+Airteagal 9 Measúnú ar an mbeartas maidir le táirgí nua
---+Airteagal 9 (a)
---+Airteagal 9 (b)
---+Airteagal 9 (c)
---+Airteagal 9 (d)
---+Airteagal 9 (e)
---+Airteagal 9 (f)
---+Airteagal 9 (g)
---+Airteagal 9 (h)
---+Airteagal 9 (i)

Airteagal 9 Measúnú ar an mbeartas maidir le táirgí nua

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na beartais inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 leordhóthanach chun aon táirge nua a thabhairt isteach, lena n-áirítear ionstraimí nua airgeadais, gníomhaíochtaí nua, margaí nua, suíomhanna nua breactha nó línte nua gnó, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 (a)

rinne an t-aonad rialaithe riosca doiciméadú ar bheartas maidir le táirgí nua agus d’fhormheas an comhlacht bainistíochta an beartas sin, lena n-áirítear sainmhíniú ar ‘tháirge nua’;

Airteagal 9 (b)

sa struchtúr coistí inmheánacha tá coiste (‘coiste um tháirgí nua’) a dhéanann measúnú, rialú agus faireachán ar na saincheisteanna uile a eascraíonn as táirgí nua a thabhairt isteach, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha:

(i)

measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht rialála;

(ii)

athbhreithniú a dhéanamh ar aon samhail phraghsála a úsáidtear chun críoch riosca;

(iii)

na paraiméadair mhargaidh atá le húsáid chun críoch calabraithe, an chaoi a bhfuil an calabrú le déanamh agus a mhinice a thabharfar an calabrú cothrom le dáta a shonrú;

(iv)

aon mhodheolaíocht nua a thabhairt isteach chun measúnú a dhéanamh ar riosca margaidh;

(v)

measúnú a dhéanamh ar na tionchair ar an leibhéal riosca is inghlactha, ar leordhóthanacht caipitil agus ar bhrabúsacht;

(vi)

a áirithiú go bhfuil acmhainní oifige tosaigh, cúloifige agus lároifige agus uirlisí inmheánacha agus saineolas ar fáil lenar féidir tuiscint a fháil ar aon riosca nua bainteach agus faireachán a dhéanamh orthu;

(vii)

na srianta i dtéarmaí aibíochtaí, sócmhainní foluiteacha, contrapháirtithe agus teorainneacha inmheánacha ar an táirge nua sin a shonrú agus a mholadh don chomhlacht bainistíochta;

(viii)

measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht na scéimeanna cuntasaíochta agus a áirithiú go dtugann an tuairisciú inmheánach léiriú iomchuí ar na rioscaí foluiteacha;

Airteagal 9 (c)

údaraíonn an comhlacht bainistíochta, bunaithe ar mheasúnú arna dhéanamh ag an gcoiste um tháirgí nua, trádáil táirgí nua;

Airteagal 9 (d)

i gcás ina dtarmligfidh an comhlacht bainistíochta an cúram údarúcháin chuig an gcoiste um tháirgí nua:

(i)

méid an táirge nua a cheadaítear, tá sé sriantach a dhóthain chun aon chaillteanas ábhartha a eascraíonn as táirgí nua den sórt sin a chosc, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tréimhsí trialach níos giorra le haghaidh táirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (c);

(ii)

déantar an t-údarú a tharmligean ar leithligh i gcás gach cineál táirge nua agus ar feadh tréimhse theoranta ama i gcónaí, nach faide ná 6 mhí;

(iii)

má athnuann an comhlacht bainistíochta an t-údarú, ní athnuann sé ach uair amháin é;

(iv)

tar éis tréimhse 1 bhliain amháin, tugtar aghaidh ar na saincheisteanna ábhartha uile dá dtagraítear i bpointe (b), nó ní cheadaítear aon trádáil bhreise sa táirge nua sin;

Airteagal 9 (e)

in éagmais formheas sonrach ón gcoiste um tháirgí nua, ní údaraítear do na réimsí gnó táirgí nua a thrádáil sula dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointe (b);

Airteagal 9 (f)

sna cásanna sonracha ina gceadaítear do thrádálaithe táirgí nua nach gcomhlíonann pointe (b) a thrádáil, formheasann an coiste um tháirgí nua na hidirbhearta ar bhonn aonair agus laistigh de na teorainneacha dá dtagraítear i bpointe (d)(i);

Airteagal 9 (g)

tagann an coiste um tháirgí nua le chéile minic a dhóthain chun meastóireacht agus formheas a dhéanamh ar aon idirbheart i ndáil le táirge nua agus chun faireachán a dhéanamh ar na saincheisteanna uile dá dtagraítear in bpointe (b) a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na hidirbhearta sin;

Airteagal 9 (h)

déantar faireachán ar idirbhearta ar bhonn aonair go dtí go dtugtar aghaidh go hiomlán ar na saincheisteanna uile dá dtagraítear i bpointe (b) agus, bunaithe ar mheasúnú arna dhéanamh ag an gcoiste um tháirgí nua, go dtí go ndeimhníonn an comhlacht bainistíochta gur ionchorpraíodh na hidirbhearta ina n-iomláine isteach i ngach córas TF ábhartha agus go rialaítear iad tríd an ngnáthchóras bainistithe riosca;

Airteagal 9 (i)

déantar gach táirge nua, gan beann ar a mhéid atá sé ionchorpraithe i gcórais TF, a ríomh sa tsamhail tomhais riosca inmheánach agus sna hathruithe laethúla ar luach na punainne a úsáidtear chun críoch cúltástála agus tástála sannta brabúis agus caillteanais araon.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas