laistigh de 3 mhí tar éis an tuarascáil imscrúdúcháin a fháil, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha in iúl don Ghníomhaireacht agus, i gcás inar gá, don Choimisiún cé na bearta a mheasann siad is gá a dhéanamh.
|
|
Airteagal 13 12.
|
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar bhonn tráthrialta agus i gcás ar bith uair sa bhliain ar a laghad, achoimrí de na tuarascálacha atá tarraingthe suas aici, i bhfoirm chomhiomlánaithe agus anaithnidithe, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déileálfar le achoimrí den sórt sin agus lena n-inneachar mar achoimrí rúnda.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R1227
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|