+Airteagal 43 Dramhaíl ó phacáistíocht a chosc
---+Airteagal 43 1
---+Airteagal 43 2
---+Airteagal 43 3
---+Airteagal 43 4
---+Airteagal 43 5
---+Airteagal 43 6
---+Airteagal 43 7
---+Airteagal 43 8
---+Airteagal 43 9

Airteagal 43 Dramhaíl ó phacáistíocht a chosc

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 43 1

1.   Laghdóidh gach Ballstát an dramhaíl ó phacáistíocht a ghintear in aghaidh an duine. I gcomparáid leis an dramhaíl ó phacáistíocht a gineadh in aghaidh an duine in 2018 mar a tuairiscíodh don Choimisiún de réir Chinneadh 2005/270/CE, faoi na méideanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

5 % faoi 2030;

(b)

10 % faoi 2035;

(c)

15 % faoin 2040.

Airteagal 43 2

2.   Chun tacú leis na Ballstáit na spriocanna maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a bhaint amach, faoin 12 Feabhra 2027, bunóidh an Coimisiún fachtóir ceartúcháin chun an méadú nó an laghdú ar thurasóireacht i ndáil leis an mbonnbhliain 2018 a chur san áireamh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 56(7), pointe (c). Beidh an fachtóir ceartúcháin sin bunaithe ar ráta giniúna dramhaíola ó phacáistíocht in aghaidh an turasóra agus ar an éagsúlacht i líon na dturasóirí i ndáil leis an mbonnbhliain 2018 agus cuirfear san áireamh acmhainneacht laghdaithe na dramhaíola ó phacáistíocht sa turasóireacht.

Airteagal 43 3

3.   Gan dochar do mhíreanna 1 agus 4, maidir leis na Ballstáit a bhfuil córais ar leithligh bunaithe acu cheana féin chun dramhaíl tí ó phacáistíocht a bhainistiú ar lámh amháin agus córas eile le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht tionsclaíochta agus tráchtála, ar an láimh eile, féadfaidh siad na córais sin a choinneáil ar bun.

Airteagal 43 4

4.   Agus na spriocanna a leagtar amach i mír 1 á ngnóthú acu, féachfaidh gach Ballstát leis an méid dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear a laghdú.

Airteagal 43 5

5.   De bhreis ar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le cuspóirí foriomlána bheartas dramhaíola an Aontais agus chun na spriocanna a leagtar amach san Airteagal seo a bhaint amach, bearta darb aidhm giniúint dramhaíola ó phacáistíocht a chosc agus tionchar na pacáistíochta ar an gcomhshaol a íoslaghdú a chur chun feidhme. Féadfar a áireamh le bearta den sórt sin go ndéanfar ionstraimí eacnamaíocha agus bearta eile a úsáid chun dreasachtaí a sholáthar chun ord na réiteach dramhaíola a chur chun feidhme, amhail na bearta dá dtagraítear in Iarscríbhinní IV agus IVa a ghabhann le Treoir 2008/98/CE, nó ionstraimí agus bearta iomchuí eile, lena n-áirítear dreasachtaí arna soláthar trí bhíthin scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora agus oibleagáidí ar thairgeoirí nó oibleagáidí ar eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí chun pleananna maidir le dramhaíl a chosc a ghlacadh. Beidh na bearta comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, dearfar iad ar bhealach a ndéanfar bacainní ar thrádáil nó saobhadh iomaíochta a sheachaint. Ní bheidh aistriú chuig ábhar pacáistíochta níos éadroime a úsáid chun an sprioc maidir le laghdú dramhaíola a chomhlíonadh mar thoradh ar na bearta sin.

Airteagal 43 6

6.   Chun críoch mhír 5 den Airteagal seo agus gan dochar d’Airteagal 16(2) de Threoir (AE)2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (73), spreagfaidh na Ballstáit bialanna, ceaintíní, beáir, caiféanna agus seirbhísí lónadóireachta, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, chun uisce buacaire saor in aisce a thabhairt dá gcustaiméirí nó táille seirbhíse íseal a ghearradh orthu, i bhformáid in-athúsáidte nó in-athlíonta.

Airteagal 43 7

7.   Chun críoch mhír 4, féadfaidh na Ballstáit bearta maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc a thabhairt isteach a théann thar na spriocanna íosta a leagtar amach i mír 1, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 43 8

8.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit faoi 31 Nollaig 2025 a iarraidh ar an gCoimisiún bonnbhliain eile seachas 2018 a úsáid chun na spriocanna a leagtar amach i mír 1 a ríomh. Má dhéanann Ballstát iarraidh den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh, gan dochar do mhíreanna 5 agus 7, féadfaidh an Coimisiún cead a thabhairt do na Ballstáit an bhonnbhliain eile sin a úsáid agus na spriocanna a leagtar amach i mír 1 á ríomh ar choinníoll go gcuirfidh an Ballstát fianaise chuí-réasúnaithe ar fáil ar an méid seo a leanas:

(a)

gur tháinig méadú suntasach ar dhramhaíl ó phacáistíocht le linn na bliana a iarann sé í a úsáid mar bhonnbhliain chun na spriocanna a leagtar amach i mír 1 a ríomh;

(b)

gurb iad athruithe ar na nósanna imeachta tuairiscithe, agus iad sin amháin, is cúis leis an méadú suntasach ar dhramhaíl ó phacáistíocht a léirítear faoi phointe (a);

(c)

nach méadú ar thomhaltas is cúis leis an méadú suntasach ar dhramhaíl ó phacáistíocht a léirítear faoi phointe (a); agus

(d)

gur fearr an inchomparáideacht sonraí a bheadh ann idir na Ballstáit.

Airteagal 43 9

9.   Faoin 12 Feabhra 2032, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna a leagtar síos i mír 1 agus measúnú ar an ngá atá le spriocanna sonracha i gcomhair ábhair phacáistíochta áirithe a áireamh. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí dar leis an gCoimisiún, togra reachtach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.