+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
---+Airteagal 2 (7)
---+Airteagal 2 (8)
---+Airteagal 2 (9)
---+Airteagal 2 (10)
---+Airteagal 2 (11)
---+Airteagal 2 (12)
---+Airteagal 2 (13)
---+Airteagal 2 (14)
---+Airteagal 2 (15)
---+Airteagal 2 (16)
---+Airteagal 2 (17)
---+Airteagal 2 (18)
---+Airteagal 2 (19)
---+Airteagal 2 (20)
---+Airteagal 2 (21)
---+Airteagal 2 (22)
---+Airteagal 2 (23)
---+Airteagal 2 (24)
---+Airteagal 2 (25)
---+Airteagal 2 (26)
---+Airteagal 2 (27)
---+Airteagal 2 (28)
---+Airteagal 2 (29)
---+Airteagal 2 (30)
---+Airteagal 2 (31)
---+Airteagal 2 (32)
---+Airteagal 2 (33)
---+Airteagal 2 (34)
---+Airteagal 2 (35)
---+Airteagal 2 (36)
---+Airteagal 2 (37)
---+Airteagal 2 (38)
---+Airteagal 2 (39)
---+Airteagal 2 (40)
---+Airteagal 2 (41)
---+Airteagal 2 (42)
---+Airteagal 2 (43)
---+Airteagal 2 (44)
---+Airteagal 2 (45)
---+Airteagal 2 (46)
---+Airteagal 2 (47)
---+Airteagal 2 (48)
---+Airteagal 2 (49)
---+Airteagal 2 (50)
---+Airteagal 2 (51)
---+Airteagal 2 (52)
---+Airteagal 2 (53)
---+Airteagal 2 (54)
---+Airteagal 2 (55)
---+Airteagal 2 (56)
---+Airteagal 2 (57)
---+Airteagal 2 (58)
---+Airteagal 2 (59)
---+Airteagal 2 (60)
---+Airteagal 2 (61)
---+Airteagal 2 (62)
---+Airteagal 2 (63)
---+Airteagal 2 (64)
---+Airteagal 2 (65)
---+Airteagal 2 (66)
---+Airteagal 2 (67)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn ‘seirbhís rialaithe aeradróim’ seirbhís rialaithe aerthráchta (ATC) le haghaidh trácht aeradróim;
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn ‘seirbhís faisnéise aerloingseoireachta’ nó ‘SFA’ seirbhís, atá bunaithe laistigh de limistéar cumhdaigh sainithe, agus atá freagrach as soláthar na faisnéise agus na sonraí aerloingseoireachta is gá le haghaidh shábháilteacht, rialtacht agus éifeachtúlacht na haerloingseoireachta;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn ‘Gníomhaireacht’ Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1139;
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta’ eintiteas poiblí nó príobháideach a sholáthraíonn seirbhís aerloingseoireachta amháin nó níos mó don aerthrácht ginearálta;
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn ‘seirbhísí aerloingseoireachta’ nó ‘SAL’ seirbhísí aerthráchta; seirbhísí cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais (CLF) lena n-áirítear seirbhísí a mhéadaíonn comharthaí arna n-astú ag satailítí lárchnuasaigh GNSS chun críche aerloingseoireachta; seirbhísí meitéareolaíochta le haghaidh aerloingseoireachta (SManna); seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta (SFA); agus seirbhísí sonraí aerthráchta (SSA);
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn ‘seirbhís rialaithe aerthráchta’ nó ‘seirbhís ATC’ seirbhís a sholáthraítear chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a)
|
imbhuailtí a chosc:
|
(ii)
|
sa limistéar ainlithe eitilte idir aerárthaí agus bacainní;
|
|
|
(b)
|
sreabhadh rianúil aerthráchta a éascú agus a choinneáil;
|
|
|
Airteagal 2 (7)
|
ciallaíonn ‘seirbhísí sonraí aerthráchta’ nó ‘SSA’ seirbhísí arb é atá iontu sonraí oibríochtúla ó sholáthraithe seirbhísí faireachais, ó sholáthraithe SManna agus SFA agus feidhmeanna gréasáin agus ó eintitis ábhartha eile a ghineann sonraí oibríochtúla a bhailiú, a chomhlánú, agus a chomhtháthú, agus sonraí próiseáilte a sholáthar chun críoch rialaithe aerthráchta agus bainistíochta aerthráchta;
|
|
Airteagal 2 (8)
|
ciallaíonn ‘bainistíocht na sreibhe aerthráchta’ nó ‘BSAT’ feidhm a bhunaítear leis an gcuspóir rannchuidiú le sreabhadh sábháilte rianúil gasta aerthráchta lena gcumhdaítear an ruthag iomlán trína áirithiú go n-úsáidtear a mhéid is féidir d’acmhainneacht ATC, agus go luíonn méid an aerthráchta leis an acmhainneacht a dhearbhaíonn na soláthraithe seirbhísí aerthráchta iomchuí;
|
|
Airteagal 2 (9)
|
ciallaíonn ‘bainistíocht aerthráchta’ nó ‘BAT’ comhiomlán na bhfeidhmeanna agus na seirbhísí aerbheirthe agus ar talamh, eadhon seirbhísí aerthráchta, bainistíocht aerspáis agus bainistíocht na sreibhe aerthráchta, lena n-áirítear dearadh nósanna imeachta eitilte, a bhfuil gá leo chun gluaiseacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí a áirithiú le linn chéimeanna uile na n-oibríochtaí;
|
|
Airteagal 2 (10)
|
ciallaíonn ‘seirbhísí aerthráchta’ na seirbhísí faisnéise eitiltí éagsúla, na seirbhísí foláirimh éagsúla agus na seirbhísí comhairleacha aerthráchta éagsúla, agus seirbhísí ATC, eadhon seirbhísí rialaithe limistéir, seirbhísí rialaithe ascnaimh agus seirbhísí rialaithe aeradróim;
|
|
Airteagal 2 (11)
|
ciallaíonn ‘bloc aerspáis’ aerspás de thoisí sainithe, de réir spáis agus ama, ina bhfuil struchtúr aerspáis amháin nó níos mó, ina soláthraítear seirbhísí aerloingseoireachta;
|
|
Airteagal 2 (12)
|
ciallaíonn ‘bainistíocht aerspáis’ feidhm phleanála agus mhaoirseachta arb é is príomhchuspóir di úsáid an aerspáis atá ar fáil a optamú trí chomhroinnt ama dhinimiciúil agus, uaireanta, trí aerspás a leithscaradh i measc catagóirí éagsúla úsáideoirí aerspáis ar bhonn riachtanais ghearrthéarmacha;
|
|
Airteagal 2 (13)
|
ciallaíonn ‘struchtúr aerspáis’ méid sonraithe aerspáis a shainítear d’fhonn oibriú sábháilte agus optamach aerthráchta a áirithiú;
|
|
Airteagal 2 (14)
|
ciallaíonn ‘úsáideoirí aerspáis’ oibreoirí aerárthaí a oibrítear i gcomhréir le rialacha aerthráchta ghinearálta;
|
|
Airteagal 2 (15)
|
ciallaíonn ‘seirbhís foláirimh’ seirbhís a sholáthraítear chun fógra a thabhairt do na heagraíochtaí ábhartha maidir le haerárthaí nach mór cúnamh cuardaigh agus tarrthála a thabhairt dóibh agus chun cabhrú le heagraíochtaí den sórt sin de réir mar is gá;
|
|
Airteagal 2 (16)
|
ciallaíonn ‘seirbhís rialaithe ascnaimh’ seirbhís ATC le haghaidh eitiltí rialaithe atá ag teacht nó ag imeacht;
|
|
Airteagal 2 (17)
|
ciallaíonn ‘seirbhís rialaithe limistéir’ seirbhís ATC le haghaidh eitiltí rialaithe i limistéir rialaithe;
|
|
Airteagal 2 (18)
|
ciallaíonn ‘luach bonnlíne’ an luach a shainítear chun spriocanna feidhmíochta a shocrú agus a mheastar trí úsáid a bhaint as costais iarbhír nó costais aonaid iarbhír le linn na bliana roimh thús na tréimhse tagartha ábhartha;
|
|
Airteagal 2 (19)
|
