+Airteagal 59 2
|
Airteagal 59 2
2. Sna cásanna seo a leanas, ní shainaithneofar ach aicme na dtairbhithe agus a saintréithe:
|
(a)
|
scéimeanna pinsin a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341;
|
|
(b)
|
scéimeanna úinéireachta airgeadais nó rannpháirtíochta fostaithe, ar choinníoll gur bhain na Ballstáit, tar éis measúnú riosca iomchuí a dhéanamh, de thátal gur riosca íseal mí-úsáide le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta atá ann;
|
|
(c)
|
eintitis dhlítheanacha atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite faoi Airteagal 57, iontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla faoi Airteagal 58, ar choinníoll:
|
(i)
|
go gcuirtear an t-eintiteas dlítheanach, an t-iontaobhas sainráite nó an socrú dlíthiúil comhchosúil ar bun chun críche neamhbhrabúis nó chun críche carthanachta; agus
|
|
(ii)
|
tar éis measúnú riosca iomchuí a dhéanamh, bhain na Ballstáit de thátal gur riosca íseal atá ann go mbainfear mí-úsáid as catagóir an eintitis dhlítheanaigh, as an iontaobhas sainráite nó as socrú dlíthiúil comhchosúil le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.
|
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|