+Airteagal 28 Caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an bhfaisnéis is gá chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh
---+Airteagal 28 1
---+Airteagal 28 2
---+Airteagal 28 3
---+Airteagal 28 4
|
Airteagal 28 Caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an bhfaisnéis is gá chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1
|
1. Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin:
|
(a)
|
na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le heintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 20 agus an fhaisnéis atá le bailiú chun dícheall cuí caighdeánach, simplithe agus feabhsaithe a dhéanamh de bhun Airteagail 22 agus 25 agus Airteagail 33(1) agus 34(4), lena n-áirítear íoscheanglais i gcásanna riosca níos ísle;
|
|
(b)
|
na cineálacha beart díchill chuí shimplithe a bhféadfaidh eintitis faoi oibleagáid iad a chur i bhfeidhm i gcásanna riosca níos ísle de bhun Airteagal 33(1) den Rialachán seo, lena n-áirítear bearta is infheidhme maidir le catagóirí sonracha eintiteas faoi oibleagáid agus táirgí nó seirbhísí, ag féachaint do thorthaí an mheasúnaithe riosca fhornáisiúnta ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640;
|
|
(c)
|
na tosca riosca a bhaineann le gnéithe d’ionstraimí ríomh-airgid ar cheart do mhaoirseoirí iad a chur san áireamh agus méid na díolúine faoi Airteagal 19(7) á chinneadh;
|
|
(d)
|
na foinsí iontaofa agus neamhspleácha faisnéise a fhéadfar a úsáid chun sonraí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a shainaithint chun críocha Airteagal 22(6) agus (7);
|
|
(e)
|
an liosta tréithe nach mór a bheith ag modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22(6), pointe (b), chun ceanglais Airteagal 20(1), pointí (a) agus (b), a chomhlíonadh i gcás dícheall cuí caighdeánach, simplithe agus feabhsaithe.
|
|
|
Airteagal 28 2
|
2. Beidh na ceanglais agus na bearta dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), bunaithe ar na critéir seo a leanas:
|
(a)
|
an riosca bunúsach a bhaineann leis an tseirbhís a chuirtear ar fáil;
|
|
(b)
|
na rioscaí a bhaineann le catagóirí de chustaiméirí;
|
|
(c)
|
cineál, méid agus atarlú an idirbhirt;
|
|
(d)
|
na bealaí a úsáidtear chun an ghaolmhaireacht gnó a stiúradh nó chun idirbhearta ócáideacha a dhéanamh.
|
|
|
Airteagal 28 3
|
3. Déanfaidh MLA athbhreithniú rialta ar na caighdeáin theicniúla rialála agus, más gá, déanfaidh sé an dréacht chun na caighdeáin sin a thabhairt cothrom le dáta a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun, inter alia, nuálaíocht agus forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 28 4
|
4. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|