ciallaíonn ‘grúpa tagarmhairc’ grúpa soláthraithe seirbhísí aerthráchta ina bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil;
|
|
Airteagal 2 (20)
|
ciallaíonn ‘luach miondealaithe’ an luach a fhaightear, le haghaidh soláthraí seirbhísí aerthráchta áirithe, trí sprioc feidhmíochta uile-Aontais a bhriseadh síos go dtí leibhéal soláthraí seirbhísí aerthráchta amháin nó níos mó agus a úsáidtear mar thagairt chun measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na sprice feidhmíochta a shocraítear sa dréachtphlean feidhmíochta agus an sprioc feidhmíochta uile-Aontais;
|
|
Airteagal 2 (21)
|
ciallaíonn ‘deimhniú’‘deimhniú’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1139;
|
|
Airteagal 2 (22)
|
ciallaíonn ‘seirbhís choiteann faisnéise’ nó ‘SCF’ seirbhís arb é atá inti scaipeadh sonraí statacha agus dinimiciúla chun soláthar na seirbhísí U-Space a chumasú chun bainistíocht a dhéanamh ar thrácht aerárthaí gan foireann;
|
|
Airteagal 2 (23)
|
ciallaíonn ‘aerspás U-Space’ limistéar geografach UAS arna ainmniú ag na Ballstáit, nach lamháiltear oibríochtaí UAS a dhéanamh ann ach le tacaíocht ó sheirbhísí U-Space;
|
|
Airteagal 2 (24)
|
ciallaíonn ‘seirbhís U-Space’ seirbhís a théann ar iontaoibh seirbhísí digiteacha agus uathoibriú feidhmeanna atá ceaptha tacú le rochtain shábháilte, éifeachtúil agus shlán ar aerspás U-Space do líon mór UASanna;
|
|
Airteagal 2 (25)
|
ciallaíonn ‘soláthraí sheirbhís U-Space’ aon duine dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí U-Space;
|
|
Airteagal 2 (26)
|
ciallaíonn ‘seirbhísí cumarsáide’ seirbhísí seasta agus soghluaiste aerloingseoireachta lenar féidir cumarsáid talamh go talamh, aer go talamh agus aer go haer a dhéanamh chun críoch ATC;
|
|
Airteagal 2 (27)
|
ciallaíonn ‘comhdhamhnaí’ réada inláimhsithe, amhail crua-earraí, agus réada doláimhsithe, amhail bogearraí, a mbíonn idir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (EATMN) ag brath orthu;
|
|
Airteagal 2 (28)
|
ciallaíonn ‘limistéar rialaithe’ aerspás rialaithe a shíneann suas ó theorainn shonrach os cionn an domhain;
|
|
Airteagal 2 (29)
|
ciallaíonn ‘cinnteoireacht chomhoibritheach’ próiseas ina ndéantar cinntí bunaithe ar idirghníomhaíocht agus ar chomhairliúchán le húdaráis ábhartha na mBallstát, leis na geallsealbhóirí oibríochtúla agus le gníomhaithe eile, de réir mar is iomchuí, chun a bhfuil sé mar aidhm leis teacht ar chomhthoil;
|
|
Airteagal 2 (30)
|
ciallaíonn ‘seirbhísí trasteorann’ seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear i mBallstát amháin ag soláthraí seirbhísí a bhfuil a phríomháit ghnó i mBallstát eile aige;
|
|
Airteagal 2 (31)
|
ciallaíonn ‘dearbhú’, chun críoch bainistíochta aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta, ‘dearbhú’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Rialachán (AE) 2018/1139;
|
|
Airteagal 2 (32)
|
ciallaíonn ‘dearadh struchtúr aerspáis’ próiseas lena n-áirithítear forbairt agus cur chun feidhme ardchumas agus ardteicnící loingseoireachta, gréasáin bealaí feabhsaithe agus an earnáiliú gaolmhar, struchtúir aerspáis optamaithe agus nósanna imeachta BAT lena bhfeabhsaítear acmhainneacht;
