+Airteagal 92 Bord maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte
---+Airteagal 92 1
---+Airteagal 92 2
---+Airteagal 92 3
---+Airteagal 92 4
---+Airteagal 92 5
---+Airteagal 92 6
---+Airteagal 92 7
---+Airteagal 92 8
---+Airteagal 92 9
---+Airteagal 92 10
---+Airteagal 92 11

Airteagal 92 Bord maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 92 1

1.   Leis seo bunaítear Bord maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte (‘Bord EHDS’) chun comhar agus malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Beidh Bord EHDS comhdhéanta de bheirt ionadaithe in aghaidh an Bhallstáit, eadhon ionadaí amháin chun críoch úsáide príomhúla agus ionadaí amháin chun críoch úsáide tánaistí, arna n-ainmniú ag gach Ballstát. Beidh vóta amháin ag gach Ballstát. Gabhfaidh comhaltaí Bhord EHDS orthu féin gníomhú ar mhaithe le leas an phobail agus ar bhealach neamhspleách.

Airteagal 92 2

2.   Déanfaidh ionadaí ón gCoimisiún agus ceann de na hionadaithe ó na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 comhchathaoirleacht ar chruinnithe Bhord EHDS.

Airteagal 92 3

3.   Tabharfar cuireadh do na húdaráis faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 43, don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), freastal ar na cruinnithe, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le Bord EHDA.

Airteagal 92 4

4.   Féadfaidh Bord EHDS cuireadh a thabhairt d’údaráis náisiúnta, saineolaithe agus breathnóirí chomh maith le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, mar aon leis na cinn dá dtagraítear i mír 3, agus do bhonneagair thaighde agus do bhonneagair chomhchosúla eile freastal ar a chruinnithe.

Airteagal 92 5

5.   Féadfaidh Bord EHDS comhoibriú le saineolaithe seachtracha i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 92 6

6.   Ag brath ar na feidhmeanna a bhaineann le sonraí leictreonacha sláinte a úsáid, féadfaidh Bord EHDS oibriú i bhfoghrúpaí i gcás ábhair áirithe, ina ndéanfar ionadaíocht ar údaráis sláinte digití nó ar chomhlachtaí rochtana sonraí sláinte. Tacóidh na foghrúpaí sin le Bord EHDS maidir le saineolas sonrach agus féadfaidh cruinnithe comhpháirteacha a bheith acu, de réir mar is gá.

Airteagal 92 7

7.   Glacfaidh Bord EHDS a rialacha nós imeachta agus a chód iompair, tar éis togra a fháil ón gCoimisiún. Déanfar foráil leis na rialacha nós imeachta sin maidir le comhdhéanamh, eagrú, feidhmiú agus comhar na bhfoghrúpaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus maidir le comhar Bhord EHDS leis an bhfóram geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 93.

Déanfaidh Bord EHDS cinntí a ghlacadh trí chomhthoil a mhéid is féidir. Mura féidir teacht ar chomhthoil, déanfaidh Bord EHDS cinntí a ghlacadh bunaithe ar thromlach de dhá thrian de na Ballstáit.

Airteagal 92 8

8.   Comhoibreoidh Bord EHDS le comhlachtaí, eintitis agus saineolaithe ábhartha eile, amhail an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí arna bhunú le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2022/868, údaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2023/2854, comhlachtaí maoirseachta arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 46b de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le hAirteagal 68 de Rialachán (AE) 2016/679, comhlachtaí cibearshlándála, lena n-áirítear ENISA, agus an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte, d’fhonn teacht ar réitigh is forbartha i dtreo úsáid sonraí inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheacha agus in-athúsáidte (FAIR) sa taighde agus sa nuálaíocht.

Airteagal 92 9

9.   Tabharfaidh rúnaíocht arna soláthar ag an gCoimisiún cúnamh do Bhord EHDS.

Airteagal 92 10

10.   Foilseoidh Bord EHDS a dhátaí cruinnithe agus na miontuairiscí ar a phléití agus foilseoidh sé, gach dara bliain, tuarascáil ar a ghníomhaíochtaí.

Airteagal 92 11

11.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá chun Bord EHDS a bhunú agus ar mhaithe lena oibríocht. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.