+IARSCRÍBHINN III

IARSCRÍBHINN III




IARSCRÍBHINN III

Príomhcheanglais le haghaidh chóras rialaithe inmheánaigh an Bhallstáit

1. Soláthróidh an Ballstát córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil, i gcomhréir lena chreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais, lena gcuimseofar deighilt feidhmeanna agus socruithe tuairiscithe, maoirseachta agus faireacháin.

Áirítear leis sin:

(a) 

ainmniú na n-údarás ar a gcuirtear de chúram an Plean Aeráide Sóisialta a chur chun feidhme agus na freagrachtaí agus feidhmeanna gaolmhara a leithdháileadh;

(b) 

ainmniú an údaráis nó na n-údarás ar a bhfuil freagracht as an dearbhú bainistíochta a ghabhann leis na hiarrataí ar íocaíocht a shíniú;

(c) 

nósanna imeachta lena n-áiritheofar go bhfaighidh an t-údarás nó na húdaráis sin dearbhú maidir le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa Phlean, agus go ndearnadh na cistí a bhainistiú i gcomhréir le gach riail is infheidhme, go háirithe rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte;

(d) 

deighilt iomchuí idir feidhmeanna bainistíochta agus iniúchóireachta.

2. Déanfaidh an Ballstát bearta frithchalaoise agus frithéillithe a chur chun feidhme go héifeachtach, chomh maith le haon bheart is gá chun coinbhleacht leasa a sheachaint go héifeachtach.

Áirítear leis sin:

(a) 

bearta iomchuí i ndáil le calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cistiú dúbailte a sheachaint agus caingne dlí a ghlacadh chun cistí a rinneadh a mhíleithreasú a aisghabháil;

(b) 

measúnú riosca maidir le calaois agus bearta maolaithe frithchalaoise iomchuí a shainiú.

3. Coinneoidh an Ballstát nósanna imeachta ar bun chun an dearbhú bainistíochta agus an achoimre ar na hiniúchtaí arna ndéanamh ar leibhéal náisiúnta a tharraingt suas.

Áirítear leis sin:

(a) 

nós imeachta éifeachtach chun an dearbhú bainistíochta a tharraingt suas, tuairisc a thabhairt ar an achoimre ar na hiniúchtaí agus an fhaisnéis bhunúsach a choimeád don rian iniúchóireachta;

(b) 

nósanna imeachta éifeachtacha chun a áirithiú go ndéantar gach cás calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa a thuairisciú agus a cheartú i gceart trí aisghabhálacha.

4. Chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil, áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar fíoruithe bainistíochta iomchuí, lena n-áirítear nósanna imeachta chun baint amach garspriocanna agus spriocanna a sheiceáil chomh maith le prionsabail ghinearálta na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh.

Áirítear leis sin:

(a) 

fíoruithe bainistíochta iomchuí trína ndéanfaidh údaráis cur chun feidhme seiceáil ar bhaint amach gharspriocanna agus spriocanna an chiste (e.g. athbhreithnithe deisce, seiceálacha ar an láthair);

(b) 

fíoruithe bainistíochta iomchuí trína ndéanfaidh na húdaráis cur chun feidhme seiceáil nach ann do neamhrialtachtaí tromchúiseacha, eadhon calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa, agus cistiú dúbailte (e.g. athbhreithnithe deisce, seiceálacha ar an láthair).

5. Déanfaidh an Ballstát iniúchtaí leordhóthanacha agus neamhspleácha ar chórais agus oibríochtaí i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.

Áirítear leis sin:

(a) 

ainmniú an chomhlachta/na gcomhlachtaí a dhéanfaidh na hiniúchtaí ar chórais agus oibríochtaí agus an chaoi a ndéantar neamhspleáchas feidhmiúil an chomhlachta/na gcomhlachtaí siúd a áirithiú;

(b) 

leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha don chomhlacht/do na comhlachtaí seo chun críche an Chiste;

(c) 

an comhlacht/na comhlachtaí ag dul i ngleic go héifeachtach le riosca calaoise, éillithe, coinbhleacht leasa agus cistiú dúbailte trí iniúchtaí córais agus iniúchtaí ar oibríochtaí.

6. Coinneoidh an Ballstát córas éifeachtach ar bun chun a áirithiú go gcoimeádfar an fhaisnéis agus na doiciméid go léir is gá chun críocha an riain iniúchóireachta.

Áirítear leis sin:

(a) 

sonraí faoi fhaighteoirí deiridh na mbeart nó na n-infheistíochtaí is gá chun na garspriocanna agus na spriocanna a bhaint amach a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil go héifeachtach i gcóras leictreonach;

(b) 

rochtain don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus i ndáil leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, OIPE, ar na sonraí maidir le faighteoirí deiridh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.