+Airteagal 359 Cur chuige an dréimire aibíochta
---+Airteagal 359 1.
---+Airteagal 359 2.
---+Airteagal 359 3.
---+Airteagal 359 4.
---+Airteagal 359 5.
---+Airteagal 359 6.

Airteagal 359 Cur chuige an dréimire aibíochta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 359 1.

Úsáidfidh an institiúid dréimire aibíochta ar leithligh i gcomhréir le Tábla 1 le haghaidh gach tráchtearra. Sannfar gach suíomh sa tráchtearra sin do na bandaí aibíochta iomchuí. Sannfar stoic fhisiciúla don chéad bhanda aibíochta idir 0 mí agus 1 mhí, í sin san áireamh.



Tábla 1

Banda aibíochta

(1)

Ráta difríochta (%)

(2)

0 ≤ 1 mhí

1,50

> 1 ≤ 3 mhí

1,50

> 3 ≤ 6 mhí

1,50

> 6 ≤ 12 mhí

1,50

> 1 ≤ 2 bliana

1,50

> 2 ≤ 3 bliana

1,50

> 3 bliana

1,50

Airteagal 359 2.

Féadfar suímh sa tráchtearra céanna a fhritháireamh agus a shannadh do na bandaí aibíochta iomchuí ar bhonn glan maidir leo seo a leanas:

(a) 

suímh i gconarthaí a thiocfaidh in aibíocht ar an dáta céanna;

(b) 

suímh i gconarthaí a thiocfaidh in aibíocht laistigh de 10 lá dá chéile má thrádáiltear iad ar mhargaí a bhfuil dátaí seachadta laethúla acu.

Airteagal 359 3.
Ríomhfaidh an institiúid suim na suíomh fada agus suim na suíomh gearr i ngach banda aibíochta. Beidh suim na suíomh fada atá comhoiriúnaithe leis na suíomh gearr i mbanda áirithe cothrom le suímh chomhoiriúnaithe sa bhanda sin, agus beidh an suíomh iarmharach fada nó gearr cothrom leis an suíomh gan chomhoiriúnú don bhanda céanna.
Airteagal 359 4.
Beidh an chuid sin den suíomh fada gan chomhoiriúnú maidir le banda aibíochta áirithe atá comhoiriúnaithe leis an suíomh gearr gan chomhoiriúnú, nó a mhalairt, maidir le banda aibíochta níos faide amach cothrom leis an suíomh comhoiriúnaithe idir dhá bhanda aibíochta. Beidh an suíomh gan chomhoiriúnú cothrom leis an gcuid sin den suíomh fada gan chomhoiriúnú nó den suíomh gearr gan chomhoiriúnú nach féidir a chomhoiriúnú amhlaidh.
Airteagal 359 5.

Ríomhfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide maidir le gach tráchtearra ar bhonn an dréimire aibíochta ábhartha mar shuim na nithe seo a leanas:

(a) 

suim na suíomh fada agus gearr comhoiriúnaithe, arna hiolrú faoin ráta difríochta iomchuí mar atá tugtha le fios sa dara colún de Thábla 1 maidir le gach banda aibíochta agus arna hiolrú faoi spotphraghas an tráchtearra;

(b) 

an suíomh comhoiriúnaithe idir dhá bhanda aibíochta maidir le gach banda aibíochta ina bhfuil suíomh gan chomhoiriúnú tugtha ar aghaidh, arna iolrú faoi 0,6 %, is é sin an ráta tugtha anonn, agus arna iolrú faoin spotphraghas don tráchtearra;

(c) 

suim na suíomh iarmharach gan chomhoiriúnú, arna hiolrú faoi 15 %, is é sin an ráta glan amach, agus arna hiolrú faoin spotphraghas don tráchtearra.

Airteagal 359 6.
Ríomhfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide le haghaidh ►C9  riosca ◄ tráchtearraí mar shuim na gceanglas cistí dílse arna ríomh maidir le gach tráchtearra i gcomhréir le mír 5.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas