+Airteagal 133 Neamhchosaintí ar chothromas
---+Airteagal 133 1.
---+Airteagal 133 2.
---+Airteagal 133 3.
---+Airteagal 133 4.
---+Airteagal 133 5.
---+Airteagal 133 6.
---+Airteagal 133 7.

Airteagal 133 Neamhchosaintí ar chothromas

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 133 1.

Aicmeofar an méid ar fad seo a leanas mar neamhchosaintí cothromais:

(a) 

aon neamhchosaint a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha a leanas:

(i) 

níl sí infhuascailte sa chiall nach féidir fáltas na gcistí infheistithe a bhaint amach ach amháin trí bhíthin dhíol na hinfheistíochta nó dhíol na gceart ar an infheistíocht nó leachtú an eisitheora;

(ii) 

ní oibleagáid de chuid an eisitheora í;

(iii) 

cuireann sí éileamh iarmharach ar na sócmhainní nó ar ioncam an eisitheora in iúl;

(b) 

ionstraimí a cháileodh mar ítimí Shraith 1 dá n-eiseodh institiúid iad;

(c) 

ionstraimí atá mar chuid d’oibleagáid de chuid an eisitheora agus a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leanas:

(i) 

tá an t-eisitheoir in ann socraíocht na hoibleagáide a iarchur gan uair a cheapadh;

(ii) 

éilítear leis an oibleagáid, nó ceadaítear léi ar dhiscréid an eisitheora, socraíocht trí bhíthin líon socraithe de scaireanna cothromais an eisitheora a eisiúint;

(iii) 

éilítear leis an oibleagáid, nó ceadaítear léi ar dhiscréid an eisitheora, socraíocht trí bhíthin líon athraitheach de scaireanna cothromais an eisitheora a eisiúint agus, ceteris paribus, tá aon athrú ar luach na hoibleagáide inchurtha leis an athrú ar luach líon socraithe de scaireanna cothromais an eisitheora, inchomparáide leis, agus sa treo céanna leis;

(iv) 

tá an rogha ag sealbhóir na hionstraime a éileamh go socrófar an oibleagáid i scaireanna cothromais, mura gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha a leanas:

(1) 

i gcás ionstraim thrádáilte, tá léirithe ag an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go dtrádáiltear an ionstraim ar an margadh ar bhealach níos cosúla le fiachas an eisitheora ná an cothromas;

(2) 

i gcás ionstraimí neamhthrádáilte, tá léirithe ag an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil gur cheart an ionstraim a láimhseáil mar shuíomh fiachais;

(d) 

oibleagáidí fiachais agus urrúis eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh nó uirlisí eile atá struchtúrtha ar bhealach a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na neamhchosaintí atá sonraithe i bpointí (a), (b) agus (c), lena n-áirítear dliteanais óna bhfuil an fáltas nasctha leis na cothromais;

(e) 

neamhchosaintí cothromais a thaifeadtar mar iasacht ach a eascraíonn as babhtáil fiachais ar chothromas arna déanamh mar chuid de réadú ordúil nó athstruchtúrú an fhiachais.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c)(iii), cuirtear ar áireamh sna hoibleagáidí iad siúd a éilíonn nó a cheadaíonn socraíocht trí bhíthin líon athraitheach de scaireanna cothromais an eisitheora a eisiúint ar ina leith is ionann an t-athrú ar luach airgeadúil na hoibleagáide agus an t-athrú ar luach cóir líon socraithe scaireanna cothromais arna n-iolrú faoi fhachtóir sonraithe, sa chás ina bhfuil an fachtóir agus an líon tagartha scaireanna socraithe.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c)(iv), i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha a leagtar síos sa phointe sin, féadfaidh an institiúid na rioscaí a mhiondealú chun críoch reachtúil, faoi réir réamhcheadú ón údarás inniúil.

Airteagal 133 2.

