+14 Creat rialaithe inmheánaigh
---+129. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta cultúr a fhorbairt agus a chothabháil ina spreagtar …
---+130. Ba cheart creat rialaithe inmheánach an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann a oiriúnú ar …
---+131. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na próisis agus na nósanna imeachta iomchuí a chur …
---+132. Ba cheart go gcumhdódh an creat rialaithe inmheánaigh an eagraíocht ar fad, lena n-áirítear …
---+133. Ba cheart do chreat rialaithe inmheánaigh gnólachta infheistíochta an méid seo a leanas a …
|
14 Creat rialaithe inmheánaigh
14 Creat rialaithe inmheánaigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
129. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta cultúr a fhorbairt agus a chothabháil ina spreagtar …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta cultúr a fhorbairt agus a chothabháil ina spreagtar dearcadh dearfach i leith rialú riosca agus comhlíonadh riosca laistigh de ghnólachtaí infheistíochta agus creat rialaithe inmheánaigh atá láidir agus cuimsitheach. Faoin gcreat sin, ba cheart go mbeadh línte gnó na ngnólachtaí infheistíochta freagrach as na rioscaí a thabhaíonn siad nuair a bhíonn a ngníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a bhainistiú agus ba cheart rialuithe a bheith bunaithe acu arb é an aidhm atá leo comhlíonadh na gceanglas inmheánach agus seachtrach a áirithiú. Mar chuid den chreat sin, ba cheart go mbeadh feidhm chomhlíonta inmheánach27 atá buan agus éifeachtach ag gnólachtaí infheistíochta le húdarás, próifíl agus rochtain iomchuí agus leordhóthanach ag an gcomhlacht bainistíochta chun a mhisean a chomhlíonadh, mar aon le creat bainistíochta riosca. I gcás ina bhfuil sé comhréireach agus na critéir a liostaítear i dTeideal I á gcur san áireamh, ba cheart go mbeadh feidhm bainistíochta riosca inmheánach agus iniúchóireachta ag gnólachtaí infheistíochta freisin.
27 Gan dochar d’Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe 565/2017 ón gCoimisiún
|
|
130. Ba cheart creat rialaithe inmheánach an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann a oiriúnú ar …
|
Ba cheart creat rialaithe inmheánach an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann a oiriúnú ar bhonn aonair do shainiúlacht a ghnó, dá chastacht agus do na rioscaí a bhaineann leis, agus comhthéacs an ghrúpa á chur san áireamh. Ba cheart don ghnólacht infheistíochta lena mbaineann malartú na faisnéise is gá a eagrú ar bhealach lena n-áirithítear go mbeidh gach comhlacht bainistíochta, líne ghnó agus aonad inmheánach, lena n-áirítear gach feidhm rialaithe inmheánaigh, in ann a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, malartú riachtanach faisnéis leordhóthanach idir na línte gnó agus an fheidhm chomhlíonta, agus feidhm chomhlíonta AML/CFT i gcás inar feidhm rialaithe ar leithligh é, ag leibhéal an ghrúpa agus idir cinn na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh ag leibhéal an ghrúpa agus comhlacht bainistíochta na ngnólachtaí infheistíochta.
|
|
131. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na próisis agus na nósanna imeachta iomchuí a chur …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na próisis agus na nósanna imeachta iomchuí a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí i gcomhthéacs sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta measúnú a dhéanamh ar a neamhchosaint ar an riosca a d’fhéadfaí a úsáid chun críocha ML/TF agus, nuair is gá, bearta maolaitheacha a dhéanamh chun na rioscaí sin a laghdú chomh maith leis na rioscaí oibriúcháin agus clú a bhaineann leo. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta bearta a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil a gcomhaltaí foirne ar an eolas faoi rioscaí ML/TF den sórt sin agus faoin tionchar atá ag ML/TF ar an ngnólacht infheistíochta agus ar shláine an chórais airgeadais.
|
|
132. Ba cheart go gcumhdódh an creat rialaithe inmheánaigh an eagraíocht ar fad, lena n-áirítear …
|
Ba cheart go gcumhdódh an creat rialaithe inmheánaigh an eagraíocht ar fad, lena n-áirítear freagrachtaí agus cúraimí an chomhlachta bainistíochta, agus gníomhaíochtaí gach líne ghnó agus gach aonad inmheánach, lena n-áirítear feidhmeanna rialaithe inmheánaigh, gníomhaíochtaí seachfhoinsithe agus bealaí dáileacháin.
|
|
133. Ba cheart do chreat rialaithe inmheánaigh gnólachta infheistíochta an méid seo a leanas a …
|
Ba cheart do chreat rialaithe inmheánaigh gnólachta infheistíochta an méid seo a leanas a áirithiú: - a. oibríochtaí éifeachtacha agus éifeachtúla;
- b. sainaithint, tomhas agus maolú leordhóthanach rioscaí;
- c. iontaofacht na faisnéise airgeadais agus neamhairgeadais a thuairiscítear go hinmheánach agus go seachtrach araon;
- d. nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta; agus
- e. dlíthe, rialacháin, ceanglais mhaoirseachta agus beartais, próisis, rialacha agus cinntí inmheánacha an ghnólachta infheistíochta a chomhlíonadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|