+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
---+Airteagal 2 (7)
---+Airteagal 2 (8)
---+Airteagal 2 (9)
---+Airteagal 2 (10)
---+Airteagal 2 (11)
---+Airteagal 2 (12)
---+Airteagal 2 (13)
---+Airteagal 2 (14)
---+Airteagal 2 (15)
---+Airteagal 2 (16)
---+Airteagal 2 (17)
---+Airteagal 2 (18)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn ‘Gníomhaireachtaí’ an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘ECHA’), an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (‘EEA’), an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘EFSA’), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘EMA’) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA);
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn ‘Údaráis’ an Coimisiún, údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in aon cheann de ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinní I nó III, agus na Gníomhaireachtaí, seachas a mboird bhainistíochta;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn ‘sealbhóir dualgais’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá freagrach as oibleagáidí a chomhlíonadh faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I;
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn ‘oibreoir gnó’ sealbhóir dualgais ar gnóthas príobháideach nó poiblí é nó í;
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn ‘sonraí bithmhonatóireachta daonna’ sonraí maidir le comhchruinnithe ceimiceán arna dtomhas i maitrísí daonna amhail fuil nó fual;
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn ‘luach tagartha’ meastachán ar uasleibhéal nochta do cheimiceán nó leibhéal astaíochta ceimiceáin nach bhfuil coinne le haon éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol faoina bhun nó nach bhfuil ach éifeachtaí díobhálacha inghlactha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol faoina bhun, nó a meastar go bhfuil na rioscaí a bhaineann le héifeachtaí díobhálacha an cheimiceáin sin ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol inghlactha nó infhulaingthe;
|
|
Airteagal 2 (7)
|
ciallaíonn ‘tionscnóir’ an Coimisiún nó an ghníomhaireacht, nó údarás inniúil Ballstáit atá freagrach as measúnuithe rúndachta faoi aon ghníomh dlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I;
|
|
Airteagal 2 (8)
|
ciallaíonn ‘gníomh tionscnaimh an Aontais’ gníomh dlí an Aontais ar dá bhun a gineadh nó a cuireadh isteach na sonraí ceimiceán agus an fhaisnéis faoi cheimiceáin;
|
|
Airteagal 2 (9)
|
ciallaíonn ‘foclóirí rialaithe’ socruithe caighdeánaithe agus eagraithe focal agus frásaí atá curtha i láthair mar liostaí téarmaí nó mar theasáras agus tacsanomaíochtaí le struchtúr ordlathais de théarmaí níos leithne agus níos cúinge;
|
|
Airteagal 2 (10)
|
ciallaíonn ‘sonraí ceimiceán’ aon léiriú ar fhíorais nó ar fhaisnéis a bhaineann le ceimiceáin agus aon tiomsú d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear faisnéis maidir le hairíonna fisiceimiceacha, airíonna guaiseacha, úsáid, nochtadh, riosca, tarlú, astaíochtaí, cinniúint agus próiseas monaraíochta ceimiceán, chomh maith le faisnéis maidir le ceimiceáin a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le hathrú aeráide, faisnéis a bhaineann leis an bpróiseas rialála maidir le ceimiceáin, sonraí maidir le roghanna malartacha ar shubstaintí ar údar imní iad, formáidí caighdeánacha, foclóirí rialaithe, nó aon fhaisnéis maidir leis na hoibleagáidí dlíthiúla is infheidhme a bhaineann le ceimiceáin;
|
|
Airteagal 2 (11)
|
ciallaíonn ‘sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil’ aon sonraí is ábhartha don mheasúnú inbhuanaitheachta comhshaoil ar cheimiceán nó ábhar le linn a shaolré ar fad, lena n-áirítear:
|
(a)
|
sonraí maidir le hacmhainní, lena n-áirítear amhábhair, uisce, fuinneamh, breoslaí iontaise agus talamh;
|
|
(b)
|
sonraí maidir le hastaíochtaí, lena n-áirítear gáis ceaptha teasa, substaintí ábhartha don eotrófú, deannach agus na substaintí truaillithe eile uile; agus
|
|
(c)
|
sonraí maidir le seachtháirgí a thionscnaítear le linn shaolré an cheimiceáin ar féidir iad a úsáid mar acmhainní i bpróisis táirgthe eile, lena n-áirítear hidrigin agus aonocsaíd charbóin;
|
|
|
Airteagal 2 (12)
|
ciallaíonn ‘sonraí taighde foilsithe piarmheasúnaithe’ aon sonraí ceimiceán a dhíorthaítear ó staidéir eolaíocha a fhoilsítear i bhfoilseacháin phiarmheasúnaithe agus nach ndéantar go sonrach chun críoch measúnuithe rialála;
|
|
Airteagal 2 (13)
|
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679 agus mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2018/1725;
|
|
Airteagal 2 (14)
|
ciallaíonn ‘próiseáil’ próiseáil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) 2016/679 agus mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2018/1725;
|
|
Airteagal 2 (15)
|
ciallaíonn ‘rialaitheoir sonraí’‘rialaitheoir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679 agus mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725;
|
|
Airteagal 2 (16)
|
ciallaíonn ‘rialaitheoir sonraí’ próiseálaí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (8), de Rialachán (AE) 2016/679, agus mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725;
|
|
Airteagal 2 (17)
|
ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ dhá cheann nó níos mó de spásanna sonraí nó de líonraí, córais, táirgí, feidhmchláir nó comhpháirteanna cumarsáide a bheith in ann sonraí a mhalartú agus a úsáid chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh;
|
|
Airteagal 2 (18)
|
ciallaíonn ‘an pobal’ duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó, agus comhlachais, eagraíochtaí nó grúpaí daoine den sórt sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R2455
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|