+Airteagal 7 Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá in easnamh a bhrath
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
---+Airteagal 7 5
|
Airteagal 7 Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá in easnamh a bhrath
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Cuirfidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme le brath an bhfuil na réimsí a bhaineann leis an bhfaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí sa chóras teachtaireachtaí nó sa chóras íocaíochta agus socraíochta a úsáidtear chun aistriú cistí a dhéanamh, líonta isteach agus carachtair nó ionchuir atá inghlactha i gcomhréir le cleachtais an chórais sin á n-úsáid.
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Cuirfidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faireachán tar éis na n-aistrithe nó lena linn, chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir agus faoin íocaí in easnamh:
|
(a)
|
le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra bunaithe san Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5;
|
|
(b)
|
le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b);
|
|
(c)
|
le haghaidh aistrithe baisc-chomhaid i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b), i leith an aistrithe baisc-chomhaid sin.
|
|
|
Airteagal 7 3
|
3. I gcás aistrithe cistí ar mó ná EUR 1 000 iad, cibé an ndéantar na haistrithe sin in idirbheart aonair nó i roinnt idirbheart a dhealraíonn a bheith nasctha le chéile, sula ndéanfaidh sé iad a chur do shochar chuntas íocaíochta an íocaí nó na cistí a chur ar fáil don íocaí, déanfaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí beachtas na faisnéise faoin íocaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fhíorú ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a bheidh faighte ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách, gan dochar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 83 agus 84 de Threoir (AE) 2015/2366.
|
|
Airteagal 7 4
|
4. I gcás aistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus a dhealraíonn nach bhfuil siad nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad agus an t-aistriú atá i gceist san áireamh, ní gá do sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí beachtas na faisnéise a bhaineann leis an íocaí a fhíorú, ach amháin:
|
(a)
|
i gcás ina ndéanann soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí na cistí a íoc amach in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó
|
|
(b)
|
i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí chun drochamhras a bheith air, go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.
|
|
|
Airteagal 7 5
|
5. Measfar an fíorú dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a bheith déanta i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:
|
(a)
|
fíoraíodh céannacht an íocaí i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849 agus rinneadh an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 40 den Treoir sin;
|
|
(b)
|
tá feidhm ag Airteagal 14(5) de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an íocaí.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|