|
+IARSCRÍBHINN I GNÍOMHAÍOCHTAÍ |
IARSCRÍBHINN I GNÍOMHAÍOCHTAÍ
IARSCRÍBHINN I GNÍOMHAÍOCHTAÍ Tuairisc theicniúil ar an gClár: raon feidhme na ngníomhaíochtaí Cuirfear gníomhaíochtaí tosaigh an Chláir agus, i gcás inarb iomchuí, bearta an Chláir ina dhiaidh sin chun feidhme i gcomhréir leis an tuaraisc theicniúil seo a leanas: Cuspóir Sonrach 1 - An Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta Leis an gClár, cuirfear an straitéis Eorpach maidir le HPC chun feidhme trí thacú le héiceachóras iomlán de chuid an Aontais lena soláthraítear na cumais HPC agus sonraí riachtanacha chun go mbeidh an Eoraip iomaíoch ar an leibhéal domhanda. Is é is aidhm don straitéis bonneagar HPC agus sonraí den chéad scoth a chur chun úsáide ag a mbeidh cumais eicsea-scála idir 2022 agus 2023, agus ag a mbeidh saoráidí iar-eicsea-scála idir 2026 agus 2027 chun soláthar neamhspleách iomaíoch i dtaca le teicneolaíocht HPC dá chuid féin a chur ar fáil don Aontas, barr feabhais a bhaint amach maidir le feidhmchláir HPC agus infhaighteacht agus úsáid HPC a leathnú. Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:
1.
Creat soláthair chomhpháirtigh lena gcumasaítear cur chuige comhdhearaidh le haghaidh líonra comhtháite HPC den chéad scoth a fháil, lena n-áirítear bonneagar sár-ríomhaireachta eicsea-scála agus sonraí a fháil. Beidh rochtain éasca ar an líonra sin ag úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, go háirithe ag FBManna, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad lonnaithe, agus beidh siad inrochtana go héasca chun críoch taighde, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1488.
2.
Creat soláthair chomhpháirtigh chun bonneagar sár-ríomhaireachta iar-eicsea-scála a fháil, lena n-áirítear an comhtháthú le teicneolaíochtaí ríomhaireachta candamaí.
3.
Comhordú agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar leibhéal an Aontais chun tacú le bonneagar den sórt sin a fhorbairt, a sholáthar agus a oibriú.
4.
Acmhainneachtaí HPC agus sonraí na mBallstát a líonrú agus tacaíocht do na Ballstáit ar mian leo acmhainneachtaí HPC a uasghrádú nó acmhainneachtaí HPC nua a fháil.
5.
Lárionaid inniúlachtaí náisiúnta Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta a líonrú, ceann amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit agus iad bainteach lena lárionaid sár-ríomhaireachta náisiúnta chun seirbhísí HPC a chur ar fáil don earnáil tionsclaíochta, go háirithe FBManna, don lucht léinn agus don lucht riaracháin phoiblí.
6.
Teicneolaíocht oibríochtúil atá réidh le húsáid a chur chun úsáide, go háirithe an tsár-ríomhaireacht mar sheirbhís a eascraíonn ó thaighde agus nuálaíocht chun éiceachóras HPC comhtháite Eorpach a thógáil, lena gcuimsítear gach deighleog sa slabhra luacha eolaíoch agus tionsclaíoch (crua-earraí, bogearraí, feidhmchláir, seirbhísí, idirnaisc agus ardscileanna digiteacha). Cuspóir Sonrach 2 - An Intleacht Shaorga Leis an gClár, méadófar agus neartófar croí-acmhainneachtaí IS san Eoraip, lena n-áirítear acmhainní sonraí agus stórtha algartam, agus cuirfear rochtain orthu ar fáil do gach lucht riarachán poiblí agus gnólachtaí, agus déanfar saoráidí tástála agus turgnamhaíochta IS nuabhunaithe agus atá ann cheana sna Ballstáit a threisiú agus a líonrú. Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:
1.
Spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a chruthú lena gcuirfear rochtain ar shonraí ar fáil ar fud na hEorpa, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú ó athúsáid faisnéise as an earnáil phoiblí, agus a bheidh ina bhfoinse ionchurtha sonraí le haghaidh réitigh IS. Ba cheart na spásanna a bheith oscailte don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach. Chun an úsáid a mhéadú, tá sonraí laistigh de spás le bheith idir-inoibritheach, go háirithe trí fhormáidí sonraí atá oscailte, inléite ag meaisíní, caighdeánaithe agus doiciméadaithe, maidir leis na hidirghníomhaíochtaí idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach araon, laistigh d’earnálacha agus trasna earnálacha (idir-inoibritheacht shéimeantach).
2.
Leabharlanna algartaim coiteanna Eorpacha nó comhéadain leabharlanna algartaim choiteanna Eorpacha a cheapadh a bheadh so-inrochtana d’úsáideoirí Eorpacha ionchasacha ar bhonn téarmaí córa réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha. Tá gnólachtaí agus an earnáil phoiblí le bheith in ann cibé réiteach is fearr a d’oirfeadh dá riachtanais a aithint agus a fháil.
3.
Comhinfheistíocht leis na Ballstáit i saoráidí tagartha den chéad scoth chun tástálacha agus turgnaimh a dhéanamh san fhíorshaol ina ndírítear ar fheidhmeanna IS in earnálacha bunriachtanacha amhail an tsláinte, faireachán ar an domhan nó ar an gcomhshaol, an t-iompar agus an tsoghluaisteacht, an tslándáil, an mhonaraíocht agus an t-airgeadas, chomh maith le réimsí eile a bhaineann le leas an phobail. Tá na saoráidí sin le bheith ar oscailt do gach gníomhaí ar fud na hEorpa agus nasctha leis an líonra de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha. Tá na saoráidí sin le bheith feistithe nó nasctha le saoráidí móra ríomhaireachta agus láimhseála sonraí, chomh maith leis na teicneolaíochtaí IS is déanaí, lena n-áirítear réimsí atá ag teacht chun cinn amhail an ríomhaireacht néaramorfach, an domhainfhoghlaim agus an róbataic. Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh Leis an gClár, spreagfar treisiú, tógáil agus fáil acmhainneachtaí bunriachtanacha chun geilleagar digiteach, sochaí agus daonlathas an Aontais a áirithiú trí acmhainneacht thionsclaíoch agus iomaíochas cibearshlándála an Aontais a threisiú, agus trí chumais na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí araon a fheabhsú chun saoránaigh agus gnólachtaí a chosaint ar chibearbhagairtí, lena n-áirítear trí thacú le Treoir (AE) 2016/1148 a chur chun feidhme. Áireofar an méid seo a leanas sna gníomhaíochtaí tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, sna gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:
1.
Comhinfheistíocht leis na Ballstáit in ardtrealamh, ardbhonneagar agus ardfhios gnó cibearshlándála atá bunriachtanach chun bonneagair ríthábhachtacha agus an Margadh Aonair Digiteach trí chéile a chosaint. D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis an gcomhinfheistíocht sin infheistíochtaí i saoráidí candamacha agus acmhainní sonraí le haghaidh na cibearshlándála, feasacht staide sa chibearspás lena n-áirítear Cibearmhoil Náisiúnta agus Cibearmhoil Trasteorann lena mbunaítear an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, chomh maith le huirlisí eile atá le cur ar fáil don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach ar fud na hEorpa.
2.
Na hacmhainneachtaí teicneolaíochta atá ann cheana a mhéadú agus na lárionaid um inniúlachtaí sna Ballstáit a líonrú, agus a áirithiú go mbeidh na hacmhainneachtaí sin ag freastal ar riachtanais na hearnála poiblí agus na hearnála tionsclaíochta, lena n-áirítear trí tháirgí agus seirbhísí lena dtreisítear an chibearshlándáil agus iontaoibh laistigh den Mhargadh Aonair Digiteach.
3.
A áirithiú go gcuirfear réitigh éifeachtacha úrscothacha chibearshlándála agus iontaoibhe chun úsáide go forleathan ar fud na mBallstát. Áirítear le cur chun úsáide den sórt sin slándáil agus sábháilteacht táirgí a neartú, óna ndearadh go dtí a dtráchtálú.
