+Airteagal 48 Forálacha ginearálta a bhaineann le bheith ag brath ar eintitis eile faoi oibleagáid
---+Airteagal 48 1
---+Airteagal 48 2
---+Airteagal 48 3
---+Airteagal 48 4
|
Airteagal 48 Forálacha ginearálta a bhaineann le bheith ag brath ar eintitis eile faoi oibleagáid
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 48 1
|
1. Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid brath ar eintitis eile faoi oibleagáid, bídís lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír, chun na ceanglais díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1), pointí (a), (b) agus (c), a chomhlíonadh, ar choinníoll:
|
(a)
|
go gcuireann na heintitis eile faoi oibleagáid na ceanglais díchill chuí do chustaiméirí agus na ceanglais maidir le coimeád taifead a leagtar síos sa Rialachán seo, nó a gcomhionann, i bhfeidhm i gcás ina mbeidh na heintitis eile faoi oibleagáid lonnaithe nó bunaithe i dtríú tír;
|
|
(b)
|
go ndéantar maoirsiú ar chomhlíonadh cheanglais AML/CFT ag na heintitis eile faoi oibleagáid ar bhealach atá comhsheasmhach le Caibidil IV de Threoir (AE) 2024/1640.
|
Is leis an eintiteas faoi oibleagáid atá ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid, áfach, a fhanfaidh an fhreagracht deiridh maidir le ceanglais díchill chuí do chustaiméirí a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 48 2
|
2. Agus cinneadh á dhéanamh acu brath ar eintitis eile faoi oibleagáid atá lonnaithe i dtríú tíortha, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid san áireamh na tosca riosca geografacha a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III agus aon fhaisnéis ábhartha nó treoraíocht ábhartha a chuireann an Coimisiún, AMLA nó údaráis inniúla eile ar fáil.
|
|
Airteagal 48 3
|
3. I gcás eintitis faoi oibleagáid ar chuid de ghrúpa iad, is féidir comhlíonadh cheanglais an Airteagail seo agus Airteagail 49 a áirithiú trí bhíthin beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha ar fad seo a leanas:
|
(a)
|
braitheann an t-eintiteas faoi oibleagáid ar fhaisnéis arna soláthar ag eintiteas faoi oibleagáid atá mar chuid den ghrúpa céanna agus aige sin amháin;
|
|
(b)
|
cuireann an grúpa beartais agus nósanna imeachta AML/CFT, bearta díchill chuí do chustaiméirí agus rialacha maidir le coimeád taifead i bhfeidhm atá go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó le rialacha coibhéiseacha i dtríú tíortha;
|
|
(c)
|
déanann údarás maoirseachta an Bhallstáit baile nó an tríú tír maoirseacht ar leibhéal grúpa ar chur i bhfeidhm éifeachtach na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir (AE) 2024/1640 nó i gcomhréir le rialacha an tríú tír sin.
|
|
|
Airteagal 48 4
|
4. Ní bhraithfidh eintitis faoi oibleagáid ar eintitis faoi oibleagáid arna mbunú i dtríú tíortha arna sainaithint de bhun Roinn 2 den Chaibidil seo. Mar sin féin, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid arna mbunú san Aontas a bhfuil a mbrainsí agus a bhfochuideachtaí bunaithe sna tríú tíortha sin brath ar na brainsí agus na fochuideachtaí sin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ar fad a leagtar síos i mír 3.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|