8. Féadfaidh ECHA sampla de shubstaint nó meascán, lena bhfuil gá chun na staidéir eolaíocha dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a dhéanamh, a iarraidh ar oibreoir gnó a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a fhoirmlíonn an tsubstaint nó an meascán sin nó a chuireann an tsubstaint nó an meascán sin ar an margadh. Chun sampla a iarraidh, seolfaidh ECHA dréachtiarraidh chuig an oibreoir gnó, ina mínítear an iarraidh agus ina sonraítear cainníocht agus foirm an tsampla chomh maith leis an dáta faoina bhfuil an sampla le soláthar. Féadfaidh ECHA a iarraidh ar an oibreoir gnó saintréithriú substainte nó meascáin a sholáthar. Cuirfidh ECHA an t-oibreoir gnó ar an eolas faoina cheart chun barúil a thabhairt laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil. Cuirfidh ECHA aon bharúil a thugtar san áireamh, agus ansin deimhneoidh nó leasóidh sé iarraidh.
I gcás ina ndeimhneoidh nó ina leasóidh ECHA an iarraidh, soláthróidh an t-oibreoir gnó an sampla iarrtha saor in aisce do ECHA nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a choimisiúnaigh ECHA chun an staidéar eolaíoch a dhéanamh roimh an spriocdháta arna leagan amach ag ECHA. Féadfaidh an t-oibreoir gnó a iarraidh ar ECHA gan faisnéis áirithe saintréithrithe a bhaineann leis an sampla arna sholáthar a nochtadh má léiríonn an t-oibreoir gnó go mbainfeadh an nochtadh an bonn ó chosaint a leasanna tráchtála.
Má mheasann ECHA go bhfuil údar leis an iarraidh, measfar an fhaisnéis lena mbaineann a bheith rúnda agus ní chuirfear ar fáil í don phobal.