+Airteagal 10 EPOC a fhorghníomhú
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
---+Airteagal 10 8.
---+Airteagal 10 9.

Airteagal 10 EPOC a fhorghníomhú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.
Ar EPOC a fháil, gníomhóidh an seolaí go gasta chun na sonraí atá á n-iarraidh ag an EPOC a chaomhnú.
Airteagal 10 2.
I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8 agus nach bhfuil aon fhoras diúltaithe ardaithe ag an údarás sin i gcomhréir le hAirteagal 12 laistigh de 10 lá tar éis an EPOC a fháil, áiritheoidh an seolaí go ndéanfar na sonraí a iarradh a tharchur go díreach chuig an údarás eisiúna nó chuig na húdaráis forfheidhmithe dlí, mar a léirítear san EPOC, ag deireadh na tréimhse 10 lá sin. I gcás ina ndeimhneoidh an t-údarás forfheidhmiúcháin roimh dheireadh na tréimhse 10 lá sin don údarás eisiúna agus don seolaí nach n-ardóidh sé aon fhoras diúltaithe, gníomhóidh an seolaí a luaithe is féidir tar éis an daingnithe sin agus ag deireadh na tréimhse 10 lá sin ar a dhéanaí.
Airteagal 10 3.
I gcás nach gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, áiritheoidh an seolaí, ar EPOC a fháil, go ndéanfar na sonraí a iarradh a tharchur go díreach chuig an údarás eisiúna nó na húdaráis forfheidhmithe dlí, mar a léirítear san EPOC, laistigh de 10 lá ar a dhéanaí tar éis an EPOC a fháil.
Airteagal 10 4.
I gcásanna éigeandála, déanfaidh an seolaí na sonraí a iarradh a tharchur gan moill mhíchuí, laistigh de 8 n-uair an chloig, ar a dhéanaí, tar éis an EPOC a fháil. I gcás ina gceanglaítear fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, má chinneann an t-údarás forfheidhmiúcháin foras diúltaithe a ardú i gcomhréir le hAirteagal 12(1), gan mhoill agus ar a dhéanaí laistigh de 96 uair an chloig tar éis dó an fógra a fháil, féadfaidh sé fógra a thabhairt don údarás eisiúna agus don seolaí go sé bhfuil i gcoinne úsáid na sonraí nó nach féidir na sonraí a úsáid ach amháin faoi choinníollacha a shonróidh sé. I gcás ina n-ardaíonn an t-údarás forfheidhmiúcháin foras diúltaithe, más rud é go bhfuil na sonraí tarchurtha cheana féin ag an seolaí chuig an údarás eisiúna, déanfaidh an t-údarás eisiúna úsáid na sonraí a scriosadh nó a shrianadh ar bhealach eile nó, i gcás ina bhfuil coinníollacha sonraithe ag an údarás forfheidhmiúcháin, comhlíonfaidh an t-údarás eisiúna na coinníollacha sin agus úsáid á baint aige as na sonraí.
Airteagal 10 5.
I gcás ina measann an seolaí, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san EPOC amháin, go bhféadfadh forghníomhú an EPOC cur isteach ar dhíolúintí nó ar phribhléidí, nó ar rialacha maidir le dliteanas coiriúil a chinneadh nó a theorannú a bhaineann le saoirse an phreasa nó leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, faoi dhlí an Stáit forfheidhmiúcháin, cuirfidh an seolaí an méid sin in iúl don údarás eisiúna agus don údarás forfheidhmiúcháin, san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

I gcás nár tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, cuirfidh an t-údarás eisiúna an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo san áireamh, agus cinnfidh sé, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón údarás forfheidhmiúcháin, an ndéanfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a tharraingt siar, a oiriúnú nó a chothabháil.

I gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, cuirfidh an t-údarás eisiúna an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo san áireamh, agus cinnfidh sé an ndéanfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a tharraingt siar, a oiriúnú nó a choinneáil. Féadfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin a chinneadh na forais diúltaithe a leagtar amach in Airteagal 12 a ardú.

Airteagal 10 6.
I gcás nach féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tabhairt ar aird na sonraí a iarradh toisc go bhfuil an EPOC neamhiomlán, go bhfuil earráidí follasacha ann nó nach bhfuil dóthain faisnéise ann chun an EPOC a fhorghníomhú, déanfaidh an seolaí, gan moill mhíchuí, an t-údarás eisiúna agus, i gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, an t-údarás forfheidhmiúcháin dá dtagraítear san EPOC a chur ar an eolas, agus déanfaidh sé soiléiriú a lorg, ag úsáid na foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Ag an am céanna, cuirfidh an seolaí in iúl don údarás eisiúna an bhféadfaí na sonraí atá á n-iarraidh a shainaithint agus na sonraí sin a chaomhnú mar a leagtar amach i mír 9 den Airteagal seo.

Freagróidh an t-údarás eisiúna go gasta agus ar a dhéanaí laistigh de 5 lá tar éis dó an fhoirm a fháil. Áiritheoidh an seolaí gur féidir leis an soiléiriú riachtanach nó aon cheartú arna sholáthar ag an údarás eisiúna a fháil, ionas go gcomhlíonfaidh an seolaí a chuid oibleagáidí mar a leagtar amach i míreanna 1 go 4. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 go dtí go gcuirfidh an t-údarás eisiúna nó an t-údarás forfheidhmiúcháin soiléiriú nó ceartúchán den sórt sin ar fáil.

Airteagal 10 7.
I gcás nach féidir leis an seolaí a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tabhairt ar aird na sonraí a iarradh de bharr dodhéantacht de facto mar gheall ar chúinsí nach bhfuil inchurtha i leith an tseolaí, déanfaidh an seolaí, gan moill mhíchuí, an t-údarás eisiúna agus, i gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, an t-údarás forfheidhmiúcháin dá dtagraítear san EPOC a chur ar an eolas, agus míneoidh sé na cúiseanna atá le dodhéantacht de facto sin, san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás eisiúna gur ann do dhodhéantacht den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don seolaí, agus, i gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, don údarás forfheidhmiúcháin nach gá an EPOC a fhorghníomhú a thuilleadh.
Airteagal 10 8.
I ngach cás nach gcuireann an seolaí na sonraí a iarradh ar fáil, nach gcuireann sé na sonraí a iarradh ar fáil go huileghabhálach nó nach gcuireann sé na sonraí a iarradh ar fáil laistigh den sprioc-am sonraithe, ar chúiseanna seachas na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 den Airteagal seo, déanfaidh an seolaí, gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo, na cúiseanna sin a chur in iúl don údarás eisiúna agus, i gcás inar tugadh fógra don údarás forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, don údarás forfheidhmiúcháin dá dtagraítear san EPOC, san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Déanfaidh an t-údarás eisiúna athbhreithniú ar an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird i bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an seolaí agus, más gá, socróidh sé sprioc-am nua don seolaí chun na sonraí a thabhairt ar aird.
Airteagal 10 9.
Caomhnófar na sonraí, a mhéid is féidir, go dtí go dtabharfar ar aird iad, is cuma cé acu a iarrtar nó nach n-iarrtar na sonraí a thabhairt ar aird ar deireadh ar bhonn Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus a EPOC nó trí bhealaí eile, amhail cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, nó go dtí go dtarraingeofar siar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.

I gcás nach bhfuil gá a thuilleadh leis na sonraí a thabhairt ar aird agus iad a chaomhnú, cuirfidh an t-údarás eisiúna agus, i gcás inarb infheidhme de bhun Airteagal 16(8), an t-údarás forfheidhmiúcháin é sin in iúl don seolaí gan moill mhíchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.