+Airteagal 16 Measúnú riosca láithreánsonrach ar láithreáin éillithe agus bainistiú na láithreán éillithe
---+Airteagal 16 1
---+Airteagal 16 2
---+Airteagal 16 3
---+Airteagal 16 4
---+Airteagal 16 5
---+Airteagal 16 6

Airteagal 16 Measúnú riosca láithreánsonrach ar láithreáin éillithe agus bainistiú na láithreán éillithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos an mhodheolaíocht shonrach le haghaidh an mheasúnaithe riosca láithreánsonraigh ar láithreáin éillithe. Agus an mhodheolaíocht sin á bunú, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na céimeanna agus na prionsabail dá dtagraítear in Iarscríbhinn V san áireamh.

Airteagal 16 2

2.   Cinnfidh na Ballstáit cad is riosca do-ghlactha ann do shláinte an duine agus don chomhshaol a eascraíonn as láithreáin éillithe, trí eolas eolaíoch atá ann cheana, tuairimí na n-údarás sláinte, prionsabal an réamhchúraim, sainiúlachtaí áitiúla, agus an úsáid talún atá ann faoi láthair agus atá beartaithe a chur san áireamh.

Airteagal 16 3

3.   I gcás gach láithreáin éillithe a fuarthas a bheith éillithe tar éis imscrúdú de bhun Airteagal 15 nó ar aon mhodh eile, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú riosca láithreánsonrach ar an úsáid talún atá ann faoi láthair agus atá beartaithe chun a chinneadh an bhfuil rioscaí do-ghlactha ag baint leis an láithreán éillithe do shláinte an duine nó don chomhshaol. Más leor an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagal 15 chun teacht ar an gconclúid nach riosca do-ghlactha do shláinte an duine ná don chomhshaol é an t-éilliú ithreach, nó chun teacht ar an gconclúid gur gá feabhsú ithreach a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an measúnú riosca láithreánsonrach a dhéanamh.

Airteagal 16 4

4.   Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe riosca láithreánsonraigh dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta laghdúcháin riosca iomchuí agus go gcuirfear chun feidhme iad, gan moill mhíchuí, chun na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a laghdú go leibhéal inghlactha.

Airteagal 16 5

5.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na bearta laghdúcháin riosca iomchuí, cuirfidh na Ballstáit, agus é mar aidhm acu an ithir a dhí-éilliú, lena n-áirítear tuilleadh éillithe a chosc, costais fhadtéarmacha, tairbhí fadtéarmacha, éifeachtacht fhadtéarmach, marthanacht fhadtéarmach agus indéantacht theicniúil fhadtéarmach na mbeart laghdúcháin riosca atá ar fáil san áireamh. Féadfaidh na bearta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a bheith sna bearta laghdúcháin riosca.

Airteagal 16 6

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun Iarscríbhinní IV agus V a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.