+46. Ba cheart d’institiúidí a chinneadh cén teaglaim d’uirlisí bainistíochta riosca agus maolaithe …
|
46. Ba cheart d’institiúidí a chinneadh cén teaglaim d’uirlisí bainistíochta riosca agus maolaithe …
Ba cheart d’institiúidí a chinneadh cén teaglaim d’uirlisí bainistíochta riosca agus maolaithe is fearr a chuirfeadh leis sin, trí raon uirlisí a mheas, lena n áirítear an méid seo a leanas: - a) rannpháirtíocht le contrapháirtithe a bhfuil ‑ sé d’aidhm acu próifíl riosca an
chontrapháirtí a thuiscint ar bhealach níos fearr agus comhsheasmhacht a áirithiú le hinghlacthacht riosca agus cuspóirí straitéiseacha na hinstitiúide, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: - i. raon feidhme na gcontrapháirtithe ar cheart dóibh a bheith páirteach leo a chinneadh, agus torthaí an mheasúnaithe ábharthachta agus an phróisis tomhais riosca á gcur san áireamh;
- ii. idirphlé a bhunú leis na contrapháirtithe sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar a n athléimneacht i leith rioscaí ESG, agus an reachtaíocht earnála a
‑ 15 dhéanann difear do na contrapháirtithe sin agus aon phlean aistrithe atá forbartha acu á gcur san áireamh; - iii. i gcás inarb ábhartha agus inar féidir, faisnéis agus comhairle ábhartha a chur ar fáil do chliaint maidir le measúnú nó maolú a dhéanamh ar rioscaí ESG a bhfuil siad neamhchosanta orthu; agus
- iv. breithniú a dhéanamh ar raon gníomhartha a bhaineann go sonrach le contrapháirtí, amhail coigeartú ar thairiscint táirgí, comhaontú ar phlean agus gníomhartha feabhais chun tacú le hiarrachtaí um aistriú agus athléimneacht fheabhsaithe an chontrapháirtí, nó mar rogha deiridh scor den chaidreamh nuair a mheastar nach mbeadh leanúnachas ag luí le pleanáil agus inghlacthacht riosca na hinstitiúide.
- b) téarmaí airgeadais a choigeartú (e.g. lena n áirítear coimircí agus bearta ceartaitheacha arna gcomhaontú de réir conartha), coinníollacha (e.g. aibíocht) ‑ agus/nó praghsáil bunaithe ar chritéir a bhaineann le riosca ESG agus straitéis riosca agus beartas caipitil inmheánach na hinstitiúide;
- c) rioscaí ESG a bhreithniú agus beartais earnála á bhforbairt agus teorainneacha riosca domhanda, réigiúnacha agus earnála á leagan síos agus teorainneacha neamhchosanta agus straitéisí díghiarála chomh maith;
- d) éagsúlú punann iasachtaithe agus infheistíochta bunaithe ar chritéir ESG a bhaineann le riosca, e.g. i dtéarmaí earnálacha eacnamaíocha nó limistéar geografach;
- e) uirlisí bainistíochta riosca eile a mheastar a bheith iomchuí i gcomhréir le hinghlacthacht riosca na hinstitiúide, amhail ath-leithdháileadh féideartha de mhaoiniú idir earnálacha agus laistigh díobh i leith neamhchosaintí atá níos athléimní i gcoinne rioscaí ESG.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|