+6.6 Measúnú ar rioscaí eile
---+242. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le rioscaí eile i …
---+243. Trí mheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí bunúsacha nach gclúdaítear i gceanglais Cholún 1 maidir …
---+244. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí nach gclúdaítear i gceanglais Cholún …
---+245. Más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar rioscaí eile seachas na …
---+246. Chun cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme an mheasúnaithe ar na rioscaí nach gclúdaítear …
---+247. Ar a laghad, ba cheart d’údaráis inniúla an méid seo a leanas seo a leanas a bhreithniú: a. an …
---+248. Ba cheart d'údaráis inniúla an réamh-anailís a dhéanamh agus an t-athrú ar an méid thuas a …
---+249. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca an ráta úis a eascraíonn as …
---+250. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar conas a bhféadfadh tionchar díobhálach a …
---+251. Nuair a bhíonn a measúnú cainníochtúil á dhéanamh acu, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a …
---+252. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí oibriúcháin nach bhfuil clúdaithe na …
---+253. Ba cheart d'údaráis inniúla na foinsí seo a leanas de riosca bunúsach a mheas agus, más cuí …
---+254. Mar chuid de gach measúnú SREP, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir leis an …
---+255. Ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir leis an riosca a bhaineann le …
---+256. Ba cheart d'údaráis inniúla díriú ar na foinsí seo a leanas de riosca iompair bhunúsaigh más …
---+257. Ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le rioscaí rialála, dlí agus fioscacha a …
---+258. Ba cheart d'údaráis inniúla díriú ar na foinsí seo a leanas de rioscaí bunúsacha rialála, dlí …
---+259. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le samhlacha a …
---+260. Ag féachaint do shainiúlacht an ghnólachta infheistíochta, fad is atá measúnú á dhéanamh ar na …
---+261. Bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar …
---+262. Más cuí, is féidir an measúnú ar an riosca sistéamach a dhéanamh ar bhealach comhiomlán do …
---+263. Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta maidir …
---+264. I ndiaidh an mheasúnaithe thuas a dhéanamh, ba cheart do na húdaráis inniúla teacht ar …
---+265. Ba cheart d'údaráis inniúla na fachtóirí seo ar fad a bhreithniú go comhthreomhar agus ní ina …
|
6.6 Measúnú ar rioscaí eile
6.6.1 Breithniúcháin ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
242. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le rioscaí eile i …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le rioscaí eile i ndáil le caipiteal an ghnólachta infheistíochta, nach gclúdaítear i gColún 1 de na ceanglais a bhaineann le cistí dílse, de réir Airteagal 36 agus 40 de Threoir (AE) 2019/2034. Nuair a bhíonn na rioscaí eile seo á meas, ba cheart d'údaráis inniúla cuntas a dhéanamh de chineál agus de chastacht ghníomhaíochtaí an chomhlachta infheistíochta, a bhfuil tionchar acu ar shuntas na rioscaí seo. 6.6.2 Measúnú ar rioscaí bunúsacha
|
|
243. Trí mheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí bunúsacha nach gclúdaítear i gceanglais Cholún 1 maidir …
|
Trí mheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí bunúsacha nach gclúdaítear i gceanglais Cholún 1 maidir le cistí dílse, ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le 76 príomhthionscnóirí rioscaí an ghnólachta infheistíochta agus meastóireacht a dhéanamh ar shuntas thionchar na rioscaí sin ar an ngnólacht infheistíochta. Ba cheart an measúnú ar rioscaí den chineál sin a bhunú ar na príomhchéimeanna seo a leanas: - a. réamh-mheasúnú;
- b. measúnú ar chineál agus ar scála gníomhaíochtaí infheistíochta a thabhaíonn riosca don ghnólacht infheistíochta nach gclúdaítear i gceanglais Cholún 1 maidir le cistí dílse;
- c. measúnú a dhéanamh ar na córais agus ar na próisis a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin.
|
|
244. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí nach gclúdaítear i gceanglais Cholún …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí nach gclúdaítear i gceanglais Cholún 1 maidir le cistí dílse i dtéarmaí reatha agus ionchasacha.
|
|
245. Más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar rioscaí eile seachas na …
|
Más cuí, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin ar rioscaí eile seachas na rioscaí atá liostaithe sa chaibidil seo. Réamh-mheasúnú
|
|
246. Chun cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme an mheasúnaithe ar na rioscaí nach gclúdaítear …
|
Chun cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme an mheasúnaithe ar na rioscaí nach gclúdaítear i gceanglais Cholún 1 maidir le cistí dílse, ar dtús ba cheart d’údaráis inniúla na foinsí riosca a bhfuil nó a bhféadfadh an gnólacht infheistíochta a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint.
|
|
247. Ar a laghad, ba cheart d’údaráis inniúla an méid seo a leanas seo a leanas a bhreithniú: a. an …
|
Ar a laghad, ba cheart d’údaráis inniúla an méid seo a leanas seo a leanas a bhreithniú: - a. an tsamhail ghnó agus an inghlacthacht riosca;
- b. forbairt inmheánach nó seachfhoinsiú réiteach TF;
- c. feidhmeanna tacaíochta cosúil le comhlíonadh, dlí, fioscach (má tá seachfhoinsithe freisin);
- d. an costas a bhaineann le himeachtaí sibhialta agus dlíthíocht;
- e. caillteanais oibríochtúla iomlána, lena n-áirítear an costas a bhaineann le calaois inmheánach agus sheachtrach;
- f. raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an leabhar neamhthrádála.
|
|
248. Ba cheart d'údaráis inniúla an réamh-anailís a dhéanamh agus an t-athrú ar an méid thuas a …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla an réamh-anailís a dhéanamh agus an t-athrú ar an méid thuas a mheas le himeacht ama chun teacht ar thuairim eolasach maidir le príomhthionscnóirí rioscaí eile an ghnólachta infheistíochta. Riosca an ráta úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála
|
|
249. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca an ráta úis a eascraíonn as …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar riosca an ráta úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála a bhfuil an gnólacht infheistíochta neamhchosanta orthu. 77
|
|
250. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar conas a bhféadfadh tionchar díobhálach a …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar conas a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag athruithe ar rátaí úis ar shócmhainní, dliteanais agus neamhchosaintí lasmuigh den chlár comhardaithe ar an ngnólacht infheistíochta. D’fhonn cinneadh a dhéanamh ar bhealach níos fearr maidir le castacht agus próifíl riosca ráta úis an ghnólachta infheistíochta, ba cheart go mbeadh tuiscint ag údaráis inniúla freisin ar shócmhainní, dhliteanais agus neamhchosaintí lasmuigh den chlár comhardaithe an ghnólachta infheistíochta.
|
|
251. Nuair a bhíonn a measúnú cainníochtúil á dhéanamh acu, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a …
|
Nuair a bhíonn a measúnú cainníochtúil á dhéanamh acu, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thorthaí mhodheolaíochtaí inmheánacha an ghnólachta infheistíochta a úsáideadh chun riosca an ráta úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála a thomhas. Ina theannta sin, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar chásanna suaite oiriúnacha bunaithe ar an gcineál neamhchosanta ar riosca an ráta úis ag eascairt as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála an ghnólachta infheistíochta. Rioscaí oibriúcháin nach gclúdaítear i gColún 1
|
|
252. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí oibriúcháin nach bhfuil clúdaithe na …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar rioscaí oibriúcháin nach bhfuil clúdaithe na híoscheanglais maidir le cistí dílse de réir Rialachán (AE) 2019/2033. D'fhéadfadh go mbeadh na rioscaí seo mar bhonn le caillteanais oibriúcháin dhíreacha agus caillteanais indíreacha mar thoradh ar ghearáin agus ar dhlíthíocht. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh go mbeadh rioscaí oibriúcháin móra mar bhonn le ganntanas foirne i bpríomhphoist. Ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú seo ní hamháin caillteanais oibriúcháin, ach neasteagmhais agus teagmhais riosca oibriúcháin a raibh gnóthachan dá mbarr.
