+84. Is iad seo a leanas na gnéithe ar cheart don údarás inniúil aird a thabhairt orthu inter alia …

84. Is iad seo a leanas na gnéithe ar cheart don údarás inniúil aird a thabhairt orthu inter alia …

Is iad seo a leanas na gnéithe ar cheart don údarás inniúil aird a thabhairt orthu inter alia agus measúnú á dhéanamh aige maidir le cibé an bhfuil “an t-eisitheoir in ann nó gur dócha nach mbeidh sé in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh” faoi Rialachán (AE) 2023/1114:

  • i. staid an chuntais chaipitil de chuid an eisitheora: sárú ar na ceanglais faoi Airteagal 35(1) go (5) agus Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2023/1114;
  • ii. staid leachtachta an eisitheora faoi na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/1114 agus/nó an chúlchiste sócmhainní:
  • o sárú ar na ceanglais leachtachta nó, má tá sé faoi réir ceanglas cúlchiste sócmhainní a shealbhú, sárú ar na ceanglais a bhaineann le leibhéal agus comhdhéanamh an chúlchiste sócmhainní a leagtar amach i gCaibidlí 3 agus 5 de Theideal III de Rialachán (AE) 2023/1114, lena n-áirítear aon sonraíocht i gcomhréir le hAirteagail 36(4), 38(5) agus 45(7)(b) den Rialachán sin, a luaithe a bheidh feidhm ag na rialacháin tharmligthe ábhartha, ar bhealach a thabharfadh údar le húdarú an eisitheora a tharraingt siar ag an údarás inniúil;
  • o gan bheith in ann fiacha agus dliteanais a íoc de réir mar a bheidh siad dlite; agus
  • o an cúlchiste sócmhainní a bheith aige atá níos ísle ná dliteanais;
  • iii. maidir le heisitheoirí ARTanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/1114, ceanglais eile maidir le húdarú leanúnach:
  • o i ndáil le socruithe rialachais: carnadh laigí nó easnamh ábhartha i bpríomhréimsí na socruithe rialachais nó na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear bainistiú riosca agus bainistiú riosca TFC, a mbíonn tionchar ábhartha diúltach stuamachta acu, astu féin nó le chéile, ar an eisitheoir agus/nó ar a athléimneacht oibríochtúil; nó aon eilimintí eile a mheasann an t-údarás inniúil a bheith ábhartha;
  • o easnaimh ábhartha ar féidir leo, i dteannta a chéile, tionchar ábhartha diúltach stuamachta a bheith acu ar an eisitheoir, amhail dímheas mór ar chlú a eascraíonn as easpa trédhearcachta i seoladh gnó agus oibríochtaí nó nochtadh faisnéise neamhiomlán/neamhchruinn.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/