4.
Tacú leis an mbearna scileanna cibearshlándála a dhúnadh, agus cothromaíocht inscne á cur san áireamh, mar shampla trí chláir scileanna cibearshlándála a ailíniú, trí na cláir sin a oiriúnú do riachtanais earnálacha ar leith agus trí rochtain ar oiliúint speisialaithe spriocdhírithe a éascú.
5.
Dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát maidir le hullmhú do theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus teagmhais mhórscála chibearshlándála agus freagairt orthu trí sheirbhísí cibearshlándála a chur chun úsáide thar theorainneacha, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh cúnamh frithpháirteach idir údaráis phoiblí agus cúltaca soláthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe a bhunú ar leibhéal an Aontais. Cuspóir Sonrach 4 - Ardscileanna digiteacha Leis an gClár, tacófar le rochtain éasca ar ardscileanna digiteacha agus ar dheiseanna oiliúna maidir leis na scileanna sin, go háirithe in HPC, anailísíocht olltiomsaithe sonraí, IS, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra) agus an chibearshlándáil don lucht saothair reatha agus don lucht saothair amach anseo trí na modhanna chun na scileanna sin a fháil agus a fhorbairt a chur ar fáil, inter alia, do dhaltaí, céimithe nua, oibrithe reatha agus saoránaigh de gach aois ar gá dóibh uasoiliúint a fháil, gan beann ar an áit a bhfuil siad suite. Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:
1.
Rochtain ar oiliúint ar an láthair oibre trí pháirt a ghlacadh i sealanna oiliúna i lárionaid inniúlachtaí agus i ngnólachtaí a chuireann ardteicneolaíochtaí digiteacha chun úsáide.
2.
Rochtain ar chúrsaí in ardteicneolaíochtaí digiteacha atá le bheith curtha ar fáil ag institiúidí ardoideachais, institiúidí taighde agus comhlachtaí deimhniúcháin gairmiúla san earnáil tionsclaíochta i gcomhar leis na comhlachtaí atá bainteach leis an gClár (meastar go n-áireofar ar na hábhair ann IS, an chibearshlándáil, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), HPC agus teicneolaíochtaí candamacha).
3.
Rannpháirtíocht i gcúrsaí oiliúna gairmiúla speisialaithe gearrthéarma a bheidh deimhnithe roimh ré, mar shampla i réimse na cibearshlándála. Le hidirghabhálacha, díreofar ar ardscileanna digiteacha a bhaineann le teicneolaíochtaí sonracha. Gníomhóidh na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha dá bhforáiltear in Airteagal 16 mar éascaitheoirí le haghaidh deiseanna oiliúna, trí idirchaidreamh a dhéanamh le soláthraithe oideachais agus oiliúna. Cuspóir Sonrach 5 - Cur Chun úsáide agus Úsáid is Fearr na n-Acmhainneachtaí Digiteacha agus Idir-inoibritheacht Tionscadail leasa choitinn a bheidh i dtionscadail lena bhfreastalaítear ar chur chun úsáide agus úsáid is fearr na n-acmhainneachtaí digiteacha nó ar an idir-inoibritheacht. I. Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo maidir le claochlú digiteach na réimsí a bhaineann le leas an phobail:
1.
Lucht riaracháin phoiblí a nuachóiriú:
1.1.
Tacú leis na Ballstáit i gcur chun feidhme phrionsabail Dhearbhú Thaillinn maidir le Ríomhrialtas i gach réimse beartais, lena gcruthófar, i gcás inar gá, na clárlanna is gá agus lena ndéanfar iad a idirnascadh i gcomhréir go hiomlán le Rialachán (AE) 2016/679.
1.2.
Tacú le héiceachóras comhleanúnach de bhonneagar seirbhísí digiteacha trasteorann a dhearadh, a úsáid ar bhonn píolótach, a chothabháil, a chur chun úsáide, a fhorbairt, a chur chun cinn agus éascaíocht a dhéanamh ar réitigh thrasteorann nó thrasearnála atá idir-inoibritheach, ilteangach, sábháilte agus gan uaim ó cheann go ceann agus ar chreataí comhchoiteanna laistigh den lucht riaracháin phoiblí. Áireofar leis freisin modheolaíochtaí chun an tionchar agus na tairbhí a mheasúnú.
1.3.
Tacú leis na sonraíochtaí comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna atá ann cheana a mheasúnú, a nuashonrú agus a chur chun cinn, chomh maith le sonraíochtaí comhchoiteanna nua, sonraíochtaí oscailte nua agus caighdeáin nua a fhorbairt, a bhunú agus a chur chun cinn trí bhíthin ardáin chaighdeánaithe an Aontais agus i gcomhar le heagraíochtaí caighdeánaithe Eorpacha nó idirnáisiúnta de réir mar is iomchuí.
1.4.
Dul i gcomhar chun éiceachóras Eorpach a chur ar bun le haghaidh bonneagair iontaofa, b”fhéidir trí sheirbhísí agus feidhmchláir atá bunaithe ar theicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra) a úsáid, lena n-áirítear tacaíocht don idir-inoibritheacht agus don chaighdeánú, agus cur chun úsáide fheidhmchláir thrasteorann an Aontais a chothú.
2.
Sláinte
2.1.
A áirithiú go mbeidh smacht ag saoránaigh de chuid an Aontais ar a sonraí pearsanta agus gur féidir leo a sonraí pearsanta sláinte a rochtain, a roinnt, a úsáid agus a bhainistiú thar theorainneacha go slán agus ar bhealach lena ráthaítear a bpríobháideacht, gan beann ar an áit a bhfuil siad nó ar an áit a bhfuil na sonraí, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí. An bonneagar um sheirbhís dhigiteach na Ríomhshláinte a chur i gcrích agus cur leis i bhfoirm seirbhísí digiteacha nua i ndáil le galair a chosc, an tsláinte agus cúram sláinte agus tacú le seirbhísí den sórt sin a chur chun úsáide, agus gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát mar thacaíocht aige sin, go háirithe an líonra Ríomhshláinte i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ).
2.2.
Sonraí níos fearr a chur ar fáil le haghaidh taighde, galair a chosc agus sláinte phearsantaithe agus cúram sláinte pearsantaithe. A áirithiú go mbeidh rochtain ag taighdeoirí sláinte agus cleachtóirí cliniciúla Eorpacha ar an scála acmhainní is gá (spásanna sonraí comhroinnte, lena n-áirítear stóráil sonraí agus ríomhaireacht, saineolas agus acmhainneachtaí anailíseacha) ionas go mbeidh siad in ann fionnachtana a dhéanamh maidir le galair choitianta agus neamhchoitianta. Is é an sprioc atá ann cohórt daonra-bhunaithe ina bhfuil 10 milliún saoránach ar a laghad a áirithiú.
2.3.
Uirlisí digiteacha a chur ar fáil chun saoránaigh a chumhachtú agus ar mhaithe le cúram daonlárnach trí thacú le malartú na gcleachtas nuálach agus na gcleachtas is fearr sa tsláinte dhigiteach, fothú acmhainneachta agus cúnamh teicniúil, go háirithe le haghaidh na cibearshlándála, IS agus HPC.
3.
Na breithiúna Cumarsáid leictreonach trasteorann shlán gan uaim a chumasú laistigh de na breithiúna agus idir na breithiúna agus comhlachtaí inniúla eile i réimse an cheartais shibhialta agus choiriúil. Feabhas a chur ar an rochtain atá ag saoránaigh, gnólachtaí, cleachtóirí dlí agus breithiúna ar an gceartas agus ar fhaisnéis dhlíthiúil agus ar nósanna imeachta dlíthiúla trí idirnaisc atá idir-inoibritheach ar bhonn séimeantach le bunachair sonraí agus cláir a sholáthar agus trí éascaíocht a dhéanamh ar réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ar líne. Forbairt agus cur chun feidhme teicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn le haghaidh na gcúirteanna agus an lucht dlí atá bunaithe, inter alia, ar réitigh IS ar dócha go gcuíchóireofar agus go mbrostófar leo nósanna imeachta (mar shampla, feidhmchláir “teicneolaíochta dlí”).
4.
Iompar, soghluaisteacht, fuinneamh agus comhshaol Réitigh agus bonneagar díláraithe atá ag teastáil le haghaidh feidhmeanna digiteacha ar mhórscála, amhail tiomáint nasctha uathoibríoch, aerfheithiclí gan foireann, feithiclí talún, feithiclí dromchla agus feithiclí faoi uisce, coincheapa na soghluaisteachta cliste, cathracha cliste, ceantair thuaithe chliste nó na réigiúin is forimeallaí, a chur chun úsáide chun tacú le beartais iompair, fuinnimh agus chomhshaoil agus sin á chomhordú le gníomhaíochtaí chun na hearnálacha iompair agus fuinnimh a dhigitiú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa..
5.
Oideachas, cultúr agus na meáin Rochtain ar na teicneolaíochtaí digiteacha is déanaí, ó IS go dtí an ardríomhaireacht, a chur ar fáil do chruthaitheoirí agus do thionscal na cruthaitheachta agus an chultúir san Eoraip. Tairbhe a bhaint as oidhreacht chultúrtha na hEorpa, lena n-áirítear Europeana, chun tacú le hoideachas agus le taighde agus chun an éagsúlacht chultúrtha, an comhtháthú sóisialta agus an tsochaí Eorpach a chur chun cinn. Tacú le glacadh teicneolaíochtaí digiteacha san oideachas agus sna hinstitiúidí cultúrtha arna maoiniú go príobháideach agus go poiblí.
6.
Gníomhaíochtaí eile a thacaíonn leis an Margadh Aonair Digiteach Tacú le gníomhaíochtaí amhail an litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin a chothú agus feasacht a mhúscailt i measc mionaoiseach, tuismitheoirí agus múinteoirí faoi na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do mhionaoisigh ar líne agus faoi na bealaí chun iad a chosaint, agus dul i ngleic leis an gcibearbhulaíocht agus le scaipeadh ábhar ar líne a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí trí thacú le líonra uile-Eorpach d’Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte. Bearta a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh bréagaisnéis arna scaipeadh d’aon ghnó a bhrath agus a chomhrac, agus ar an dóigh sin athléimneacht fhoriomlán an Aontais a mhéadú; tacú le faireachlann de chuid an Aontais le haghaidh an gheilleagair ardáin dhigitigh chomh maith le staidéir agus gníomhaíochtaí for-rochtana. Leis na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha, féadfar tacú go páirteach leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí 1 go 6 trí bhíthin na n-acmhainneachtaí céanna a forbraíodh chun cabhrú leis an earnáil tionsclaíochta a claochlú digiteach a dhéanamh (féach pointe II). II Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo a bhaineann le claochlú digiteach na hearnála tionsclaíochta: Rannchuidiú le méadú líonra na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar acmhainneachtaí digiteacha ag aon ghnólacht, go háirithe FBManna, in aon réigiún ar fud an Aontais. Áirítear ar rannchuidiú den sórt sin:
1.
Rochtain ar spásanna coiteanna sonraí Eorpacha agus ar ardáin IS agus ar shaoráidí Eorpacha HPC ar mhaithe le hanailísíocht sonraí agus feidhmchláir atá dian ar ríomh
2.
Rochtain ar shaoráidí tástála ar mhórscála le haghaidh IS agus ar arduirlisí cibearshlándála
3.
Rochtain ar ardscileanna digiteacha Déanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhordú agus a chomhlánú le gníomhaíochtaí nuálaíochta i dteicneolaíochtaí digiteacha a fhaigheann tacaíocht, go háirithe, faoi Fís Eorpach, agus infheistíochtaí i Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha a fhaigheann tacaíocht faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). Féadfar deontais le haghaidh mhacasamhlú an mhargaidh a sholáthar ón gClár, i gcomhréir le rialacha maidir le státchabhair. Is le hionstraimí airgeadais lena mbaintear leas as an gClár InvestEU a thacófar le rochtain a sholáthar ar mhaoiniú le haghaidh céimeanna breise i gclaochlú digiteach na tionsclaíochta. Cuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí Soláthraítear gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 6 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1781. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|