+4.1 Measúnú ábharthachta
---+11. Mar chuid den mhodheolaíocht tagartha á húsáid ag institiúidí chun rioscaí ESG a shainaithint …
---+12. Ba cheart an measúnú ábharthachta ar rioscaí ESG a dhéanamh mar mheasúnú a bhaineann go sonrach …
---+13. Ba cheart go n-úsáidfí sa mheasúnú ábharthachta ar rioscaí ESG cur chuige rioscabhunaithe lena …
---+14. D’fhonn measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar ábharthacht rioscaí ESG, ba cheart d’institiúidí a …
---+15. Maidir leis an measúnú ábharthachta ar rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí úsáid a …
---+16. Ba cheart d’institiúidí mar chuid dá ICAAP bunús a thabhairt lena measúnuithe ábharthachta ar …
---+17. Ba cheart d’institiúidí modhanna tomhais, socruithe bainistithe riosca agus próisis phleanála …

4.1 Measúnú ábharthachta

4.1 Measúnú ábharthachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
11. Mar chuid den mhodheolaíocht tagartha á húsáid ag institiúidí chun rioscaí ESG a shainaithint …

Mar chuid den mhodheolaíocht tagartha á húsáid ag institiúidí chun rioscaí ESG a shainaithint agus a thomhas, atá le cur san áireamh ina straitéisí agus ina nósanna imeachta inmheánacha ba cheart d’institiúidí foráil a dhéanamh go gcuirfí measúnú ábharthachta ar rioscaí ESG i gcrích go rialta. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh gach bliain ar a laghad nó, i gcás institiúidí beaga agus neamhchasta (SNCInna), gach dhá bhliain. Ba cheart d’institiúidí, lena n-áirítear SNCInna, a measúnú a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn ní ba mhinice, áfach, i gcás athrú ábhartha ar a dtimpeallacht ghnó a bhaineann le tosca ESG, amhail beartais phoiblí nua shuntasacha nó athruithe ar shamhail ghnó, ar phunanna nó ar oibríochtaí na hinstitiúide.

12. Ba cheart an measúnú ábharthachta ar rioscaí ESG a dhéanamh mar mheasúnú a bhaineann go sonrach …

Ba cheart an measúnú ábharthachta ar rioscaí ESG a dhéanamh mar mheasúnú a bhaineann go sonrach le hinstitiúid lena dtabharfar léargas don institiúid ar ábharthacht airgeadais rioscaí ESG dá samhail ghnó agus dá próifíl riosca, agus mapáil ar fhachtóirí ESG agus ar bhealaí tarchurtha chuig catagóirí riosca airgeadais traidisiúnta ag gabháil leis mar thaca leis. Ba cheart go mbeadh an measúnú ábharthachta ar rioscaí ESG comhsheasmhach le measúnuithe ábharthachta eile arna ndéanamh ag an institiúid, go háirithe iad siúd a dhéantar chun rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha a nochtadh i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE6 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún7 , i gcás inarb infheidhme, agus ba cheart é a chomhtháthú isteach i measúnú ábharthachta ar an bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (ICAAP).


6 Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29/06/2013, lch. 19).

7 Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2023 lena bhforlíontar Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta (IO L, 2023/2772, 22.12.2023).

13. Ba cheart go n-úsáidfí sa mheasúnú ábharthachta ar rioscaí ESG cur chuige rioscabhunaithe lena …

Ba cheart go n-úsáidfí sa mheasúnú ábharthachta ar rioscaí ESG cur chuige rioscabhunaithe lena gcuirtear san áireamh an dóchúlacht go dtarlódh rioscaí agus an méid a d’fhéadfadh a bheith i gceist le héifeachtaí airgeadais rioscaí ESG sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma agus thar thréimhse fhadtéarmach deich mbliana ar a laghad.

14. D’fhonn measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar ábharthacht rioscaí ESG, ba cheart d’institiúidí a …

D’fhonn measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar ábharthacht rioscaí ESG, ba cheart d’institiúidí a áirithiú go léireofaí go leordhóthanach sa raon feidhme dá measúnú ábharthachta cineál, méid agus castacht dá gníomhaíochtaí, dá punanna, dá seirbhísí agus dá táirgí. Ba cheart d’institiúidí tionchar na rioscaí ESG ar na catagóirí riosca airgeadais traidisiúnta go léir a bhfuil siad neamhchosanta orthu a mheas, lena n-áirítear rioscaí creidmheasa, rioscaí margaidh, rioscaí leachtachta, rioscaí oibríochtúla (lena n-áirítear dlíthíocht), rioscaí clú, rioscaí maidir le samhail ghnó agus rioscaí comhchruinnithe. Agus rioscaí ábhartha ESG á gcinneadh, ba cheart breithniú a dhéanamh ar an tionchar atá acu ar chatagóirí riosca airgeadais chomh maith le breithniú a dhéanamh ar mhéideanna agus/nó ar scaireanna neamhchosaintí, ioncaim agus brabús atá neamhchosanta ar na rioscaí.

