+15. Maidir leis an measúnú ábharthachta ar rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí úsáid a …
|
15. Maidir leis an measúnú ábharthachta ar rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí úsáid a …
Maidir leis an measúnú ábharthachta ar rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí úsáid a bhaint as faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil araon. Ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar raon feidhme sách mór d’fhachtóirí comhshaoil, ina measc, ar a laghad, fachtóirí a bhaineann leis an aeráid, díghrádú na n-éiceachóras agus caillteanas na bithéagsúlachta. Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar spreagaithe riosca a bhaineann le haistriú agus ar spreagaithe riosca fisiceacha araon, agus an méid seo a leanas ar a laghad á chur san áireamh: - a) I gcás rioscaí a bhaineann le haistriú:
| i. na | príomhearnálacha | eacnamaíocha a dtacaíonn na sócmhainní maoinithe |
leo nó ina bhfuil a phríomhghníomhaíochtaí ag contrapháirtí na hinstitiúide; - ii. athruithe ábhartha leanúnacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar bheartais phoiblí, ar theicneolaíochtaí agus ar thosaíochtaí margaidh (e.g. rialacháin chomhshaoil nua nó dreasachtaí cánach nua, teicneolaíochtaí ísealcharbóin nuálacha a fhorbairt, athruithe ar éileamh tomhaltóirí nó infheisteoirí);
- iii. maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid:
| 1. 2. | neamhchosaintí ar earnálacha a chuireann go mór leis an athrú aeráide mar a shonraítear in Aithris 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún i.e. na hearnálacha a liostaítear i Ranna A go H agus i Roinn L d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/20068 , agus aird ar leith á tabhairt ar neamhchosaintí ar eintitis san earnáil um breosla iontaise; méid ailínithe nó mí-ailínithe na bpunann a bhfuil na cuspóirí rialála ábhartha de na dlínsí ina n-oibríonn siad acu – do SNCInna agus d’institiúidí neamh-mhóra eile ar bhonn measúnú cáilíochtúil ardleibhéil ar a laghad; |
- b) Maidir le rioscaí fisiceacha:
- i. na limistéir gheografacha ina bhfuil na príomhshócmhainní de chontrapháirtithe (e.g. láithreáin táirgthe) agus, go háirithe i gcás neamhchosaintí ar eastát réadach, an chomhthaobhacht fhisiciúil suite;
| ii. an | leibhéal | leochaileachta do ghuaiseacha comhshaoil (e.g. guaiseacha a |
bhaineann le teocht, guaiseacha a bhaineann leis an ngaoth, guaiseacha a bhaineann le huisce, guaiseacha a bhaineann le mais sholadach) maidir le cásanna aeráide éagsúla agus conairí trasdula nó, i gcás SNCInna agus institiúidí neamh-mhóra eile, maidir le cás díobhálach amháin ar a laghad.
8 Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i ndáil le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 03.12.2020, lch. 17) – Rialachán maidir le Caighdeáin um Thagarmharcanna Aeráide – Aithris 6: Na hearnálacha a liostaítear i Ranna A go H agus i Roinn L d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|