|
|
253. Ba cheart d'údaráis inniúla na foinsí seo a leanas de riosca bunúsach a mheas agus, más cuí …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla na foinsí seo a leanas de riosca bunúsach a mheas agus, más cuí, díriú ar mheasúnú a dhéanamh ar na gnéithe sin, a mheastar gur gnéithe suntasacha iad chomh fada is a bhaineann leis an ngnólacht infheistíochta: - a. sábháilteacht san áit oibre;
- b. damáiste do shócmhainní fisiceacha;
- c. calaois inmheánach;
- d. calaois sheachtrach;
- e. rioscaí TFC;
- f. riosca iompair;
- g. rioscaí rialála, dlí agus fioscacha;
- h. riosca de bharr samhaltaithe, i ndáil le samhlacha a úsáidtear chun críocha gnó;
- i. ganntanas acmhainní daonna agus teicniúla (cáilíochtúla agus cainníochtúla) le haghaidh príomhphost;
78
|
|
254. Mar chuid de gach measúnú SREP, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir leis an …
|
Mar chuid de gach measúnú SREP, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir leis an riosca TFC, agus comhsheasmhacht oibríochtaí TFC leis an straitéis ghnó. Ba cheart d'údaráis inniúla gach gné ábhartha den riosca TFC a áireamh ina measúnú, cosúil le riosca slándála, riosca do thionscadail TF agus riosca bainistíochta TFC, a mhéid is nach bhfuil a leithéid clúdaithe cheana féin i gcodanna eile de na treoirlínte seo, agus ag féachaint do Threoirlínte an ÚBE maidir le TFC agus riosca slándála19 agus Treoirlínte ESMA maidir le seachfhoinsiú chuig soláthraithe néalseirbhíse20 ;
|
|
255. Ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir leis an riosca a bhaineann le …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir leis an riosca a bhaineann le gníomhaíochtaí infheistíochta agus margaidh an ghnólachta infheistíochta, a mhéid is nach gclúdaítear i gceanglais Cholún 1 maidir le cistí dílse. Ba cheart glacadh leis gurb ionann riosca iompair agus an riosca reatha nó ionchasach atá tabhaithe ag cliaint, margaí nó ag an ngnólacht féin mar gheall ar iompar míchuí an ghnólachta nó ball foirne an ghnólachta. D'fhéadfadh an riosca seo eascairt as mí-iompar toiliúil nó faillíoch (lena n-áirítear soláthar míchuí seirbhísí airgeadais), a mhéid is go bhféadfaidís a bheith mar bhonn le tionchair dhiúltacha airgeadais nó chlú. D'fhéadfadh an riosca do chlú a bheith mar bhonn le caillteanas i sciar den mhargadh nó príomhchliaint, agus méadú ar líon na ngearán a fhaightear ó chliaint.
|
|
256. Ba cheart d'údaráis inniúla díriú ar na foinsí seo a leanas de riosca iompair bhunúsaigh más …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla díriú ar na foinsí seo a leanas de riosca iompair bhunúsaigh más cuí: - a. clabhsúr a chur le ciste nó ciste a chur ar fionraí;
- b. an líon teagmhas mí-iompair: mídhíol, cúbláil mhargaidh;
- c. pionóis rialála tabhaithe.
|
|
257. Ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le rioscaí rialála, dlí agus fioscacha a …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le rioscaí rialála, dlí agus fioscacha a eascraíonn as neamhchomhlíonadh dlíthe nó rialachán. D'fhéadfadh go mbeadh na rioscaí seo mar bhonn le dlíthíocht agus pionóis don ghnólacht infheistíochta. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh cláir feabhais costais mhóra a thabhú chun an dlí agus rialacháin a chomhlíonadh.
|
|
258. Ba cheart d'údaráis inniúla díriú ar na foinsí seo a leanas de rioscaí bunúsacha rialála, dlí …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla díriú ar na foinsí seo a leanas de rioscaí bunúsacha rialála, dlí agus fioscacha más cuí: - a. costais a bhaineann le rialacháin infheidhme a chomhlíonadh;
- b. fíneálacha nó smachtbhannaí eile a bhaineann le neamhchomhlíonadh a íoc;
- c. athmheasúnú cánach nó táillí, fíneálacha agus pionóis dhéanacha a íoc;
- d. athruithe rialála ábhartha don ghnólacht infheistíochta a chur san áireamh.
