+Airteagal 75 12
|
Airteagal 75 12
12. Faoin 26 Márta 2027, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a leagan amach:
|
(a)
|
ceanglais, sonraíochtaí teicniúla agus ollstruchtúr TF SonraíSláinte@AE (HealthData@EU), lena n-áiritheofar slándáil úrscothach sonraí, rúndacht, agus cosaint sonraí leictreonacha sláinte in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU);
|
|
(b)
|
coinníollacha agus seiceálacha comhlíontachta a bhfuil gá leo chun bheith in ann a bheith páirteach in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) agus leanúint de bheith nasctha leis agus coinníollacha maidir le dínascadh sealadach nó eisiamh cinntitheach ó SonraíSláinte@AE (HealthData@EU), lena n-áirítear forálacha sonracha maidir le cásanna mí-iompair thromchúisigh nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile;
|
|
(c)
|
na critéir íosta is gá do na pointí teagmhála náisiúnta le haghaidh úsáid thánaisteach agus na rannpháirtithe údaraithe in SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) a chomhlíonadh;
|
|
(d)
|
freagrachtaí na rialaitheoirí agus na bpróiseálaithe atá rannpháirteach sa bhonneagar trasteorann;
|
|
(e)
|
freagrachtaí na rialaitheoirí agus na bpróiseálaithe as an timpeallacht phróiseála shlán a bhainistíonn an Coimisiún;
|
|
(f)
|
sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh ollstruchtúr SonraíSláinte@AE (HealthData@EU) agus lena idir-inoibritheacht le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha eile.
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|