4. I gcás aistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus a dhealraíonn nach bhfuil siad nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad agus an t-aistriú atá i gceist san áireamh, ní gá do sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí beachtas na faisnéise a bhaineann leis an íocaí a fhíorú, ach amháin:
|
(a)
|
i gcás ina ndéanann soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí na cistí a íoc amach in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó
|
|
(b)
|
i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí chun drochamhras a bheith air, go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.
|