|
+Airteagal 458 2. |
Airteagal 458 2.I gcás ina sainaithníonn an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo athruithe maidir le déine an phriacail shistéamaigh nó an phriacail macrastuamachta sa chóras airgeadais a d'fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith acu ar an gcóras airgeadais agus ar an ngeilleagar iarbhír i mBallstát sonrach a measfaidh an t-údarás sin nach bhféadfar aghaidh a thabhairt orthu trí bhíthin uirlisí macrastuamachta eile, ar uirlisí iad a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE, chomh héifeachtach céanna agus a fhéadfar trí bhearta náisiúnta níos doichte a chur chun feidhme, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus do BERS. Cuirfidh BERS an fógra ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig ÚBE gan mhoill. Beidh na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis an bhfógra sin agus cuimseofar ann, i gcás inarb iomchuí, fianaise ábhartha, bíodh sí cainníochtúil nó cáilíochtúil, faoin méid seo a leanas:
(a)
athruithe maidir le déine an phriacail shistéamaigh nó an phriacail macrastuamachta;
(b)
na cúiseanna a bhféadfadh athruithe den chineál sin bagairt a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais ar leibhéal náisiúnta nó ar an ngeilleagar iarbhír;
(c)
míniú ar an bhfáth a measann an t-údarás nach mbeadh na huirlisí macrastuamachta a leagtar amach in Airteagal 124 agus Airteagal 164 den Rialachán seo agus in Airteagal 133 agus Airteagal 136 de Threoir 2013/36/AE chomh hoiriúnach agus chomh héifeachtach agus a bheadh na dréachtbhearta náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo chun dul i ngleic leis na ►C12 riosca ◄ sin;
(d)
na dréachtbhearta náisiúnta d'institiúidí atá údaraithe sa bhaile, nó fothacar de na hinstitiúidí sin, chun na hathruithe i ndéine an phriacail agus na hathruithe lena mbaineann an méid a leanas a mhaolú:
(i)
leibhéal na gcistí dílse atá leagtha síos in Airteagal 92;
(ii)
na ceanglais i gcomhair ►C12 neamhchosainti ◄ móra a leagtar síos in Airteagal 392 agus in Airteagal 395 go 403;
(iii)
ceanglais maidir le leachtacht a leagtar síos i gCuid a Sé;
(iv)
ualuithe ►C12 riosca ◄ chun díriú ar bholgáin sócmhainní in earnáil na maoine cónaithí agus na maoine tráchtála dochorraithe;
(v)
na ceanglais maidir le nochtadh poiblí a leagtar síos i gCuid a hOcht;
(vi)
leibhéal an an mhaoláin chaomhnaithe mar a leagtar síos in Airteagal 129 de Threoir 2013/36/AE é; nó
(vii)
►C12 neamhchosainti ◄ inearnála airgeadais;
(e)
míniú ar an bhfáth a measann na húdaráis a ainmníodh i gcomhréir le mír 1 go bhfuil na dréachtbhearta sin oiriúnach, éifeachtach agus comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar an gcás; agus
(f)
measúnú ar thionchar dóchúil dearfach nó diúltach na ndréachtbheart ar an margadh aonair bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil don Bhallstát lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|