|
|
Airteagal 2 (33)
|
ciallaíonn ‘limistéar muirearaithe faoi bhealach’ méid aerspáis a shíneann ón talamh suas go dtí an t-aerspás uachtarach agus an t-aerspás sin san áireamh, áit ina soláthraítear seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus dá bhfuil bonn costais aonair bunaithe;
|
|
Airteagal 2 (34)
|
is é ‘Eurocontrol’ an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta a cuireadh ar bun le Coinbhinsiún Idirnáisiúnta an 13 Nollaig 1960 maidir le Comhoibriú um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta;
|
|
Airteagal 2 (35)
|
ciallaíonn ‘Gréasán Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta’ (EATMN) na córais ar fad, dá dtagraítear i bpointe 3.1 d’Iarscríbhinn VIII de Rialachán (AE) 2018/1139, lena gcumasaítear seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san Aontas, lena n-áirítear na comhéadain ag teorainneacha le tríú tíortha;
|
|
Airteagal 2 (36)
|
ciallaíonn ‘Máistirphlean Eorpach BAT’ an plean ar tacaíodh leis le Cinneadh 2009/320/CE ón gComhairle (18), arna leasú ina dhiaidh sin;
|
|
Airteagal 2 (37)
|
ciallaíonn ‘úsáid sholúbtha an aerspáis’ coincheap bainistíochta aerspáis, mar atá tuairiscithe ag ICAO, atá bunaithe ar an mbunphrionsabal nár cheart aerspás a ainmniú mar aerspás fíorshibhialta nó fíormhíleata, ach gur cheart é a mheas mar chontanam ina gcaithfear freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí uile a mhéid is féidir;
|
|
Airteagal 2 (38)
|
ciallaíonn ‘seirbhís faisnéise eitiltí’ seirbhís a sholáthraítear chun comhairle agus faisnéis a thabhairt atá úsáideach chun eitiltí a sheoladh go sábháilte agus go héifeachtúil;
|
|
Airteagal 2 (39)
|
ciallaíonn ‘dearadh nósanna imeachta eitilte’ na cúraimí uile a bhaineann le nós imeachta um eitilt de réir uirlisí a dhearadh;
|
|
Airteagal 2 (40)
|
ciallaíonn ‘aerthrácht ginearálta’ gach gluaiseacht aerárthaí sibhialta, chomh maith le gach gluaiseacht aerárthaí stáit (lena n-áirítear aerárthaí míleata, custaim agus póilíneachta) nuair a dhéantar na gluaiseachtaí sin i gcomhréir le nósanna imeachta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a bunaíodh le Coinbhinsiún Chicago;
|
|
Airteagal 2 (41)
|
is é is ‘rialacha um eitiltí de réir uirlisí’ ann rialacha lenar féidir aerárthach atá feistithe le trealamh loingseoireachta oiriúnach is iomchuí don bhealach atá le heitilt i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hoibríochtaí aeir;
|
|
Airteagal 2 (42)
|
ciallaíonn ‘gluaiseachtaí aeriompair lena ngabhann rialacha um eitiltí de réir uirlisí in aghaidh na bliana’ suim na n-éirithe de thalamh agus na dtuirlingtí a dhéantar faoi rialacha um eitiltí de réir uirlisí, arna ríomh mar an meán bliantúil i gcaitheamh na 3 bliana féilire roimh an mbliain ina bhfuil an dréachtphlean feidhmíochta le tíolacadh;
|
|
Airteagal 2 (43)
|
ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ sraith airíonna feidhmiúla, teicniúla agus oibríochtúla is gá a bheith ag córais agus comhdhamhnaí EATMN agus ag na nósanna imeachta maidir lena oibriú, ionas gur féidir é a oibriú go sábháilte, go rianúil agus go héifeachtúil;
|
|
Airteagal 2 (44)
|
ciallaíonn ‘seirbhísí meitéareolaíocha le haghaidh aerloingseoireachta’ nó ‘SManna’ na saoráidí agus na seirbhísí lena soláthraítear réamhaisnéisí meitéareolaíocha, rabhaidh, faisnéisithe agus breathnóireachtaí chun críoch aerloingseoireachta, chomh maith le haon fhaisnéis mheitéareolaíoch eile nó sonraí meitéareolaíocha eile a sholáthraíonn Stáit chun críoch aerloingseoireachta;
|
|
Airteagal 2 (45)
|
ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ údarás inniúil náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (34), de Rialachán (AE) 2018/1139;
|
|
Airteagal 2 (46)
|
ciallaíonn ‘údarás maoirseachta náisiúnta’ an comhlacht náisiúnta nó na comhlachtaí náisiúnta ar chuir Ballstát cúraimí air nó orthu faoin Rialachán seo;
|
|
Airteagal 2 (47)
|
ciallaíonn ‘seirbhísí loingseoireachta’ na saoráidí agus na seirbhísí a sholáthraíonn faisnéis faoi shuíomh agus faoi uainiú d’aerárthaí;
|
|
Airteagal 2 (48)
|
ciallaíonn ‘géarchéim ghréasáin’ gan a bheith ábalta seirbhísí bainistíochta aerthráchta nó aerloingseoireachta a sholáthar ar an leibhéal is gá, arb é an toradh atá air sin: caillteanas mór acmhainneachta gréasáin; míchothromaíocht mhór idir acmhainneacht an ghréasáin agus an t-éileamh; nó cliseadh mór sa sreabhadh faisnéise i gcuid amháin nó i roinnt codanna den ghréasán nó ar shláine cuid amháin nó roinnt codanna den ghréasán tar éis staid neamhghnách nó staid nach raibh coinne léi;
|
|
Airteagal 2 (49)
|
ciallaíonn ‘Bainisteoir Gréasáin’ an t-eintiteas ar cuireadh na cúraimí is gá air chun rannchuidiú le forghníomhú na bhfeidhmeanna gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 37 i gcomhréir le hAirteagal 38;
|
|
Airteagal 2 (50)
|
ciallaíonn ‘Plean Oibríochtaí Gréasáin’ nó ‘NOP’ plean a bhunaítear trí phróiseas cinnteoireachta comhoibrithí chun cuspóirí na bhfeidhmeanna gréasáin a chur chun feidhme ar an leibhéal oibríochtúil, agus chun rannchuidiú leis na feidhmeanna oibríochtúla;
|
|
Airteagal 2 (51)
|
ciallaíonn ‘Plean Straitéise Gréasáin’ nó ‘NSP’ plean a bhunaítear trí phróiseas cinnteoireachta comhoibrithí lena dtreoraítear forbairt fhadtéarmach an ghréasáin;
|
|
Airteagal 2 (52)
|
ciallaíonn ‘aerthrácht oibríochtúil’ gach eitilt nach gcomhlíonann na forálacha atá sonraithe maidir le aerthrácht ginearálta agus a bhfuil rialacha agus nósanna imeachta sonraithe ina leith ag na húdaráis náisiúnta iomchuí;
|
|
Airteagal 2 (53)
|
ciallaíonn ‘sonraí oibríochtúla’ faisnéis a bhaineann le gach céim eitilte a bhfuil gá ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, ag úsáideoirí aerspáis, ag oibreoirí aerfoirt agus ag gníomhairí bainteacha eile léi chun críoch oibríochtúla;
|
|
Airteagal 2 (54)
|
ciallaíonn ‘geallsealbhóirí oibríochtúla’ úsáideoirí sibhialta agus míleata aerspáis, soláthraithe sibhialta agus míleata seirbhísí aerloingseoireachta agus oibreoirí aerfoirt;
|
|
Airteagal 2 (55)
|
ciallaíonn ‘plean feidhmíochta’ plean atá dírithe ar fheidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna gréasáin a fheabhsú;
|
|
Airteagal 2 (56)
|
ciallaíonn ‘cur i seirbhís’ an chéad úsáid oibríochtúil i ndiaidh suiteáil tosaigh córais nó i ndiaidh uasghrádú córais;
|
|
Airteagal 2 (57)
|
ciallaíonn ‘gréasán bealaí’ gréasán de bhealaí sonraithe lena gclasaítear sreabhadh an aerthráchta ghinearálta de réir mar is gá chun seirbhísí ATC a sholáthar;
|
|
Airteagal 2 (58)
|
ciallaíonn ‘céim shainithe SESAR’ an chéim lena mbunaítear agus lena nuashonraítear fís fhadtéarmach thionscadal SESAR, an coincheap gaolmhar oibríochtaí lena gcumasaítear feabhsaithe ag gach céim den eitilt, na hathruithe riachtanacha oibríochtúla is gá laistigh de EATMN agus na tosaíochtaí forbartha agus imscartha is gá;
|
|
Airteagal 2 (59)
|
ciallaíonn ‘céim imscartha SESAR’ na céimeanna leantacha de thionsclú agus de chur chun feidhme, a ndéantar na gníomhaíochtaí seo a leanas lena linn: caighdeánú, táirgeadh agus deimhniú trealaimh talún agus aerbheirthe agus na bpróiseas is gá chun réitigh SESAR a chur chun feidhme;:; (tionsclú); agus trealamh agus córais atá bunaithe ar réitigh SESAR a fháil, a shuiteáil agus a chur i seirbhís, lena n-áirítear nósanna imeachta oibríochtúla gaolmhara (cur chun feidhme);
|
|
Airteagal 2 (60)
|
ciallaíonn ‘céim forbartha SESAR’ an chéim a ndéantar gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus bailíochtaithe lena linn ina ndírítear ar réitigh SESAR aibí a sholáthar;
|
|
Airteagal 2 (61)
|
ciallaíonn ‘tionscadal SESAR’ an tionscadal chun nuachóiriú a dhéanamh ar bhainistíocht aerthráchta san Eoraip, lena ndírítear ar bhonneagar bainistíochta aerthráchta ardfheidhmíochta caighdeánaithe agus idir-inoibritheach a sholáthar san Aontas, agus arb é atá ann timthriall nuálaíochta lena n-áirítear céim shainithe SESAR, céim forbartha SESAR agus céim imscartha SESAR;
|
|
Airteagal 2 (62)
|
ciallaíonn ‘réiteach SESAR’ aschur in-imscartha de chéim forbartha SESAR lena dtugtar isteach nósanna imeachta oibríochtúla idir-inoibritheacha caighdeánaithe nua nó feabhsaithe nó teicneolaíochtaí idir-inoibritheacha caighdeánaithe nua nó feabhsaithe;
|
|
Airteagal 2 (63)
|
ciallaíonn ‘seirbhísí faireachais’ na saoráidí agus na seirbhísí a úsáidtear chun suíomhanna aerárthaí ar leithligh a chinneadh ionas gur féidir iad a scaradh go sábháilte ó chéile;
|
|
Airteagal 2 (64)
|
ciallaíonn ‘córas’ comhiomlán na gcomhdhamhnaí aerbheirthe agus ar talamh, chomh maith le trealamh spásbhunaithe, lena dtugtar tacaíocht do sheirbhísí aerloingseoireachta ag gach céim eitilte;
|
|
Airteagal 2 (65)
|
ciallaíonn ‘limistéar muirearaithe críochfoirt’ aerfort nó grúpa aerfort laistigh de chríocha Ballstáit nó Ballstát ina soláthraítear seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt agus a bhfuil bonn costais aonair agus dá bhfuil bonn costais aonair bunaithe;
|
|
Airteagal 2 (66)
|
ciallaíonn ‘uasghrádú’ aon mhodhnú a athraíonn saintréithe oibríochtúla córais;
|
|
Airteagal 2 (67)
|
ciallaíonn ‘úsáid struchtúr aerspáis’ an chaoi a n-úsáidtear struchtúir aerspáis go hoibríochtúil, rud atá le tuiscint mar rud atá difriúil ó bhainistíocht aerspáis mar a shainmhínítear i bpointe (12).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|