+Airteagal 230 1.
|
Airteagal 230 1.
Faoi Chur Chuige IRB, seachas i gcás na neamhchosaintí sin a thagann faoi raon feidhme Airteagal 220, is é an LGD éifeachtach (LGD*) an LGD a úsáidfidh institiúidí chun críocha Chaibidil 3 chun cosaint creidmheasa chistithe atá incháilithe de bhun na Caibidle seo a aithint. Déanfaidh institiúidí LGD * a ríomh mar a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
E
|
= luach na neamhchosanta sula gcuirtear san áireamh éifeacht na cosanta creidmheasa cistithe; i gcás neamhchosanta arna hurrú ag comhthaobhacht airgeadais incháilithe i gcomhréir leis an gCaibidil seo, ríomhfar an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 223(3); i gcás na n-urrús arna n-iasachtú nó arna mbreacadh, beidh an méid sin cothrom leis an airgead tirim nó leis na hurrúis arna n-iasachtú nó arna mbreacadh; i gcás na n-urrús arna n-iasachtú nó arna mbreacadh, méadófar luach na neamhchosanta tríd an gcoigeartú luaineachta (HE) a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 223 go 227;
|
|
ES
|
= luach reatha na cosanta creidmheasa cistithe arna fáil tar éis chur i bhfeidhm an choigeartaithe luaineachta is infheidhme maidir leis an gcineál sin cosanta creidmheasa cistithe (HC) agus tar éis chur i bhfeidhm an choigeartaithe luaineachta le haghaidh neamhréireanna airgeadra (Hfx) idir an neamhchosaint agus an chosaint creidmheasa chistithe, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3; déanfar ES a uasteorannú ag an luach seo a leanas: E·(1+HE);
|
|
LGDU
|
= an LGD is infheidhme maidir le neamhchosaint gan urrús mar a leagtar amach in Airteagal 161(1);
|
|
LGDS
|
= an LGD is infheidhme maidir le neamhchosaintí arna n-urrú leis an gcineál incháilithe cosanta creidmheasa cistithe arna úsáid san idirbheart, mar a shonraítear i mír 2, Tábla 1.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|