+Airteagal 70 Forálacha sonracha maidir le tuairisciú amhras ag catagóirí áirithe d’eintitis faoi oibleagáid
---+Airteagal 70 1
---+Airteagal 70 2
---+Airteagal 70 3

Airteagal 70 Forálacha sonracha maidir le tuairisciú amhras ag catagóirí áirithe d’eintitis faoi oibleagáid

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 70 1

1.   De mhaolú ar Airteagal 69(1), féadfaidh na Ballstáit lamháil do na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 3(a) agus (b),, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 69(1) a tharchur do chomhlacht féinrialála arna ainmniú ag an mBallstát.

Déanfaidh an comhlacht féinrialála ainmnithe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharchur don FIU go pras agus gan scagadh.

Airteagal 70 2

2.   Beidh nótairí, dlíodóirí, gairmithe dlí eile, iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 69(1) a mhéid a bhaineann díolúine mar sin le faisnéis a fhaigheann siad ó chliant leo nó a fhaigheann siad faoi chliant leo, le linn dóibh staid dhlíthiúil an chliaint sin a fhionnadh, nó le linn dóibh an cliant a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh air nó maidir le himeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear comhairle a sholáthar chun na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint, gan beann ar cibé acu an bhfaightear an fhaisnéis sin roimh na himeachtaí sin, lena linn nó ina ndiaidh.

Ní bheidh feidhm ag an díolúine a leagtar amach sa chéad fhomhír i gcás na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear inti sna cásanna a leanas:

(a)

bíonn siad páirteach i sciúradh airgid, ina chionta preideacáide, nó i maoiniú na sceimhlitheoireachta;

(b)

tugann siad comhairle dlí chun críoch sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta, nó

(c)

bíonn a fhios acu go bhfuil comhairle dlí á lorg ag an gcliant chun críoch sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta; is féidir eolas nó cuspóir a thuiscint as imthosca fíorasacha oibiachtúla.

Airteagal 70 3

3.   Sa bhreis ar na cásanna dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, i gcás ina bhfuil údar leis ar bhonn rioscaí níos airde go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le cineálacha áirithe idirbheart, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhfuil feidhm ag an díolúine dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, maidir leis na cineálacha sin idirbheart agus, de réir mar is iomchuí, oibleagáidí tuairiscithe breise a fhorchur ar na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear sa mhír sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a ghlacfar de bhun na míre seo. Cuirfidh an Coimisiún na cinntí sin in iúl do na Ballstáit eile

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas