+5.3 Inghlacthacht riosca
---+50. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú lena n inghlacthacht riosca go ndéantar rioscaí ESG atá mar …
---+51. Ba cheart an inghlacthacht riosca a chur chun feidhme le tacaíocht ó KRInna a bhaineann le ESG …
---+52. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go dtuigfidh gach eintiteas grúpa ábhartha agus gach líne …
---+53. Ba cheart go mbeadh inghlacthacht riosca na hinstitiúide agus na KRInna gaolmhara faoi réir …

5.3 Inghlacthacht riosca

5.3 Inghlacthacht riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
50. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú lena n inghlacthacht riosca go ndéantar rioscaí ESG atá mar …

Ba cheart d’institiúidí a áirithiú lena n inghlacthacht riosca go ndéantar rioscaí ESG atá mar chuid dá bhfardal riosca tar éis an mheasúnaithe ábharthachta a shainiú go soiléir agus ‑ aghaidh a thabhairt orthu go soiléir. Ba cheart go sonrófaí san inghlacthacht riosca leibhéal agus cineálacha na n institiúidí rioscaí ESG atá toilteanach glacadh leo ina bpunann, lena n áirítear maidir le cuspóirí comhchruinnithe agus éagsúlaithe na punainne. Ba cheart go ‑ mbeadh comhtháthú rioscaí ESG san inghlacthacht riosca comhsheasmhach le cuspóirí agus ‑ gealltanais straitéiseacha na hinstitiúide agus leis na pleananna agus na spriocanna a shonraítear faoi Roinn 6.

51. Ba cheart an inghlacthacht riosca a chur chun feidhme le tacaíocht ó KRInna a bhaineann le ESG …

Ba cheart an inghlacthacht riosca a chur chun feidhme le tacaíocht ó KRInna a bhaineann le ESG, lena n áirítear, e.g. teorainneacha, tairseacha nó eisiaimh féideartha. D’fhonn KRInna ábhartha agus iomchuí a chinneadh, ba cheart d’institiúidí torthaí a measúnaithe ‑ ábharthachta agus gnéithe sonracha a samhla gnó a chur san áireamh, agus línte gnó, gníomhaíochtaí, táirgí agus neamhchosaintí ábhartha i leith earnálacha eacnamaíocha agus geografaíochtaí, lena n áirítear dlínsí agus limistéir gheografacha níos gráinní, á gcur san áireamh. Ba cheart d’institiúidí na méadrachtaí atá liostaithe i Roinn 5.7 a mheas agus ‑ cinneadh á dhéanamh acu maidir le cé na KRInna roghnaithe a úsáidfear ina gcreat inghlacthachta riosca.

52. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go dtuigfidh gach eintiteas grúpa ábhartha agus gach líne …

Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go dtuigfidh gach eintiteas grúpa ábhartha agus gach líne ghnó ábhartha agus gach aonad ábhartha gnó a bhfuil riosca ag baint leo inghlacthacht riosca na hinstitiúide i dtéarmaí rioscaí ESG agus go gcuirfidh siad chun feidhme i gceart í. Go háirithe, maidir le hinstitiúidí móra, ba cheart teorainneacha riosca a shocrú ar leibhéil éagsúla laistigh den institiúid, agus comhsheasmhacht leis an inghlacthacht riosca foriomlán á háirithiú, agus ba cheart breithnithe riosca ESG a dhaingniú i ndáil leis na táirgí nó na hionstraimí airgeadais arna n eisiúint, arna dtionscnamh nó arna sealbhú ag an institiúid, agus i ndáil le deighleoga cliaint, le cineál comhthaobhachta agus le hionstraimí maolaithe riosca. ‑

53. Ba cheart go mbeadh inghlacthacht riosca na hinstitiúide agus na KRInna gaolmhara faoi réir …

Ba cheart go mbeadh inghlacthacht riosca na hinstitiúide agus na KRInna gaolmhara faoi réir próiseas faireacháin agus géaraithe mar atá leagtha amach i mír 80.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/