+Airteagal 29 Tríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha shuntasacha orthu ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint
---+Airteagal 29 1
---+Airteagal 29 2
---+Airteagal 29 3
---+Airteagal 29 4
---+Airteagal 29 5
---+Airteagal 29 6
---+Airteagal 29 7

Airteagal 29 Tríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha shuntasacha orthu ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1

1.   Déanfaidh an Coimisiún tríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha shuntasacha orthu ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint agus a ainmniú mar ‘thríú tíortha ardriosca’.

Airteagal 29 2

2.   Chun na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shainaithint, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, i gcás:

(a)

inar sainaithníodh easnaimh straitéiseacha shuntasacha i gcreat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT an tríú tír;

(b)

inar sainaithníodh easnaimh straitéiseacha shuntasacha in éifeachtacht chóras AML/CFT an tríú tír chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta nó ina chóras chun rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe a bhaineann le maoiniú an leata a mheasúnú agus a mhaolú;

(c)

ina bhfuil na heasnaimh straitéiseacha shuntasacha a sainaithníodh faoi phointí (a) agus (b) de chineál leanúnach agus nach bhfuil aon bheart chun iad a mhaolú tógtha nó á thógáil.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin laistigh de 20 lá féilire ó dheimhníonn an Coimisiún go bhfuil na critéir i bpointí (a), (b) nó (c) comhlíonta.

Airteagal 29 3

3.   Chun críocha mhír 2, cuirfidh an Coimisiún san áireamh glaonna ar chur i bhfeidhm beart feabhsaithe díchill chuí agus beart maolaitheach breise (‘frithbhearta’) le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus socraitheoirí caighdeán a bhfuil inniúlacht acu sa réimse maidir le cosc a chur ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, chomh maith le meastóireachtaí, measúnuithe, tuarascálacha nó ráitis phoiblí ábhartha atá tarraingthe suas acu.

Airteagal 29 4

4.   I gcás ina sainaithnítear tríú tír i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid na bearta feabhsaithe díchill chuí a liostaítear in Airteagal 34(4) i bhfeidhm maidir leis na gaolmhaireachtaí gnó nó na hidirbhearta ócáideacha a bhaineann le daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ón tríú tír sin.

Airteagal 29 5

5.   Sainaithneofar sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2, ar na frithbhearta a liostaítear in Airteagal 35, na frithbhearta sonracha lena maolaítear rioscaí sonracha a eascraíonn ó gach tríú tír ardriosca.

Airteagal 29 6

6.   I gcás ina sainaithníonn Ballstát riosca sonrach sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le tríú tír a shainaithin an Coimisiún i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 2 nach dtugtar aghaidh air leis na frithbhearta dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh sé a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe ina chríoch frithbhearta breise sonracha a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sonracha a bhaineann leis an tríú tír sin a mhaolú. Cuirfear an riosca a sainaithníodh agus na frithbhearta comhfhreagracha in iúl don Choimisiún laistigh de 5 lá tar éis na frithbhearta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 29 7

7.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn rialta lena áirithiú go gcuirfear na hathruithe sa chreat AML/CFT den tríú tír san áireamh sna frithbhearta sonracha a shainaithneofar de bhun mhír 5 agus go mbeidh siad i gcomhréir leis na rioscaí agus leordhóthanach maidir leo.

Ar fhógra a fháil de bhun mhír 6, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis a gheofar chun a chinneadh an ndéanann na rioscaí tírshonracha sin difear do shláine mhargadh inmheánach an Aontais. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2, trí na frithbhearta is gá a chur leis chun na rioscaí breise sin a mhaolú. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil gá leis na bearta sonracha breise arna gcur i bhfeidhm ag Ballstát faoi mhír 6 chun rioscaí sonracha a eascraíonn as an tríú tír sin a mhaolú, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go gcuirfidh an Ballstát deireadh leis an bhfrithbheart sonrach breise.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas