+Airteagal 9 1.

Airteagal 9 1.

Bunóidh na Ballstáit íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad lena n-áiritheofar nach sáróidh na foirgnimh sin an uastairseach shonraithe feidhmíochta fuinnimh, dá dtagraítear sa tríú fomhír, arna sloinneadh le táscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomhúil nó deiridh in kWh/(m2.y), faoi na dátaí a shonraítear sa chúigiú fomhír.

Bunófar na huastairseacha feidhmíochta fuinnimh ar bhonn an stoic foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad an 1 Eanáir 2020, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus, i gcás inarb iomchuí, ar shampláil staidrimh. Déanfaidh na Ballstáit foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a dhíolmhaíonn siad de bhun mhír 6 a eisiamh ón mbonnlíne.

Socróidh gach Ballstát uastairseach feidhmíochta fuinnimh’ ionas go mbeidh 16 % dá stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad os cionn na tairsí sin (“an tairseach 16 %”). Socróidh gach Ballstát freisin uastairseach feidhmíochta fuinnimh ionas go mbeidh 26 % dá stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad os cionn na tairsí sin (“an tairseach 26 %”). Féadfaidh na Ballstáit na huastairseacha feidhmíochta fuinnimh a shocrú ag tagairt don stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad ina iomláine nó de réir cineálacha agus catagóirí foirgneamh.

Féadfaidh na Ballstáit na tairseacha a shocrú ar leibhéal a chomhfhreagraíonn d’aicme shonrach feidhmíochta fuinnimh ar choinníoll go gcomhlíonann siad an tríú fomhír.

Áiritheofar leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ar a laghad, go bhfuil gach foirgneamh nach foirgneamh cónaithe é faoi bhun an mhéid seo a leanas:

(a) 

an tairseach 16 % ó 2030; agus

(b) 

an tairseach 26 % ó 2033.

Seiceálfar go gcomhlíonann foirgnimh aonair nach foirgnimh chónaithe iad na tairseacha ar bhonn deimhnithe feidhmíochta fuinnimh nó, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn modhanna eile atá ar fáil.

Ina dtreochláir dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), bunóidh na Ballstáit amlínte sonracha do na foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad chun uastairseacha feidhmíochta fuinnimh níos ísle a chomhlíonadh faoi 2040 agus faoi 2050, i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha.

Féadfaidh na Ballstáit critéir a bhunú agus a fhoilsiú chun foirgnimh aonair nach foirgnimh chónaithe iad a dhíolmhú ó cheanglais sa mhír seo, i bhfianaise na húsáide a mheastar a bhainfear as na foirgnimh sin amach anseo, i bhfianaise cruatan tromchúiseach nó i gcás measúnú costais is tairbhe neamhfhabhrach. Beidh na critéir sin soiléir, beacht agus dian agus áiritheofar cóir chomhionann idir foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad leo. Agus na critéir sin á mbunú, cumasóidh na Ballstáit measúnú ex ante a dhéanamh ar an sciar a d’fhéadfadh a bheith sna foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a chumhdaítear agus seachnóidh siad go ndíolmhófaí líon díréireach foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad. Tuairisceoidh na Ballstáit freisin ar na critéir mar chuid dá bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 3.

I gcás ina mbunóidh na Ballstáit critéir le haghaidh díolúintí de bhun an ochtú fomhír, bainfidh siad amach feabhsuithe coibhéiseacha feidhmíochta fuinnimh i gcodanna eile den stoc foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad.

I gcás ina bhfuil measúnú costais is tairbhe neamhfhabhrach ar fhoirgneamh ar leith nach foirgneamh chónaithe é ag gabháil leis an athchóiriú foriomlán is gá chun na tairseacha feidhmíochta fuinnimh a shonraítear sa mhír seo a bhaint amach, ceanglóidh na Ballstáit, don fhoirgneamh áirithe sin nach foirgneamh chónaithe é, go gcuirfear chun feidhme ar a laghad na bearta athchóirithe aonair sin a bhfuil measúnú costais is tairbhe fabhrach ag gabháil leo.

A mhéid a dhéanann tubaiste nádúrtha damáiste tromchúiseach don stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad, nó do chuid de, féadfaidh Ballstát an uastairseach feidhmíochta fuinnimh a choigeartú go sealadach ionas go gcuirfear athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a ndearnadh damáiste dóibh in ionad athchóiriú fuinnimh na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla eile nach foirgnimh chónaithe iad, agus a áirithiú ag an am céanna go ndéanfar athchóiriú fuinnimh ar chéatadán comhchosúil den stoc foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad. Sa chás sin, tuairisceoidh an Ballstát an coigeartú agus an méid ama a mheastar a bheidh i gceist leis ina phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.