+Airteagal 170 Struchtúr na gcóras rátála
---+Airteagal 170 1.
---+Airteagal 170 2.
---+Airteagal 170 3.
---+Airteagal 170 4.

Airteagal 170 Struchtúr na gcóras rátála

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 170 1.

►M17  Déanfaidh struchtúr na gcóras rátála le haghaidh neamhchosaintí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh: ◄

(a) 

cuirfear saintréithe ►C9  riosca ◄ an oibleagáideora agus an idirbhirt san áireamh sa chóras rátála;

(b) 

beidh scála rátála oibleagáideora sa chóras rátála nach léireoidh ach an cainníochtú ar ►C9  riosca ◄ mainneachtana an oibleagáideora. Beidh ar a laghad 7 ngrád sa scála rátála féichiúnaí d'oibleagáideoirí neamh-mhainneachtana agus ceann amháin d'oibleagáideoirí mainneachtana;

(c) 

déanfaidh institiúid doiciméadú ar an ngaol atá idir na gráid oibleagáideora ar bhonn leibhéal an ►C9  riosca ◄ mainneachtana a bhaineann le gach grád agus ar bhonn na gcritéar a úsáidtear d'fhonn an leibhéal sin de ►C9  riosca ◄ mainneachtana a aithint;

(d) 

institiúidí a bhfuil punanna acu atá comhchruinnithe i ndeighleog mhargaidh ar leith agus i raon ►C9  riosca ◄ mainneachtana ar leith, beidh a ndóthain grád oibleagáideora acu laistigh den raon sin le nach mbeidh an iomarca oibleagáideoirí comhchruinnithe in aon ghrád ar leith. I gcás comhchruinnithe suntasacha in aon ghrád amháin, tabharfar fianaise eimpíreach dhiongbháilte go gcumhdaíonn an grád oibleagáideora banda réasúnta caol PD agus go bhfuil ►C9  riosca ◄ mainneachtana gach oibleagáideoir sa ghrád sin laistigh den bhanda sin;

(e) 

le go mbeidh cead ag an údarás inniúil a meastacháin féin ar LGDanna a úsáid chun a gceanglais cistí dílse a ríomh, ní mór scála rátála saoráidí ar leith a bheith sa chóras rátála nach léiríonn ach saintréithe na n-idirbheart a bhaineann le LGD. Beidh i sainiú an ghráid saoráide cur síos ar an gcaoi a sanntar ►C9  neamhchosaintí ◄ don ghrád sin agus cur síos ar na critéir a úsáidtear chun leibhéal an ►C9  riosca ◄ sna gráid éagsúla a aithint;

(f) 

i gcás comhchruinnithe suntasacha in aon ghrád saoráide ar leith, tabharfar fianaise eimpíreach dhiongbháilte go gcumhdaíonn an grád saoráide banda réasúnta caol LGD agus go bhfuil ►C9  riosca ◄ gach ►C9  neamhchosaintí ◄ sa ghrád sin laistigh den bhanda sin.

Airteagal 170 2.
Institiúidí a úsáideann na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 153(5) chun ualuithe ►C9  riosca ◄ a shannadh do ►C9  neamhchosaintí ◄ ar iasachtú speisialaithe, tá siad díolmhaithe ón gceanglas scála rátála oibleagáideora a bheith acu nach léiríonn ach an cainníochtú ar ►C9  riosca ◄ mainneachtana an oibleagáideora i leith na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin. Beidh ar a laghad 4 ghrád ag na hinstitiúidí sin do na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin ar oibleagáideoirí neamh-mhainneachtana agus grád amháin ar a laghad d'oibleagáideoirí mainneachtana;
Airteagal 170 3.

Comhlíonfaidh struchtúr na gcóras rátála do ►C9  neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol na ceanglais seo a leanas:

(a) 

léireofar an ►C9  riosca ◄ oibleagáideora agus an ►C9  riosca ◄ idirbhirt araon sna córais rátála, agus gabhfar saintréithe iomchuí uile an oibleagáideora agus an idirbhirt iontu;

(b) 

áiritheoidh leibhéal difreála an ►C9  riosca ◄ gur leor líon na ►C9  neamhchosaintí ◄ in aon ghrád nó in aon chomhthiomsú ar leith le gur féidir cainníochtú agus bailíochtú fóinteach a dhéanamh ar na saintréithe caillteanais ar leibhéal an ghráid nó an chomhthiomsaithe. Dáilfear na ►C9  neamhchosaintí ◄ agus na hoibleagáideoirí ar na gráid nó na comhthiomsuithe ar chaoi nach mbeidh an iomarca comhchruinnithe ann;

(c) 

fágfaidh próiseas sannta na ►C9  neamhchosaintí ◄ do ghráid agus do chomhthiomsuithe go bhféadfar difreáil fhóinteach a dhéanamh ar na priacail, go ngrúpálfar na ►C9  neamhchosaintí ◄ atá aonchineálach a ndóthain agus go bhféadfar meastachán beacht comhsheasmhach a dhéanamh ar shaintréithe an chaillteanais ar leibhéal an ghráid nó an chomhthiomsaithe. I gcás earraí infhaighte ceannaithe, léireoidh an ghrúpáil cleachtaí frithgheallta an díoltóra agus ilchineálacht a chustaiméirí.

Airteagal 170 4.

Cuirfidh na hinstitiúidí na spreagaithe ►C9  riosca ◄ seo a leanas san áireamh agus iad ag sannadh ►C9  neamhchosaintí ◄ do ghráid nó do chomhthiomsuithe:

(a) 

saintréithe an phriacail oibleagáideora;

▼M17

(b) 

saintréithe an riosca idirbhirt, lena n-áirítear cineálacha táirgí agus cineálacha na cosanta creidmheasa cistithe, cosaint creidmheasa neamhchistithe aitheanta, bearta iasachta/luacha, stálú agus sinsearacht; tabharfaidh institiúidí aghaidh go sainráite ar chásanna ina mbaineann roinnt neamhchosaintí tairbhe as an gcosaint creidmheasa chistithe nó neamhchistithe chéanna;

▼B

(c) 

faillí, ach amháin i gcás ina dtaispeánann institiúid chun sástachta a údaráis inniúil nach spreagaí ábhartha ►C9  riosca ◄ don ►C9  neamhchosaint ◄ í an fhaillí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas