+6.1 Prionsabail uileghabhálacha
---+84. Is toradh iad pleananna arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 76(2) de Threoir 2013/36/AE …
---+85. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go dtugtar aghaidh ina bpleananna ar ghnéithe bainistithe …
---+86. Ba cheart d’institiúidí a chinntiú go bhfuil a bpleananna agus a spriocanna dea-chomhtháite ina …
---+87. I bhfianaise oibleagáid na n institiúidí a áirithiú go bhfuil socruithe, próisis agus sásraí a …
|
6.1 Prionsabail uileghabhálacha
6.1 Prionsabail uileghabhálacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
84. Is toradh iad pleananna arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 76(2) de Threoir 2013/36/AE …
|
Is toradh iad pleananna arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 76(2) de Threoir 2013/36/AE ar an bpróiseas pleanála um aistriú a leagtar amach i Roinn 6.3 agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar anailís réamhbhreathnaitheach ar an timpeallacht ghnó agus ar phróiseas cuimsitheach pleanála straitéisí laistigh d’institiúidí. Ba cheart dóibh forléargas a thabhairt ar na gníomhaíochtaí straitéiseacha agus ar na huirlisí bainistithe riosca arna n imscaradh ag institiúidí chun a léiriú conas a áirithíonn siad a stóinseacht i leith rioscaí ESG agus ullmhacht ‑ don aistriú i dtreo geilleagar a bheidh athléimneach ó thaobh an chomhshaoil agus aeráide de agus níos inbhuanaithe.
|
|
85. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go dtugtar aghaidh ina bpleananna ar ghnéithe bainistithe …
|
Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go dtugtar aghaidh ina bpleananna ar ghnéithe bainistithe riosca réamhbhreathnaitheacha ESG agus ag an am céanna iad a bheith comhsheasmhach le ceanglais infheidhme eile lena n áirítear iad siúd a bhaineann le dícheall cuí, tuairisciú inbhuanaitheachta, agus gníomhaíochtaí straitéiseacha chun comhoiriúnacht samhlacha gnó ‑ leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a áirithiú. Go háirithe, ba cheart go n áireofaí sna pleananna cuspóirí, gníomhartha agus spriocanna maidir le samhail ghnó agus straitéis na ‑ hinstitiúide atá comhsheasmhach leis na pleananna arna nochtadh de bhun Airteagal 19a nó Airteagal 29a de Threoir 2013/36/AE, i gcás inarb infheidhme, agus le cuspóirí nó gealltanais a bhaineann le ESG a cheanglaítear ar institiúidí a chomhlíonadh le dlí nó le rialachán, chomh maith leo siúd atá leagtha síos go deonach acu. I gcás ina nochtann institiúidí pleananna i gcomhréir le hAirteagal 19a mír 2 (a) (iii) nó le hAirteagal 29a mír 2 (a) (iii) de Threoir 2013/36/AE, ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis ábhartha atá ar fáil cheana féin a athúsáid mar chéad chéim.
|
|
86. Ba cheart d’institiúidí a chinntiú go bhfuil a bpleananna agus a spriocanna dea-chomhtháite ina …
|
Ba cheart d’institiúidí a chinntiú go bhfuil a bpleananna agus a spriocanna dea-chomhtháite ina straitéisí gnó agus go bhfuil siad ailínithe agus comhsheasmhach lena straitéisí riosca agus maoinithe, lena n inghlacthacht riosca, lena ICAAP agus lena gcreat bainistithe riosca mar atá leagtha amach i Roinn 5. Ba cheart go léireofaí cineál, méid agus castacht ghníomhaíocht na ‑ n institiúidí agus a measúnú ábharthachta ar rioscaí ESG i bhfairsingiúlacht na socruithe rialachais, sna próisis pleanála aistrithe, agus i méid sofaisticiúlachta chuspóirí, spriocanna ‑ agus mhéadrachtaí na bpleananna.
|
|
87. I bhfianaise oibleagáid na n institiúidí a áirithiú go bhfuil socruithe, próisis agus sásraí a …
|
I bhfianaise oibleagáid na n institiúidí a áirithiú go bhfuil socruithe, próisis agus sásraí a bhaineann lena bpleananna comhsheasmhach agus dea-chomhtháite, lena n áirítear ina ‑ bhfochuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas, agus oibleagáid na bhfochuideachtaí sin ‑ a bheith in ann sonraí agus faisnéis a tháirgeadh atá ábhartha don chuspóir maoirseacht a dhéanamh ar phleananna comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 109(2) de Threoir 2013/36/AE, ba cheart do mháthairinstitiúidí rioscaí ESG a chur san áireamh a bhfuil fochuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas nochta go hábhartha dóibh agus an plean comhdhlúite á mhionsaothrú agus á chur chun feidhme acu, trí aird a thabhairt ar an reachtaíocht áitiúil is infheidhme agus ar chuspóirí rialála ESG, agus ba cheart go mbeadh sé de chumas acu cur chuige comhdhlúite eolasach a léiriú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|