+5.1 Prionsabail bhainistithe riosca ESG
---+43. Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú sa chreat bainistithe riosca ar fud na hinstitiúide de …
---+44. Ba ‑ cheart d’institiúidí rioscaí ESG a leabú laistigh dá gcórais agus dá bpróisis rialta …
---+45. Ba cheart d’institiúidí cur chuige láidir agus fónta a fhorbairt maidir le rioscaí ESG a …
---+46. Ba cheart d’institiúidí a chinneadh cén teaglaim d’uirlisí bainistíochta riosca agus maolaithe …

5.1 Prionsabail bhainistithe riosca ESG

5.1 Prionsabail bhainistithe riosca ESG

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
43. Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú sa chreat bainistithe riosca ar fud na hinstitiúide de …

Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú sa chreat bainistithe riosca ar fud na hinstitiúide de réir mhír 152 de Threoirlínte ÚBE ar rialachas inmheánach, ba cheart d’institiúidí ról na rioscaí ESG a mheas mar spreagaithe féideartha gach catagóire traidisiúnta rioscaí airgeadais, lena n áirítear rioscaí creidmheasa, rioscaí margaidh, rioscaí leachtachta, rioscaí oibríochtúla (lena n áirítear dlíthíocht), rioscaí clú, rioscaí maidir le samhail ghnó agus rioscaí comhchruinnithe. ‑

44. Ba ‑ cheart d’institiúidí rioscaí ESG a leabú laistigh dá gcórais agus dá bpróisis rialta …

Ba ‑ cheart d’institiúidí rioscaí ESG a leabú laistigh dá gcórais agus dá bpróisis rialta bainistithe

riosca lena n áirithítear comhsheasmhacht lena straitéisí foriomlána gnó agus riosca, lena n áirítear pleananna i gcomhréir le hAirteagal 76(2) de Threoir 2013/36/AE mar a shonraítear ‑ tuilleadh i Roinn 6. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil cur chuige lán-chomhtháite acu ‑ ina ndéantar rioscaí ESG a ghabháil i gceart agus a mheas mar chuid de straitéisí, beartais agus teorainneacha bainistithe riosca. I gcás ina bhfuil socruithe sonracha i bhfeidhm ag institiúidí maidir le rioscaí ESG, ba cheart dóibh a áirithiú go léirítear é sin sa chreat bainistithe riosca rialta, agus go gcuirtear leis an gcreat sin.

45. Ba cheart d’institiúidí cur chuige láidir agus fónta a fhorbairt maidir le rioscaí ESG a …

Ba cheart d’institiúidí cur chuige láidir agus fónta a fhorbairt maidir le rioscaí ESG a bhainistiú agus a mhaolú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma agus thar thréimhse fhadtéarmach deich mbliana ar a laghad, agus na prionsabail a leagtar amach i mír 19 á gcur san áireamh.

46. Ba cheart d’institiúidí a chinneadh cén teaglaim d’uirlisí bainistíochta riosca agus maolaithe …

Ba cheart d’institiúidí a chinneadh cén teaglaim d’uirlisí bainistíochta riosca agus maolaithe is fearr a chuirfeadh leis sin, trí raon uirlisí a mheas, lena n áirítear an méid seo a leanas:

  • a) rannpháirtíocht le contrapháirtithe a bhfuil ‑ sé d’aidhm acu próifíl riosca an

chontrapháirtí a thuiscint ar bhealach níos fearr agus comhsheasmhacht a áirithiú le hinghlacthacht riosca agus cuspóirí straitéiseacha na hinstitiúide, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • i. raon feidhme na gcontrapháirtithe ar cheart dóibh a bheith páirteach leo a chinneadh, agus torthaí an mheasúnaithe ábharthachta agus an phróisis tomhais riosca á gcur san áireamh;
  • ii. idirphlé a bhunú leis na contrapháirtithe sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar a n athléimneacht i leith rioscaí ESG, agus an reachtaíocht earnála a

‑ 15 dhéanann difear do na contrapháirtithe sin agus aon phlean aistrithe atá forbartha acu á gcur san áireamh;

  • iii. i gcás inarb ábhartha agus inar féidir, faisnéis agus comhairle ábhartha a chur ar fáil do chliaint maidir le measúnú nó maolú a dhéanamh ar rioscaí ESG a bhfuil siad neamhchosanta orthu; agus
  • iv. breithniú a dhéanamh ar raon gníomhartha a bhaineann go sonrach le contrapháirtí, amhail coigeartú ar thairiscint táirgí, comhaontú ar phlean agus gníomhartha feabhais chun tacú le hiarrachtaí um aistriú agus athléimneacht fheabhsaithe an chontrapháirtí, nó mar rogha deiridh scor den chaidreamh nuair a mheastar nach mbeadh leanúnachas ag luí le pleanáil agus inghlacthacht riosca na hinstitiúide.
  • b) téarmaí airgeadais a choigeartú (e.g. lena n áirítear coimircí agus bearta ceartaitheacha arna gcomhaontú de réir conartha), coinníollacha (e.g. aibíocht) ‑ agus/nó praghsáil bunaithe ar chritéir a bhaineann le riosca ESG agus straitéis riosca agus beartas caipitil inmheánach na hinstitiúide;
  • c) rioscaí ESG a bhreithniú agus beartais earnála á bhforbairt agus teorainneacha riosca domhanda, réigiúnacha agus earnála á leagan síos agus teorainneacha neamhchosanta agus straitéisí díghiarála chomh maith;
  • d) éagsúlú punann iasachtaithe agus infheistíochta bunaithe ar chritéir ESG a bhaineann le riosca, e.g. i dtéarmaí earnálacha eacnamaíocha nó limistéar geografach;
  • e) uirlisí bainistíochta riosca eile a mheastar a bheith iomchuí i gcomhréir le hinghlacthacht riosca na hinstitiúide, amhail ath-leithdháileadh féideartha de mhaoiniú idir earnálacha agus laistigh díobh i leith neamhchosaintí atá níos athléimní i gcoinne rioscaí ESG.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/