+Airteagal 49 Próiseas maidir le bheith ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid
---+Airteagal 49 1
---+Airteagal 49 2
---+Airteagal 49 3
---+Airteagal 49 4
---+Airteagal 49 5

Airteagal 49 Próiseas maidir le bheith ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 49 1

1.   Gheobhaidh eintitis faoi oibleagáid ón eintiteas faoi oibleagáid ar a bhfuil siad ag brath an fhaisnéis ar fad is gá maidir leis an ngnó atá á thabhairt isteach nó maidir leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1), pointí (a), (b) agus (c).

Airteagal 49 2

2.   Glacfaidh eintitis faoi oibleagáid a bhraitheann ar eintitis eile faoi oibleagáid na céimeanna ar fad is gá lena áirithiú go gcuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid ar a bhfuil siad ag brath na nithe seo a leanas ar fáil ach iad a iarraidh:

(a)

cóipeanna den fhaisnéis a bhailítear chun an custaiméir a shainaithint;

(b)

na doiciméid tacaíochta ar fad nó na foinsí iontaofa faisnéise ar fad a úsáideadh chun céannacht an chliaint, agus, i gcás inarb ábhartha, céannacht úinéirí tairbhiúla an chustaiméara nó na ndaoine ar thar a gceann a ghníomhaíonn an custaiméir a fhíorú, lena n-áirítear sonraí a fhaightear trí bhíthin modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaobhais ábhartha mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014; agus

(c)

aon fhaisnéis a bhailítear maidir le cuspóir agus cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó.

Airteagal 49 3

3.   Cuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid a bhfuiltear ag brath air an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil gan mhoill agus in aon chás laistigh de 5 lá oibre.

Airteagal 49 4

4.   Sonrófar na coinníollacha maidir le tarchur na faisnéise agus na ndoiciméad a luaitear i míreanna 1 agus 2 i gcomhaontú i scríbhinn idir na heintitis faoi oibleagáid.

Airteagal 49 5

5.   I gcás ina mbraitheann an t-eintiteas faoi oibleagáid ar eintiteas faoi oibleagáid atá mar chuid dá ghrúpa, is féidir nós imeachta a bhunaítear ar leibhéal an ghrúpa a chur in ionad an chomhaontaithe i scríbhinn, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 48(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas