11. Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, déanfaidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun léiriú a thabhairt ar chomhlíonadh an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí leis an Rialachán seo a chur ar fáil don údarás sin, i bhfoirm leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhfoirm páipéir, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh allmhaireoirí i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le glantach nó le dromchlaghníomhaí atá curtha ar an margadh acu.