+Airteagal 12 Comhar trasteorann
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
|
Airteagal 12 Comhar trasteorann
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Gan dochar do chomhaontuithe nó socruithe idirnáisiúnta ábhartha atá ann cheana maidir le saincheisteanna uisce comhshaoil, i gcás ina ndéantar dochar d’uiscí atá laistigh de limistéar dlínse Ballstáit mar thoradh ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh ó Bhallstát eile nó ó thríú tír, tabharfaidh an Ballstát a ndearnadh dochar dá chuid uiscí fógra don Bhallstát eile nó don tríú tír agus don Choimisiún faoi na fíorais ábhartha. Tabharfar an fógra sin láithreach i gcás truailliú a d’fhéadfadh éifeacht shuntasach a bheith aige ar dhobharlaigh níos faide síos le sruth. I gcás aon sceitheadh a mbeadh éifeacht aige ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol i mBallstát eile, áiritheoidh an Ballstát ar tharla an sceitheadh ar a chríoch go gcuirfear údarás inniúil an Bhallstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Freagróidh na Ballstáit dá chéile go tráthúil, de réir chineál, thábhacht agus iarmhairtí féideartha an teagmhais, tar éis fógra a fháil ó Bhallstát eile i gcomhréir le mír 1. Comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann chun an sceitheadh i gceist a shainaithint mar aon leis na bearta atá le déanamh ag an bhfoinse chun na huiscí a bhfuil dochar déanta dóibh a chosaint chun comhréireacht leis an Treoir seo a áirithiú.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi aon chomhar den chineál dá dtagraítear i mír 1. Beidh an Coimisiún rannpháirteach sa chomhar sin arna iarraidh sin do na Ballstáit lena mbaineann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|