19 Treoirlínte an ÚBE maidir le TFC agus bainistíocht riosca slándála (ÚBE/GL/2019/04). 20 Treoirlínte ESMA maidir le seachfhoinsiú chuig soláthraithe néalseirbhíse (ESMA50-164-4285). 79
|
|
259. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le samhlacha a …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le samhlacha a úsáidtear chun críocha gnó, lena n-áirítear samhlacha luachála/praghsála, samhlacha do thrádáil algartamach agus samhlacha eile a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar chinntí agus gníomhaíochtaí gnó gnólacht infheistíochta.
|
|
260. Ag féachaint do shainiúlacht an ghnólachta infheistíochta, fad is atá measúnú á dhéanamh ar na …
|
Ag féachaint do shainiúlacht an ghnólachta infheistíochta, fad is atá measúnú á dhéanamh ar na rioscaí nach gclúdaítear i gceanglais Cholún 1 maidir le cistí dílse, féadfaidh údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar fhoinsí riosca eile nach bhfuil san áireamh sna catagóirí thuasluaite. Riosca sistéamach
|
|
261. Bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar …
|
Bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir leis an riosca sistéamach atá ann don ghnólacht infheistíochta. Bunaithe ar an measúnú seo, ba cheat d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh teip an ghnólachta infheistíochta a bheith mar bhonn le cur isteach ar bhealach suntasach ar na margaí airgeadais ina bhfuil an gnólacht infheistíochta ag feidhmiú.
|
|
262. Más cuí, is féidir an measúnú ar an riosca sistéamach a dhéanamh ar bhealach comhiomlán do …
|
Más cuí, is féidir an measúnú ar an riosca sistéamach a dhéanamh ar bhealach comhiomlán do ghrúpa de ghnólachtaí infheistíochta ag a bhfuil samhail ghnó agus próifíl riosca mórán mar an gcéanna. Nuair a bhíonn measúnú comhiomlán dá leithéid á dhéanamh, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thionchair fhéideartha teip chomhuaineach líon/sciar sonrach de na gnólachtaí infheistíochta seo ar na margaí airgeadais ina bhfuil siad ag feidhmiú. Chun na críche seo, féadfaidh údaráis inniúla cás amháin nó níos mó a bhreithniú. 6.6.3 Measúnú ar bhainistíocht riosca agus rialuithe
|
|
263. Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta maidir …
|
Chun teacht ar thuiscint chuimsitheach ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta maidir le rioscaí nach gclúdaithe i gceanglais Cholún 1 maidir le cistí dílse, ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat rialachais agus bainistíochta riosca a laghdaíonn an rioscaí ó fhoinsí rioscaí eile. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas mar aon le cuntas a dhéanamh do thoirt, cineál agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta: - a. cibé acu an léirítear nó nach léirítear go cuí i straitéis riosca margaidh an ghnólachta infheistíochta inghlacthacht an ghnólachta infheistíochta i ndáil leis na rioscaí seo agus an bhfuil an straitéis riosca comhsheasmhach leis an inghlacthacht riosca fhoriomláin;
- b. tá treoirlínte agus beartais inmheánacha bunaithe ag an gnólacht infheistíochta chun cultúr riosca fónta a áirithiú;
- c. tá creat oiriúnach bunaithe ag an ngnólacht infheistíochta chun ráta an riosca úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála a bhainistiú, a thomhas, a mhonatóiriú agus a rialú;
80 - d. tá creat oiriúnach ag an ngnólacht infheistíochta chun rioscaí TF a bhainistiú, a thomhas, a mhonatóiriú agus a rialú, agus dóthain acmhainní daonna agus teicniúla (cáilíochtúla agus cainníochtúla);
- e. tá beartais agus nósanna imeachta atá sainithe go soiléir bunaithe ag an ngnólacht infheistíochta chun an riosca oibriúcháin a rialú.
6.6.4 Achoimre ar thorthaí agus scóráil
|
|
264. I ndiaidh an mheasúnaithe thuas a dhéanamh, ba cheart do na húdaráis inniúla teacht ar …
|
I ndiaidh an mheasúnaithe thuas a dhéanamh, ba cheart do na húdaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le rioscaí eile an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart an tuairim seo a léiriú in achoimre ar thorthaí, mar aon le scór riosca bunaithe ar na breithniúcháin atá sonraithe i dTábla 8. Más rud é, bunaithe ar ábharthacht fachtóirí riosca áirithe, go gcinneann údaráis inniúla iad a mheas agus a scóráil ina n-aonar, ba cheart an treoir a thugtar sa tábla seo a chur i bhfeidhm, a mhéid is féidir, de réir analaí.