Ní dhéanfar infheistíochtaí cothromais a láimhseáil mar neamhchosaintí cothromais in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

tá na hinfheistíochtaí cothromais struchtúrtha ar bhealach ina bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil le tábhacht eacnamaíoch sealúchais fiachais nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 1;

(b) 

is neamhchosaintí ar urrúsú na hinfheistíochtaí cothromais.

Airteagal 133 3.
Sannfar ualú riosca 250 % do neamhchosaintí cothromais, seachas iad sin dá dtagraítear i míreanna 4 go 7, mura gceanglaítear na neamhchosaintí sin a asbhaint nó a ualú ó thaobh riosca i gcomhréir le Cuid a Dó.
Airteagal 133 4.

Sannfar ualú riosca 400 % do na neamhchosaintí cothromais seo a leanas ar chuideachtaí neamhliostaithe, mura gceanglaítear na neamhchosaintí sin a asbhaint nó a ualú ó thaobh riosca i gcomhréir le Cuid a 2:

(a) 

infheistíochtaí le haghaidh athdhíol gearrthéarmach;

(b) 

infheistíochtaí i ngnólachtaí caipitil fiontair nó infheistíochtaí cosúla a fhaightear ag dréim le gnóthachain chaipitil shuntasacha ghearrthéarmacha.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, sannfar ualú riosca i gcomhréir le mír 3 nó 5, de réir mar is infheidhme, d’infheistíochtaí cothromais fadtéarmacha, lena n-áirítear infheistíochtaí i gcothromais de chuid cliant corparáideach ar bhunaigh an institiúid gaolmhaireacht gnó fhadtéarmach leo nó a bhfuil sé i gceist ag an institiúid gaolmhaireacht gnó fhadtéarmach a bhunú leo agus babhtálacha fiachais ar chothromas chun críoch athstruchtúrú corparáideach. Chun críocha an Airteagail seo, is é is infheistíocht chothromais fhadtéarmach infheistíocht chothromais arna sealbhú ar feadh 3 bliana nó níos faide nó arna tabhú agus é de rún í a shealbhú ar feadh 3 bliana nó níos faide arna fhormheas ag ardbhainistíocht na hinstitiúide.

Airteagal 133 5.

Institiúidí a bhfuil cead faighte acu roimh ré ó na húdaráis inniúla, féadfaidh siad ualú riosca 100 % a shannadh do neamhchosaintí ar chothromas arna dtabhú faoi chláir reachtacha chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a spreagadh, suas leis an gcuid sin de na neamhchosaintí sin ar chothromas nach mó, i bhfoirm chomhiomlán, ná 10 % de chistí dílse na hinstitiúide, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) 

soláthraítear don institiúid leis na cláir reachtacha fóirdheontais shuntasacha nó ráthaíochtaí suntasacha, lena n-áirítear ó bhainc forbartha iltaobhacha, institiúidí creidmheasa forbartha poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 429a(2) nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, le haghaidh na hinfheistíochta;

(b) 

baineann na cláir reachtacha le cineál éigin de mhaoirseacht rialtais;

(c) 

baineann na cláir reachtacha le srianta ar infheistíocht chothromais, mar shampla, teorainneacha ar mhéid agus cineálacha na ngnólachtaí ina bhfuil an institiúid ag infheistiú, ar mhéideanna incheadaithe leasanna úinéireachta, ar an suíomh geografach agus ar thosca ábhartha eile a chuireann teorainn le riosca féideartha na hinfheistíochta don institiúid infheistíochta.

Airteagal 133 6.
Sannfar ualú riosca 0 % do neamhchosaintí ar chothromas ar bhainc cheannais.
Airteagal 133 7.
Maidir le sealúchas cothromais a thaifeadtar mar iasacht ach a d’eascair as babhtáil fiachais go cothromas arna déanamh mar chuid de réadú ordúil nó athstruchtúrú an fhiachais, ní dhéanfar ualú riosca atá níos ísle ná an t-ualú riosca a bheadh i bhfeidhm dá mbeadh an sealúchas cothromais á láimhseáil mar neamhchosaint ar fhiachas a shannadh dó.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas