+Airteagal 6 4
|
Airteagal 6 4
4. Faoin 1 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó na caighdeáin arna bhforbairt ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a chur san áireamh, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a bhunú:
|
(a)
|
critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus gráid feidhmíochta athchúrsála, bunaithe ar Thábla 3 d’Iarscríbhinn II agus ar na paraiméadair a liostaítear i dTábla 4 d’Iarscríbhinn II maidir le catagóirí pacáistíochta a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II; déanfar critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta a fhorbairt ar bhonn an phríomhábhair agus déanfar an méid seo a leanas:
|
(i)
|
cuirfear san áireamh a fhurasta atá sé dramhaíl ó phacáistíocht a dheighilt ina sruthanna ábhair difriúla le haghaidh athchúrsála, agus í a shórtáil agus a athchúrsáil, ionas go mbeidh na hamhábhair thánaisteacha a thiocfaidh as sin ar cháilíocht leordhóthanach i gcomparáid leis an ábhar bunaidh gur féidir iad a úsáid chun na hamhábhair príomhúla a ionadú i gcás ina n-úsáidtear na hamhábhair thánaisteacha siúd i bpacáistíocht nó feidhmeanna ina gcaomhnaítear cáilíocht an ábhair athchúrsáilte iad, i gcás inarb indéanta;
|
|
(ii)
|
breithneofar ar phróisis sheanbhunaithe bailiúcháin agus sórtála arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil agus cumhdófar gach comhpháirt phacáistíochta;
|
|
(iii)
|
cuirfear san áireamh na teicneolaíochtaí athchúrsála atá ar fáil, a bhfeidhmíocht eacnamaíoch agus chomhshaoil, lena n-áirítear cáilíocht an aschuir, infhaighteacht na dramhaíola, an fuinneamh a theastaíonn uathu agus a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa;
|
|
(iv)
|
i gcás inarb iomchuí, sainaithneofar substaintí ar údar imní iad agus a dhéanann difear diúltach d’athúsáid agus athchúrsáil ábhar sa phacáistíocht ina bhfuil siad;
|
|
(v)
|
i gcás inarb iomchuí, bunófar srianta ar láithreacht na substaintí ar ábhar imní iad, nó ghrúpaí na substaintí sin, a bheith i bpacáistíocht nó i gcomhpháirteanna pacáistíochta ar chúiseanna nach mbaineann go príomha le sábháilteacht cheimiceach; d’fhéadfadh na srianta sin feidhmiú freisin chun rioscaí do-ghlactha do shláinte an duine nó don chomhshaol a laghdú, gan dochar do na srianta ar cheimiceáin a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó, i gcás inarb infheidhme, do na srianta agus do na bearta sonracha maidir le hábhair agus earraí a bhíonn i dtadhall le bia i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004;
|
|
|
(b)
|
conas measúnú ar fheidhmíocht in-athchúrsáilteachta a dhéanamh agus na torthaí a bhaineann leis a chur in iúl de réir gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta in aghaidh an aonaid pacáistíochta, i dtéarmaí ualaithe, lena n-áirítear critéir ábharshonracha agus éifeachtúlacht sórtála chun a chinneadh an measfar pacáistíocht a bheith in-athchúrsáilte faoi mhír 2;
|
|
(c)
|
tuairisc, le haghaidh gach catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II, ar na coinníollacha faoina gcomhlíonfar a ngráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta faoi seach;
|
|
(d)
|
creat a bhaineann le modhnú na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag táirgeoirí chun a n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a bheith bunaithe ar na gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta pacáistíochta.
|
Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh torthaí an mheasúnaithe, más ann dó, a rinneadh de bhun Airteagal 5.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun Tábla 1 d’Iarscríbhinn II a leasú chun é a chur in oiriúint don fhorbairt eolaíoch agus theicniúil ar dhearadh ábhair agus táirgí, agus ar bhonneagar bailiúcháin, sórtála agus athchúrsála. Sna gníomhartha tarmligthe sin, féadfaidh an Coimisiún critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála a leagan síos le haghaidh catagóirí pacáistíochta breise nó fochatagóirí a chruthú laistigh de na catagóirí a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II.
Comhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha critéir nua nó nuashonraithe maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála faoi cheann 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe ábhartha.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|