|
|
265. Ba cheart d'údaráis inniúla na fachtóirí seo ar fad a bhreithniú go comhthreomhar agus ní ina …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla na fachtóirí seo ar fad a bhreithniú go comhthreomhar agus ní ina n-aonar agus teacht ar thuiscint maidir leis na tionscnóirí atá mar bhonn leis na rioscaí nach gclúdaítear i gceanglas Cholún 1 maidir le cistí dílse. Tábla 8. Breithniúcháin mhaoirseachta chun scór a shannadh le haghaidh rioscaí eile | Scór Tuairim riosca mhaoirseachta | Breithniúcháin maidir Breithniúcháin maidir le riosca bainistíocht agus rialuithe bunúsach leordhóthanacha | le | | • | Tugann an cineál gníomhaíochtaí • Tá comhsheasmhacht le fios go bhfuil riosca straitéis neamhábhartha/riosca iompair inghlacthacht | idir agus riosca | | Tá riosca íseal ann go mbeidh tionchar • suntasach 1 stuamachta ar an ngnólacht infheistíochta ag féachaint do leibhéal • an riosca bhunúsaigh agus na rialuithe. | an-íseal ann. fhoriomláin an ghnólachta Níl na neamhchosaint ar riosca infheistíochta agus an ráta úis ó ghníomhaíochtaí rialuithe. leabhar neamhthrádála • Tá an creat eagraíochtúil ábhartha/an-íseal. láidir agus tá freagrachtaí Tá an leibhéal de rioscaí á leithdháileadh go oibriúcháin eile nach gclúdaítear agus tá feidhmeanna i gColún 1, lena n-áirítear go tiomnaithe bainistíochta háirithe an riosca TFC mar aon agus rialaithe bunaithe. leis na rioscaí rialála, dlí agus fioscacha ábhartha/an-íseal. | a chuid soiléir 81 | | Tá riosca meánach • íseal ann go mbeidh tionchar suntasach | Tugann an cineál gníomhaíochtaí • Tá na córais tomhais, le fios go bhfuil riosca iompair idir faireacháin íseal agus meánach ann. tuairiscithe oiriúnach. | agus | | stuamachta ar an • 2 ngnólacht infheistíochta ag féachaint do leibhéal an riosca bhunúsaigh • agus don bhainistíocht agus do na rialuithe. | Tá an neamhchosaint ar riosca an ráta úis ó ghníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála idir íseal agus meánach. Tá an leibhéal de rioscaí oibríochtúla eile nach gclúdaítear i gColún 1 idir íseal agus meánach. | | | Tá riosca meánach • ard ann go mbeidh tionchar suntasach stuamachta ar an • 3 ngnólacht infheistíochta ag féachaint do leibhéal an riosca bhunúsaigh • agus don bhainistíocht agus do na rialuithe. Tá riosca ard ann go • mbeidh tionchar suntasach stuamachta ar an • 4 ngnólacht infheistíochta ag | Tugann an cineál gníomhaíochtaí • Tá easnaimh le tabhairt le fios go bhfuil riosca iompair idir faoi deara i mbainistíocht meánach agus ard ann. agus i rialuithe Tá an neamhchosaint ar riosca an ghnólachta infheistíochta ráta úis ó ghníomhaíochtaí gcomparáid lena straitéis leabhar neamhthrádála idir agus inghlacthacht meánach agus ard. fhoriomláin, más cuí. Tá an leibhéal de rioscaí • Faoin gcreat eagraíochtúil oibriúcháin eile nach gclúdaítear níl freagrachtaí i gColún 1 idir meánach agus ard. leithdháileadh go agus níl feidhmeanna Tugann an cineál gníomhaíochtaí tiomnaithe bainistíochta le fios go bhfuil riosca iompair agus rialaithe bunaithe. ard ann. • Níl na córais tomhais, Tá an neamhchosaint ar riosca an faireacháin agus ráta leabhar úis neamhthrádála ó ghníomhaíochtaí ard. tuairiscithe leordhóthanach ná | an i riosca á soiléir sách | | féachaint an agus bhainistíocht riosca bhunúsaigh do agus leibhéal don do • | Tá oibriúcháin i gColún an 1 ard. leibhéal eile nach de gclúdaítear rioscaí comhsheasmhach, faireachán ceart rioscaí á áirithe. dhéanamh ná tuairisciú | ar agus níl |
na rialuithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|