|
+Airteagal 124 3. |
Airteagal 124 3.Chun bheith incháilithe don láimhseáil dá dtagraítear i mír 2, comhlíonfaidh neamhchosaint atá urraithe le réadmhaoin dhochorraithe gach ceann de na coinníollacha a leanas:
(a)
comhlíonann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint aon cheann de na coinníollacha a leanas:
(i)
cuireadh an réadmhaoin dhochorraithe i gcrích ina hiomláine;
(ii)
is foraois nó talamh talmhaíochta í an réadmhaoin dhochorraithe;
(iii)
is leis an duine nádúrtha atá an t-iasachtú agus is ionann an réadmhaoin dhochorraithe agus réadmhaoin chónaithe atá á tógáil nó talamh ar a bhfuil sé beartaithe réadmhaoin chónaithe a thógáil sa chás inar fhaomh go dlíthiúil gach údarás ábhartha an plean, de réir mar is infheidhme, agus sa chás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leanas:
(1)
níl níos mó ná ceithre aonad chónaithe sa réadmhaoin dhochorraithe agus príomháit chónaithe an oibleagáideora a bheidh ann agus ní bheidh iasachtú an duine nádúrtha ag maoiniú neamhchosaintí ADC go hindíreach;
(2)
tá rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil nó eintiteas earnála poiblí i gceist, a láimhseáiltear neamhchosaintí air i gcomhréir le hAirteagail 115(2) nó 116(4), faoi seach, agus tá na cumhachtaí dlíthiúla agus an cumas aige lena chinntiú go gcríochnófar réadmhaoin atá á tógáil faoi thráthchlár réasúnta agus a n-éilítear air, nó a thug gealltanas ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh dlí de, críochnú a áirithiú i gcás nach gcríochnófaí an tógáil laistigh de thráthchlár réasúnta den sórt sin murach sin; de rogha air sin, tá sásra dlíthiúil coibhéiseach i bhfeidhm chun a áirithiú go gcríochnófar an réadmhaoin atá á tógáil laistigh de thréimhse réasúnta ama;
(b)
tá an neamhchosaint urraithe le céad lian atá i seilbh na hinstitiúide ar an réadmhaoin dhochorraithe, nó tá an chéad lian agus aon lian eile ag a bhfuil rangú níos ísle ar an réadmhaoin sin i seilbh na hinstitiúide;
(c)
ní bhraitheann an luach réadmhaoine go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora;
(d)
déantar an fhaisnéis ar fad is gá ag tionscnamh na neamhchosanta agus chun críoch faireacháin a dhoiciméadú go cuí, lena n-áirítear faisnéis maidir le cumas an oibleagáideora aisíocaíocht a dhéanamh agus faisnéis maidir le luach na réadmhaoine;
(e)
comhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 208 agus comhlíontar na rialacha luachála a leagtar amach in Airteagal 229(1). Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás ina ndéanfaidh tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch difear don luach réadmhaoine agus d’fheidhmíocht an oibleagáideora araon. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), cuirfidh institiúidí beartais frithgheallta i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe a thionscnamh lena n-áirítear measúnú ar chumas an iasachtaí aisíocaíocht a dhéanamh. Áireofar sna beartais frithgheallta na méadrachtaí ábhartha don mheasúnú sin agus a n-uasleibhéil faoi seach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|