+Airteagal 126 Neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe tráchtála
---+Airteagal 126 1.
---+Airteagal 126 2.
---+Airteagal 126 3.
---+Airteagal 126 4.

Airteagal 126 Neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe tráchtála

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 126 1.
Maidir le neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 124(2), pointe (b)(i), déanfar ualú riosca 60 % a shannadh don chuid den neamhchosaint suas le 55 % den luach réadmhaoine.

I gcás ina bhfuil lian sóisearach i seilbh institiúide agus ina bhfuil liain níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide sin, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 60 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine a laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide.

I gcás ina bhfuil lian nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 60 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid aon lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide, a laghdú de thoradh an mhéid seo a leanas:

(a) 

55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid lian níos sinsearaí, más ann dóibh, atá i seilbh na hinstitiúide agus i seilbh institiúidí eile araon; agus

(b) 

méid na lian nach bhfuil i seilbh an fhorais atá ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide arna roinnt ar shuim na lian pari passu uile.

I gcás, i gcomhréir le hAirteagal 124(9), inar shocraigh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe ualú riosca níos airde nó céatadán níos ísle den luach réadmhaoine ná na cinn siúd dá dtagraítear sa mhír seo, úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca nó céatadán a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 124(9).

Déanfar an chuid atá fágtha den neamhchosaint dá dtagraítear sa chéad fhomhír, más ann dó, a ualú ó thaobh riosca de mar neamhchosaint ar an gcontrapháirtí nach bhfuil urraithe le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála.

Airteagal 126 2.
Déanfar an t-ualú riosca a socraíodh i gcomhréir le luach na neamhchosanta maidir leis an mbuicéad ualaithe riosca neamhchosanta agus luacha faoi seach i dTábla 1 a shannadh do neamhchosaint dá dtagraítear in Airteagal 124(2), pointe (b)(ii).

Chun críocha na míre seo, i gcomhréir le hAirteagal 124(9), i gcás inar shocraigh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe ualú riosca níos airde nó céatadán neamhchosanta agus luacha atá níos ísle ná na cinn siúd dá dtagraítear sa mhír seo, úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca nó céatadán a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 124(9).


Tábla 1

 

ETV ≤ 60 %

60 % < ETV ≤ 80 %

ETV > 80 %

Ualú riosca

70 %

90 %

110 %

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh institiúidí an láimhseáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá lonnaithe laistigh de chríoch Bhallstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 430a(3), rátaí caillteanais na neamhchosaintí sin nach mó iad, bunaithe ar na sonraí comhiomlánaithe arna dtuairisciú ag na hinstitiúidí sa Bhallstát sin le haghaidh an mhargaidh réadmhaoine dochorraithe náisiúnta sin, ná aon cheann de na teorainneacha seo a leanas le haghaidh caillteanais chomhiomlána thar na hinstitiúidí uile agus na neamhchosaintí sin a bhí ann an bhliain roimhe:

(a) 

ní mó ná 0,3  % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (d), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (f);

(b) 

ní mó ná 0,5  % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (e), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (f).

Airteagal 126 3.
Féadfaidh institiúidí an maolú dá dtagraítear i mír 2, an tríú fomhír, den Airteagal seo a chur i bhfeidhm freisin i gcásanna ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil de thríú tír, a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas mar a cinneadh i gcinneadh ón gCoimisiún a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 107(4), rátaí caillteanais comhfhreagracha a fhoilsiú le haghaidh neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá suite laistigh den tríú tír sin.

I gcás nach bhfoilseoidh údarás inniúil tríú tír rátaí caillteanais comhfhreagracha le haghaidh neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá suite laistigh den tríú tír sin, féadfaidh ÚBE an fhaisnéis sin a fhoilsiú don tríú tír sin, ar choinníoll go bhfuil sonraí staidrimh bailí, atá ionadaíoch ó thaobh staidrimh de ar mhargadh comhfhreagrach na réadmhaoine dochorraithe tráchtála, ar fáil.

Airteagal 126 4.
Déanfaidh ÚBE measúnú ar a iomchuí atá sé coigeartú a dhéanamh ar láimhseáil na neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe tráchtála, lena n-áirítear neamhchosaintí IPRE agus neamh-IPRE, agus oiriúnacht na n-ualuithe rioscaí agus na difríochtaí coibhneasta i neamhchosaintí riosca arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, na difríochtaí in íogaireacht riosca neamhchosaintí IPRE arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 125(2), Tábla 1, agus neamhchosaintí IPRE arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe thráchtála dá dtagraítear i dTábla 1 san Airteagal seo agus moltaí BERS maidir leis na leochaileachtaí in earnáil na réadmhaoine dochorraithe tráchtála san Aontas á gcur san áireamh. Cuirfidh ÚBE tuarascáil ar a thorthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2027.

Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus aird chuí á tabhairt aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2028.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas