+Airteagal 104b Ceanglais le haghaidh na deisce trádála
---+Airteagal 104b 1.
---+Airteagal 104b 2.
---+Airteagal 104b 3.
---+Airteagal 104b 4.
---+Airteagal 104b 5.
---+Airteagal 104b 6.

Airteagal 104b Ceanglais le haghaidh na deisce trádála

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 104b 1.
Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), bunóidh institiúidí deasca trádála agus sannfaidh siad gach ceann dá suíomhanna leabhair trádála agus dá suíomhanna leabhair neamhthrádála dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo do cheann de na deasca trádála sin. Ní shannfar suíomhanna leabhair trádála don deasc thrádála chéanna ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh na suíomhanna sin an straitéis ghnó a comhaontaíodh le haghaidh na deisce trádála sin agus i gcás ina ndéanfar bainistiú agus faireachán go comhsheasmhach orthu i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
Airteagal 104b 2.

Comhlíonfaidh deasca trádála na n-institiúidí na ceanglais seo a leanas i gcónaí:

(a) 

beidh ag gach deasc trádála straitéis ghnó atá soiléir sainiúil agus struchtúr bainistithe ►C12  riosca ◄ atá oiriúnach dá straitéis ghnó;

(b) 

beidh ag gach deasc trádála struchtúr soiléir eagrúcháin; déanfaidh déileálaithe ainmnithe de chuid na hinstitiúide na suíomhanna in aon deasc trádála ar leith a bhainistiú; beidh a shainfheidhmeanna féin ag gach déileálaí i dtaca leis an deasc trádála; ní shannfar d'aon deasc trádála ar leith ach an t-aon déileálaí amháin;

(c) 

socrófar teorainneacha suímh laistigh de gach deasc trádála de réir straitéis gnó na deisce trádála sin;

(d) 

déanfar tuarascálacha ar na gníomhaíochtaí, ar an mbrabúsacht, ar an mbainistiú ►C12  riosca ◄ agus ar na ceanglais rialála ar leibhéal na deisce trádála a sholáthar ar bhonn seachtainiúil ar a laghad agus cuirfear iad in iúl don chomhlacht bainistíochta ar bhonn rialta;

(e) 

beidh plean gnó bliantúil soiléir ag gach deasc trádála lena n-áireofar beartas dea-shainithe luacha saothair bunaithe ar chritéir fhónta a úsáidtear chun feidhmíocht a thomhas;

(f) 

ullmhófar tuarascálacha maidir le suíomhanna a aibíonn go laethúil, sáruithe teorann trádála ionlae agus laethúla agus gníomhaíochtaí a dhéanann an institiúid chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin, chomh maith le measúnú ar leachtacht an mhargaidh le haghaidh gach deisce trádála ar bhonn míosúil agus cuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla iad.

Airteagal 104b 3.
De mhaolú ar phointe (b) de mhír 2, féadfaidh institiúid déileálaí a shannadh do níos mó ná aon deasc trádála amháin ar choinníoll go léiríonn an institiúid, chun sástachta a údaráis inniúil, go ndearnadh an sannadh de bharr cúinsí gnó nó acmhainní eile agus go gcaomhnóidh an sannadh na ceanglais cháilíochtúla eile a leagtar amach san Airteagail seo is infheidhme i ndáil le déileálaithe agus le deasca trádála.
Airteagal 104b 4.
Tabharfaidh na hinstitiúidí fógra do na húdaráis inniúla faoin gcaoi a gcomhlíonfaidh siad mír 2. Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheangal ar institiúid struchtúr nó eagrú a deasc trádála a athrú le go mbeidh siad i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 104b 5.
Chun a gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh, déanfaidh institiúidí gach ceann dá suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí a shannadh do dheasca trádála a bunaíodh i gcomhréir le mír 1 a bhainistíonn rioscaí atá cosúil le rioscaí na suíomhanna sin.
Airteagal 104b 6.
De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh institiúidí, agus a gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh á ríomh acu, deasc thrádála amháin nó níos mó a bhunú dá sannfaidh siad go heisiach suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí. Ní bheidh na deasca trádála sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas