+17. I gcás punainne ina bhfuil neamhchosaintí urrúsaithe, ba cheart an measúnú ar chomhlíonadh …
|
17. I gcás punainne ina bhfuil neamhchosaintí urrúsaithe, ba cheart an measúnú ar chomhlíonadh …
I gcás punainne ina bhfuil neamhchosaintí urrúsaithe, ba cheart an measúnú ar chomhlíonadh choinníoll an éagsúlaithe dá dtagraítear i mír 11 a dhéanamh maidir leis na neamhchosaintí miondíola atá mar bhunús leis an urrúsú amhail is nach ndearnadh na neamhchosaintí foluiteacha sin a urrúsú, i gcomhréir le hAirteagal 255(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá bhrí sin, níor cheart ríomh na gcóimheas dá dtagraítear i míreanna 11 agus 12 a dhéanamh le haghaidh phunann iomlán neamhchosaintí miondíola incháilithe na hinstitiúide, ach ba cheart é a dhéanamh ar leithligh le haghaidh trí fhophunann. Go sonrach: - a) Maidir leis an bhfophunann atá comhdhéanta de neamhchosaintí neamhurrúsaithe, níor cheart ach neamhchosaintí neamhurrúsaithe a áireamh san uimhreoir agus san ainmneoir.
- b) Maidir leis an bhfophunann atá comhdhéanta de neamhchosaintí urrúsaithe ina ngníomhaíonn an institiúid mar thionscnóir, ba cheart na neamhchosaintí urrúsaithe sin agus na neamhchosaintí neamhurrúsaithe uile araon a áireamh san uimhreoir agus san ainmneoir .
- c) Maidir leis an bhfophunann atá comhdhéanta de neamhchosaintí urrúsaithe ina ngníomhaíonn an institiúid mar infheisteoir, níor cheart ach na neamhchosaintí urrúsaithe foluiteacha a áireamh san uimhreoir agus san ainmneoir.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|