3. Ní dhéanfar na cúraimí seachfhoinsithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo ar bhealach a chuirfeadh isteach go hábhartha ar cháilíocht bheartais agus nósanna imeachta an eintitis faoi oibleagáid ceanglais an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2023/1113, ná ar cháilíocht na rialuithe atá i bhfeidhm chun na beartais agus na nósanna imeachta sin a chomhlíonadh. Ní dhéanfar na cúraimí seo a leanas a sheachfhoinsiú in aon chúinsí:
|
(a)
|
moladh agus formheas mheasúnú riosca uileghnó an eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 10(2);
|
|
(b)
|
formheas bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 9;
|
|
(c)
|
cinneadh maidir leis an bpróifíl riosca atá le sannadh don chustaiméir;
|
|
(d)
|
an cinneadh gaolmhaireacht gnó a bheith aige nó idirbheart ócáideach a dhéanamh le cliant;
|
|
(e)
|
gníomhaíochtaí amhrasacha a thuairisciú do FIU de bhun Airteagal 69 nó tuarascálacha tairseachbhunaithe de bhun Airteagal 74 agus 80, ach amháin i gcás ina seachfhoinsítear na gníomhaíochtaí sin chuig eintiteas eile faoi oibleagáid a bhaineann leis an ngrúpa céanna agus atá bunaithe san aon Bhallstát amháin;
|
|
(f)
|
na critéir a fhormheas chun idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha nó neamhghnácha a bhrath.
|