+107. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an mbunaíonn nó nach mbunaíonn an …

107. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an mbunaíonn nó nach mbunaíonn an …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an mbunaíonn nó nach mbunaíonn an gnólacht infheistíochta creat agus socruithe rialachais inmheánacha stuama, de réir fhorálacha Airteagal 26 de Threoir (AE) 2019/2034, Treoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach, Treoirlínte an ÚBE maidir le beartais fhónta luacha saothair14 , Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2017/56515 , Treoirlínte ESMA maidir le ceanglais rialachais táirgí MiFID II16 agus Treoirlínte Comhpháirteacha ESMA agus an ÚBE maidir le hoiriúnacht ball den bhord bainistíochta agus príomhshealbhóirí feidhme17 . Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an léiríonn nó nach léiríonn an gnólacht infheistíochta an méid seo a leanas ar a laghad:

  • a. tá rialachas inmheánach agus creat rialaithe inmheánaigh leordhóthanach agus éifeachtach bunaithe, formheasta agus á mhaoirsiú ag an gcomhlacht bainistíochta atá oiriúnach mar aon le struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil oiriúnach agus trédhearcach agus creat rialaithe inmheánaigh atá ag feidhmiú go maith, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta agus feidhm chomhlíonta bhuan agus éifeachtach agus, más cuí agus comhréireach, feidhmeanna bainistíochta riosca inmheánacha agus iniúchta inmheánaigh agus tá dóthain údaráis, seasaimh agus acmhainní acu chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go neamhspleách. Sa chás nach ndéanann gnólachtaí infheistíochta feidhm bhainistíochta riosca agus feidhm iniúchta inmheánaigh a bhunú agus a chothabháil, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na beartais agus na nósanna imeachta arna nglacadh agus arna gcur chun feidhme le haghaidh creat rialaithe inmheánaigh an méid céanna, agus is ar an gcomhlacht bainistíochta atá an fhreagracht fhoriomlán;
  • b. áirithíonn an comhlacht bainistíochta agus déanann sé measúnú tréimhsiúil ar éifeachtacht shocruithe rialachais inmheánaigh an ghnólachta infheistíochta agus cuirtear na céimeanna cuí i gcrích chun déileáil le haon easnaimh a shainaithnítear;
  • c. tá an straitéis fhoriomlán gnó agus riosca bunaithe, formheasta agus á maoirsiú ag an gcomhlacht bainistíochta, lena n-áirítear inghlacthacht riosca gnólachta infheistíochta agus a chreat bainistíochta riosca a shonrú, lena n-áirítear beartais agus nósanna imeachta oiriúnacha;

14 Treoirlínte an ÚBE maidir le beartais fhónta luacha saothair faoi Threoir (AE) 2019/2034 (ÚBE/GL/2021/13).

15 RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2017/565 ÓN GCOIMISIÚN an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais eagraíochtúla agus na coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 087, 31.3.2017, lch 1). 16 Treoirlínte ESMA maidir le ceanglais rialachais táirgí MiFID II (ESMA35-43-620).

17 Treoirlínte Comhpháirteacha ESMA agus an ÚBE maidir le measúnú ar oiriúnacht bhaill den chomhlacht bainistíochta agus príomhshealbhóirí feidhme (ÚBE/GL/2017/12).

34
  • d. tá an comhlacht bainistíochta ar an eolas faoi agus tuigeann sé struchtúr dlíthiúil, eagrúcháin agus oibríochtúil an ghnólachta infheistíochta (‘bíodh do struchtúr ar eolas agat’), go háirithe nuair sa chás go bhfuil struchtúir chasta bunaithe sa ghnólacht infheistíochta, agus áirithíonn sé go bhfuil sé comhsheasmhach lena straitéisí gnó agus riosca formheasta agus inghlacthacht riosca;
  • e. tá struchtúr corparáideach oiriúnach agus trédhearcach bunaithe ag an ngnólacht infheistíochta atá ‘oiriúnach don fheidhm’ agus nach bhfuil mar bhonn le hábhair imní go mb'fhéidir go bhféadfaí an gnólacht infheistíochta a úsáid chun críocha a bhaineann le coireacht airgeadais agus cultúr corparáideach agus riosca fónta atá cuimsitheach agus i gcomhréir le cineál, scála agus casta na rioscaí atá fréamhaithe sa tsamhail ghnó agus i ngníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta agus comhsheasmhach le hinghlacthacht riosca an ghnólachta infheistíochta;
  • f. tacaíonn agus áirithíonn an gnólacht infheistíochta cultúr riosca agus ardchaighdeáin ghairmiúla eiticiúla, trí chód iompair agus beartais agus nósanna imeachta oiriúnacha inmheánacha foláirimh;
  • g. roinntear eolas maidir le straitéisí, luachanna corparáideacha, an cód iompair, riosca agus beartais eile le baill foirne ábhartha ar bhealach soiléir, láidir agus éifeachtach;
  • h. bhunaigh, d'fhormheas agus déanann an comhlacht bainistíochta maoirseacht ar chur chun feidhme agus cothabháil beartas agus próiseas éifeachtach a bhfuil sé
mar aidhm leo coinbhleachtaí leasa iarbhír agus poitéinsiúla ag leibhéalan

ghnólachta a shainaithint, a mheas, a bhainistiú agus a mhaolú nó a chosc agus idir an gnólacht infheistíochta agus leasanna príobháideacha ball foirne freisin, lena n-áirítear baill den chomhlacht bainistíochta, a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar fheidhmiú a chuid dualgas agus freagrachtaí;

  • i. tá cur chun feidhme creata maidir le páirt a ghlacadh in iasachtaí a dheonú agus idirbhearta eile a dhéanamh le baill den chomhlacht bainistíochta agus lena bpáirtithe gaolmhara leagtha amach ag an gcomhlacht bainistíochta agus áirithíonn sé a leithéid;
  • j. tá beartais agus nósanna imeachta inmheánacha iomchuí foláirimh bunaithe agus á gcothabháil ag gnólachtaí infheistíochta chun cur ar chumas ball foirne sáruithe féideartha nó iarbhír ar Rialachán (AE) 2019/2033 agus ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuítear Treoir (AE) 2019/2034 a thuairisciú trí chainéal sonrach, neamhspleách agus féinrialaithe;
  • k. tá próiseas roghnúcháin agus measúnaithe oiriúnachta curtha i bhfeidhm do bhaill den chomhlacht bainistíochta agus do shealbhóirí príomhfheidhme;
  • l. tá socruithe bunaithe a bhfuil sé mar aidhm leo sláine na gcóras cuntasaíochta agus tuairiscithe airgeadais a áirithiú, lena n-áirítear rialuithe airgeadais agus oibriúcháin agus comhlíonadh an dlí agus na gcaighdeán ábhartha curtha chun feidhme;
35
  • m. tá an creat rialachais inmheánaigh bunaithe, á maoirsiú agus á mheasúnú go rialta ag an gcomhlacht bainistíochta; agus
  • n. roinntear eolas maidir le straitéisí, beartais agus nósanna imeachta do gach ball foirne ábhartha sa ghnólacht infheistíochta agus tá struchtúir an ghnólachta infheistíochta soiléir, éifeachtach agus trédhearcach in intinn bhaill foirne, gheallsealbhóirí agus pháirtithe leasmhara eile an ghnólachta infheistíochta agus don údaráis inniúil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/