15. Maidir leis an measúnú ábharthachta ar rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí úsáid a …

Maidir leis an measúnú ábharthachta ar rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí úsáid a bhaint as faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil araon. Ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar raon feidhme sách mór d’fhachtóirí comhshaoil, ina measc, ar a laghad, fachtóirí a bhaineann leis an aeráid, díghrádú na n-éiceachóras agus caillteanas na bithéagsúlachta. Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar spreagaithe riosca a bhaineann le haistriú agus ar spreagaithe riosca fisiceacha araon, agus an méid seo a leanas ar a laghad á chur san áireamh:

  • a) I gcás rioscaí a bhaineann le haistriú:
i. napríomhearnálachaeacnamaíocha a dtacaíonn na sócmhainní maoinithe

leo nó ina bhfuil a phríomhghníomhaíochtaí ag contrapháirtí na hinstitiúide;

  • ii. athruithe ábhartha leanúnacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar bheartais phoiblí, ar theicneolaíochtaí agus ar thosaíochtaí margaidh (e.g. rialacháin chomhshaoil nua nó dreasachtaí cánach nua, teicneolaíochtaí ísealcharbóin nuálacha a fhorbairt, athruithe ar éileamh tomhaltóirí nó infheisteoirí);
  • iii. maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid:
1. 2.neamhchosaintí ar earnálacha a chuireann go mór leis an athrú aeráide mar a shonraítear in Aithris 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún i.e. na hearnálacha a liostaítear i Ranna A go H agus i Roinn L d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/20068 , agus aird ar leith á tabhairt ar neamhchosaintí ar eintitis san earnáil um breosla iontaise; méid ailínithe nó mí-ailínithe na bpunann a bhfuil na cuspóirí rialála ábhartha de na dlínsí ina n-oibríonn siad acu – do SNCInna agus d’institiúidí neamh-mhóra eile ar bhonn measúnú cáilíochtúil ardleibhéil ar a laghad;
  • b) Maidir le rioscaí fisiceacha:
  • i. na limistéir gheografacha ina bhfuil na príomhshócmhainní de chontrapháirtithe (e.g. láithreáin táirgthe) agus, go háirithe i gcás neamhchosaintí ar eastát réadach, an chomhthaobhacht fhisiciúil suite;
ii. anleibhéalleochaileachta do ghuaiseacha comhshaoil (e.g. guaiseacha a

bhaineann le teocht, guaiseacha a bhaineann leis an ngaoth, guaiseacha a bhaineann le huisce, guaiseacha a bhaineann le mais sholadach) maidir le cásanna aeráide éagsúla agus conairí trasdula nó, i gcás SNCInna agus institiúidí neamh-mhóra eile, maidir le cás díobhálach amháin ar a laghad.


8 Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i ndáil le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 03.12.2020, lch. 17) – Rialachán maidir le Caighdeáin um Thagarmharcanna Aeráide – Aithris 6: Na hearnálacha a liostaítear i Ranna A go H agus i Roinn L d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006

16. Ba cheart d’institiúidí mar chuid dá ICAAP bunús a thabhairt lena measúnuithe ábharthachta ar …

Ba cheart d’institiúidí mar chuid dá ICAAP bunús a thabhairt lena measúnuithe ábharthachta ar rioscaí ESG, agus doiciméadú a dhéanamh orthu, lena n-áirítear modheolaíochtaí agus tairseacha a úsáidtear, ionchuir agus tosca a bhreithnítear agus na príomhthorthaí agus na conclúidí ar thángthas orthu, conclúidí neamhábharthachta ina measc.

17. Ba cheart d’institiúidí modhanna tomhais, socruithe bainistithe riosca agus próisis phleanála …

Ba cheart d’institiúidí modhanna tomhais, socruithe bainistithe riosca agus próisis phleanála um aistriú a fhorbairt agus a chur chun feidhme, faoi seach de réir Roinn 4.2, Roinn 5 agus Roinn 6, atá i gcomhréir le torthaí an mheasúnaithe ábharthachta agus atá bunaithe orthu. Chuige sin, ba cheart go mbeadh socruithe ní b’fhairsinge agus ní ba shofaisticiúla ag institiúidí le haghaidh rioscaí ESG sainaitheanta mar rioscaí ábhartha. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh modheolaíochtaí tomhais riosca ESG agus na méadrachtaí faireacháin riosca ESG arna n-úsáid ag na hinstitiúidí a bheith mar thaca le agus mar bhonn eolais do nuashonruithe rialta ar an measúnú ábharthachta. Féadfaidh institiúidí beaga a bhfuil gníomhaíochtaí nach bhfuil chomh casta sin acu socruithe nach bhfuil chomh fairsing ná chomh sofaisticiúil sin a chur i bhfeidhm, ach ba cheart iad a bheith i gcomhréir le torthaí a measúnaithe ábharthachta ar rioscaí ESG.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/