+Airteagal 281 2.

Airteagal 281 2.

Ríomhfar luach ►C12  neamhchosainta ◄ tacair glanluachála i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(a) 

ní chuirfidh institiúidí an láimhseáil dá dtagraítear in Airteagal 274(6) i bhfeidhm;

(b) 

de mhaolú ar Airteagal 275(1), maidir le tacair ghlanluachála nach dtagraítear dóibh in Airteagal 275(2), ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

RC = max{CMV,0}

nuair:

RC

=

an costas athsholáthair; agus

CMV

=

an margadhluach reatha.

(c) 

de mhaolú ar Airteagal 275(2) den Rialachán seo, maidir le tacair ghlanluachála na n-idirbheart: a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta; a imréitíonn contrapháirtí lárnach ar bhonn lárnach, ar contrapháirtí é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin; nó a malartaítear comhthaobhacht ina leith ar bhonn déthaobhach leis an gcontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir leo sin ar fad ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

RC=TH+MTA

nuair atá:

RC

=

an costas athsholáthair;

TH

=

an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus

MTA

=

íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh;

(d) 

de mhaolú ar Airteagal 275(3), maidir le tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir comhaontú corrlaigh, ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair mar shuim chostas athsholáthair gach tacair glanluachála aonair, arna ríomh sin i gcomhréir le mír 1 amhail agus nach raibh siad faoi chumhdach corrlaigh;

(e) 

bunófar gach tacar fálúcháin i gcomhréir le hAirteagal 277a(1);

(f) 

socróidh institiúidí ag 1 an t-iolraitheoir san fhoirmle a úsáidtear chun an ►C12  neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch in Airteagal 278(1) a ríomh, mar leanas:

image

nuair:

PFE

=

an ►C12  neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch; agus

AddOn(a)

=

an forlíontán do chatagóir phriacail a;

(g) 

de mhaolú ar Airteagal 279a(1), maidir le gach idirbheart, ríomhfaidh institiúidí an deilte mhaoirseachta mar leanas:



δ=

left accolade

+1 nuair is suíomh fada sa phríomhspreagraí ►C12  riosca ◄ é an t idirbheart

-1 nuair is suíomh gearr sa phríomspreagraí ►C12  riosca ◄ é an t idirbheart

nuair:

δ

=

an deilte mhaoirseachta;

(h) 

mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 279b(1) a úsáidtear chun fachtóir na marthanachta maoirseachta a ríomh:

fachtóir na marthanachta maoirseachta=E-S

nuair:

E

=

an tréimhse idir dáta deiridh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe; agus

S

=

an tréimhse idir dáta tosaigh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe;

(i) 

déanfar an fachtóir aibíochta dá dtagraítear in Airteagal 279c(1) a ríomh mar leanas:

(i) 

maidir le hidirbhearta a áirítear sna tacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(1), MF = 1;

(ii) 

maidir le hidirbhearta a áirítear sna tacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(2) agus (3), MF=0,42;

(j) 

mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280a(3) a úsáidtear chun méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” a ríomh:

image

nuair:

image

=

méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” agus

Dj,k,

=

méid barúlach iarbhír bhuicéad k de thacar fálúcháin “j”

(k) 

mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear ina Airteagal 280c(3) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire ►C12  riosca ◄ creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j” a ríomh:

image

nuair:

image

=

forlíontán na catagóire ►C12  riosca ◄ creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j”; agus

AddOn(Entityk)

=

forlíontán an eintitis thagartha creidmheasa k;

(l) 

mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280d(3) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire ►C12  riosca ◄ cothromais le haghaidh thacar fálúcháin “j” a ríomh:

image

nuair:

image

=

forlíontán na catagóire ►C12  riosca ◄ cothromais le haghaidh thacar fálúcháin “j” agus

AddOn(Entityk)

=

forlíontán an eintitis thagartha creidmheasa k;

(m) 

mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280e(4) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire ►C12  riosca ◄ tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin “j” a ríomh:

image

nuair:

image

=

forlíontán na catagóire ►C12  riosca ◄ tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin “j” agus

image

=

forlíontán na tagartha tráchtearraí de chineál k.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas