+Airteagal 9 2.

Airteagal 9 2.

Faoin 29 Bealtaine 2026, bunóidh gach Ballstát conair náisiúnta chun an stoc foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile i gcomhréir leis an treochlár náisiúnta agus spriocanna 2030, 2040 agus 2050 atá i bplean náisiúnta athchóirithe foirgneamh an Bhallstáit agus leis an aidhm an stoc foirgneamh náisiúnta a chlaochlú go stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha faoi 2050. Sloinnfear an chonair náisiúnta chun an stoc foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile mar laghdú ar mheánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) stoc iomlán na bhfoirgneamh cónaithe thar an tréimhse ó 2020 go 2050, agus sainaithneofar inti líon na bhfoirgneamh cónaithe agus na n-aonad foirgnimh chónaithe nó an t-achar urláir atá le hathchóiriú gach bliain, lena n-áirítear líon nó achar urláir an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla agus na n-aonad foirgnimh chónaithe.

Áiritheoidh na Ballstáit an méid a leanas maidir le meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) an stoic foirgneamh cónaithe ina iomláine:

(a) 

go laghdófar í 16 % ar a laghad i gcomparáid le 2020 faoi 2030;

(b) 

go laghdófar í 20-22 % ar a laghad i gcomparáid le 2020 faoi 2035;

(c) 

faoi 2040, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, go mbeidh sí coibhéiseach le, nó níos ísle ná, an luach arna chinneadh go náisiúnta a dhíorthaítear ó laghdú de réir a chéile ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil ó 2030 go 2050, i gcomhréir le claochlú an stoic foirgneamh cónaithe go stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear amach ar a laghad 55 % den laghdú ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear sa tríú fomhír trí athchóiriú a dhéanamh ar an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla. Féadfaidh na Ballstáit an laghdú ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil a bhaintear amach le hathchóiriú foirgneamh chónaithe a raibh éifeacht ag tubaistí nádúrtha orthu, mar shampla creathanna talún agus tuilte, a áireamh sa sciar a bhaintear amach trí bhíthin athchóiriú an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla.

Ina n-iarrachtaí athchóirithe chun an laghdú is gá ar mheánúsáid fuinnimh phríomhúil an stoic foirgneamh cónaithe ina iomláine a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm, amhail íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, cúnamh teicniúil agus bearta tacaíochta airgeadais.

Ina n-iarrachtaí athchóirithe, ní dhéanfaidh na Ballstáit foirgnimh chónaithe nó aonaid foirgnimh ar cíos a dhíolmhú go díréireach.

Tuairisceoidh na Ballstáit sna pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh an mhodheolaíocht a úsáideadh agus na sonraí a bailíodh chun meastachán a dhéanamh ar na luachanna dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír. Mar chuid den mheasúnú ar phleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar ghnóthú na luachanna dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír, lena n-áirítear líon na bhfoirgneamh agus na n-aonad tógála nó achar urláir an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla, agus déanfaidh sé moltaí i gcás inar gá. Féadfar a áireamh ar na moltaí sin úsáid níos forleithne a bhaint as íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh.

Tagróidh an chonair náisiúnta chun an stoc foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile do shonraí maidir leis an stoc náisiúnta foirgneamh cónaithe, bunaithe, de réir mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh agus ar dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh.

Má tá meánsciar iontaise na húsáide fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe níos ísle ná 15 %, féadfaidh na Ballstáit na leibhéil a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír, a choigeartú chun a áirithiú gurb ionann meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) an stoic foirgneamh cónaithe ina iomláine faoi 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, agus luach arna chinneadh go náisiúnta arna dhíorthú ó laghdú líneach ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil ó 2020 go 2050, i gcomhréir le claochlú an stoic foirgneamh cónaithe go stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.